Faigh Acmhainní

Tá roinnt acmhainní múinteoireachta maidir le sábháilteacht Idirlín curtha le chéile ag foireann Webwise. Tá na hacmhainní ar fáil duitse, do do scoil nó do d’eagraíocht saor in aisce. Is féidir iad a úsáid chun cabhrú le daoine óga foghlaim faoin méid a theastaíonn chun na meáin nua a úsáid go sábháilte, go slán agus ar bhealach dearfach. Tá acmhainní breise maidir le sábháilteacht Idirlín ar fáil lena n-íoslódáil ó na leathanaigh Treoirleabhair do Thuismitheoirí agus Beartas Scoile.

acmhainní sábháilteacht Idirlín cibearbhulaíocht #up2us osps

Paca Uirlisí Frithbhulaíochta ##Up2Us: Glac na chéad bhearta chun an lámh in uachtar a fháil ar an mbulaíocht i do phobal trí Phaca Uirlisí Frithbhulaíochta #Up2Us saor in aisce a ordú inniu. Istigh sa phaca uirlisí gheobhaidh tú gníomhaíochtaí chun dul i ngleic leis an mbulaíocht, greamáin dhathannacha  agus soláthairtí chun feachtais  phóstaeir idirghníomhaigh  a chruthú. San áireamh freisin tá an  Lámhleabhar do Mhúinteoirí  ar Fhrithbhulaíocht de chuid #Up2Us ina bhfuil smaointe faoi cheachtanna do OSPS na Sraithe Sóisearaí

Ordaigh cruachóip saor in aisce

 

Lámhleabhar Webwise do Mhúinteoirí Bunscoileacmhainní sábháilteacht Idirlín webwise bunscoil (ar fáil as Gaeilge): Dearadh Clár Bunscoile Webwise le haghaidh múinteoirí bunscoile ar mian leo sábháilteacht Idirlín a thabhairt isteach san OSPS. Múineann na hacmhainní na scileanna a theastaíonn ó pháistí chun an tIdirlíon a scimeáil. Breathnaítear ar bhealaí le cumarsáid a dhéanamh go héifeachtach freisin

Ordaigh cruachóip saor in aisce nó  Download Webwise Primary Programme

 

Think B4U Clickacmhainní teagasc príobháideachas ar líne ossp tionscadal gníomhaíochta: Rinneadh forbairt ar ThinkB4UClick i gcomhar leis an ICCL. Ceapadh é go sonrach do mhúinteoirí OSPS an Teastais Shóisearaigh. Déanann ThinkB4UClick scrúdú ar cheist an phríobháideachais ar líne ó thaobh cearta agus freagrachtaí ar líne de. Is é príomhaidhm na hacmhainne seo daltaí a chumasú le bheith ina n-úsáideoirí éifeachtacha, féinriartha agus sábháilte ar na meáin nua

Ordaigh cruachóip saor in aisce nó  Download ThinkB4UClick

 

acmhainní teagasc sábháilteacht Idirlín líonrú sóisialta

Be Safe Be Webwise: Acmhainn teagaisc is ea Be Safe Be Webwise a bhfuil mar aidhm aici príomhscileanna sábháilteacht Idirlín a chur chun cinn i measc daltaí iar-bhunscoile OSPS sa tSraith Shóisearach.

Download Be Safe Be Webwise

 

 

acmhainní garda scoileanna bunscoil cumarsáid ar líneCumarsáid ar Líne le MeasMar chuid de Chlár Scoileanna na nGardaí a chuireann Gardaí pobail na cainteanna seo i láthair. Tá na cainteanna i leith “Cumarsáid ar Líne le Meas” dírithe ar dhaltaí i rang a cúig. Clúdaíonn siad raon topaicí lena n-áirítear cibearbhulaíocht agus ceisteanna ginearálta slándála agus sábháilteachta ar líne.

Más mian leat teacht ar cheann de na cainteanna sin, déan teagmháil leis an stáisiún Gardaí is gaire duit, nó le Clár Scoileanna na nGardaí ar 01 6663891.

 

acmhainní teagasc sábháilteacht Idirlín déagóirí

Web We Want: Lámhleabhar oideachasúil atá ceaptha dóibh siúd idir 13-16 bliana d’aois atá i gceist le Web We Want a forbraíodh i gcomhar le daoine óga. Ach úsáid a bhaint as Web We Want, tig leat níos mó a fhoghlaim faoi do chuid ceart ar líne agus leideanna a chruthú agus a roinnt le daoine óga ar fud an domhain.
Download Web We Want

 

 

acmhainní garda scoileanna cibearbhulaíocht nasc le meas

Nasc le Meas: Arna fhorbairt le Clár Scoileanna na nGardaí, cuidíonn an paca “Nasc le Meas” le daltaí in iar-bhunscoileanna tuiscint a fháil ar an tionchar is féidir le cibearbhulaíocht a imirt ar dhaoine éagsúla, agus a aithint nach féidir glacadh le cibearbhulaíocht.

Más mian leat teacht ar cheann de na cainteanna sin, déan teagmháil leis an stáisiún Gardaí is gaire duit, nó le Clár Scoileanna na nGardaí ar 01 6663891.

 

acmhainní Lá na Sábháilteachta Idirlín bunscoil teagasc

Gníomhaíochtaí Lá na Sábháilteachta Idirlín le haghaidh Ranganna Bunscoile: An bhfuil tú ag tóraíocht rud éigin le déanamh le do rang bunscoile chun Lá na Sábháilteachta Idirlín 2014 a cheiliúradh? Seo chugat é! Seo cúpla gníomhaíocht spraíúil is féidir a thriail le do rang.

 

 

**Tabhair faoi deara go bhféadfadh sé a bheith deacair acmhainní a sholáthar i scoileanna tráth laethanta saoire. Más mian leat d’acmhainní saor in aisce a fháil roimh Mheán Fómhair, tabhair seoladh baile agus uimhir ghutháin phearsanta.**

 

IARRATAS AR ACMHAINNÍ


[contact-form-7 id=”1688″ title=”Resource Form”]

 

Talk to someone

Worried about something you have seen online or concerned about your child? Childline and the National Parents Council Primary offer free advice and support service.

Childline is a support service for young people up to the age of 18.There is a 24hr telephone, online and mobile phone texting service.

1800666666
50101
Get started


The National Parents Council Primary enables and empowers parents to be effective partners in their children’s education.

01 887 4477
helpline@npc.ie

Report Illegal Content

Sometimes you might unwittingly stumble across illegal online content like child abuse imagery. Always remember: you can report it and get it removed using Hotline.ie.

More on illegal content

Make a report


Hotline.ie exists to combat the distribution and proliferation of illegal content, like child sexual
abuse content, in conjunction with police and Internet Industry