Do AUP a nuashonrú

Do AUP a nuashonrú

Cén chaoi ar féidir linn a chinntiú go bhfuil an Polasaí Úsáide Inghlactha (AUP) cothrom le dáta agus éifeachtach?

Le go mbeidh AUP do scoile éifeachtach, caithfidh sé a bheith curtha in oiriúint do shainriachtanais na scoile. Ní leor ainm na scoile a chur ar theimpléad de pholasaí. Bheadh easpa ábharthachta, úinéireachta agus údaráis ann agus d’fhéadfadh sé sin an scoil a fhágáil i mbaol rioscaí.

Ba chóir athbhreithniú agus nuashonrú a dhéanamh ar an bpolasaí go rialta.

Sa chás is fearr, is iad na príomhpháirtithe leasmhara a dhréachtóidh an AUP: foireann na scoile, daltaí agus a dtuismitheoirí agus an Bord Bainistíochta. Ba chóir athbhreithniú agus nuashonrú a dhéanamh ar an bpolasaí go rialta. Ós rud é go mbíonn an teicneolaíocht ag athrú an-sciobtha i gcónaí, ní mór don scoil a chinntiú go leanfaidh an polasaí agus na nósanna imeachta ann de bheith éifeachtach.

An AUP Sábháilteachta Idirlín a nuashonrú

Cuimhnigh ar an méid seo a leanas nuair a bhíonn an polasaí á leasú nó á nuashonrú agat:

  • An bhfuil an polasaí nasctha le polasaithe eile scoile, mar shampla an Polasaí Cosanta Leanaí; an Polasaí Frithbhulaíochta; an Polasaí um Obair Bhaile; an Polasaí Sláinte agus Sábháilteachta agus an Polasaí Iompraíochta?
  • An dtugann an polasaí aghaidh ar na ceisteanna uile a bhaineann leis an tsábháilteacht Idirlín sa scoil? An bhfuil fóin chliste, breiseáin Wi-Fi agus gléasanna pearsanta eile a bhfuil teacht ar an Idirlíon tríothu san áireamh ann?
  • An dtuigeann na daltaí an polasaí? An bhfuil fáil éasca ag na daltaí ar an bpolasaí agus teanga shimplí ann a mhíníonn a gcearta agus a bhfreagrachtaí go soiléir?
  • An dtugann gach múinteoir seomra ranga agus gach duine den fhoireann acmhainní agus riachtanas speisialta oideachais tacaíocht don pholasaí? An dtacaíonn na tuismitheoirí leis?
  • An bhfuil nósanna imeachta soiléire sa pholasaí atá le leanúint i gcásanna mí-úsáide?
  • An bhfuil an fhoireann uile feasach ar an tsábháilteacht Idirlín? An dtuigeann siad cé na freagrachtaí atá orthu féin go pearsanta agus iad ag déileáil le cineálacha áirithe mí-úsáide?   An bhfuil siad ar an eolas faoin dea-chleachtas maidir leis an úsáid a bhaineann siad féin as suíomhanna líonraithe shóisialta?

An AUP agus na daltaí

Ní mór don scoil a chinntiú go bhfuil fáil éasca ag na daltaí ar na codanna sin den pholasaí a bhaineann leo agus go bhfuil teanga shimplí ann a mhíníonn a gcearta agus a bhfreagrachtaí go soiléir. Cuireann go leor scoileanna Rialacha i dtaobh Úsáid Fhreagrach isteach in irisleabhair scoile nó ar chláir fógraí sna seomraí ranga. Tugtar cuntas i gCreat ICT na Comhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) ar an gcaoi ar féidir le múinteoirí deiseanna foghlama a thabhairt do dhaltaí a chuirfidh ar a gcumas AUP na scoile a phlé, a thuiscint agus a chur i bhfeidhm. Ba cheart go mbeadh ar chumas na ndaltaí:

Polasaí Úsáide Inghlactha (AUP) agus nósanna imeachta a bhaineann le húsáid an Idirlín agus an ríomhphoist agus le húsáid na bhfón póca a phlé, a fhorbairt, a chur i bhfeidhm agus a mheas.”

[gview file=”http://webwise.nevada.ie/wp-content/uploads/2014/06/WebwiseAUPGuidelines-1.pdf”]