Be Safe Be Webwise

Be Safe Be Webwise

Acmhainn teagaisc is ea Be Safe Be Webwise a bhfuil sé mar aidhm aige scileanna sábháilteacht Idirlín i measc daoine óga a chur chun cinn.

Forbraíodh é le bheith mar chuid den churaclam Oideachais Shóisialta, Phearsanta agus Sláinte (OSPS) agus dearadh é chun daoine óga a chumasú le bheith ina n-úsáideoirí sábháilte, éifeachtacha agus neamhspleácha Idirlín ar feadh a saoil.

D’fhorbair an tIonad Náisiúnta do Theicneolaíocht san Oideachas é i gcomhar le Seirbhís Tacaíochta OSPS agus príomhacmhainn é maidir le sábháilteacht Idirlín do mhúinteoirí OSPS.

Dearadh an acmhainn chun deis a thabhairt do dhaltaí a gcuid tuairimí agus a gcuid sábháilteachta a fhiosrú agus iad ag baint úsáide as an Idirlíon.

Áirítear leis an acmhainn roinnt príomhcheachtanna ina bpléitear le raon réimsí tábhachtacha.

I measc na n-ábhar a chuimsítear tá cibearbhulaíocht, cearta agus freagrachtaí ar líne, príobháideachas ar líne, chomh maith le tacaí chun an tábhacht a bhaineann le feasacht chriticiúil ar an Idirlíon a mhúineadh do dhaltaí.

Tá gluais de théarmaí Idirlín ann freisin, atá úsáideach do mhúinteoir ar bith nach bhfuil go hiomlán ar an eolas faoi chuid de na treochtaí Idirlín.

Tá póstaeir ann freisin is féidir le múinteoirí a thaispeáint ina seomraí ranga a chinntíonn go gcuirtear príomhtheachaireacht na hacmhainne in iúl go soiléir.

Chun an acmhainn a íoslódáil cliceáil anseo, nó ar an íomhá thuas nó feic thíos.