Ceiliúradh Lá na Sábháilteachta Idirlín 2016

Ceiliúradh Lá na Sábháilteachta Idirlín 2016

Lá na Sábháilteachta Idirlín in Éirinn

Rinneadh ceiliúradh ar Lá na Sábháilteachta Idirlín an 9 Feabhra 2016 in Éirinn agus ar fud an domhain. Bhí ceann na bliana seo ar an gceann is mó agus is fearr fós!

Bhí 463 imeacht de chuid Lá na Sábháilteachta Idirlín ar siúl ar fud na hÉireann i scoileanna agus in eagraíochtaí agus bhí 67,342 leanbh rannpháirteach iontu. Bhí raon leathan gníomhaíochtaí, imeachtaí agus teachtaireachtaí maidir le sábháilteacht idirlín ar siúl i mbliana. Seo roinnt de na buaicphointí ó Lá na Sábháilteachta Idirlín 2016.

Cuireann Scoil Stiofán Sábháilteacht Idirlín chun cinn

Rinne rang an Uasail Russell comóradh ar Lá na Sábháilteachta Idirlín le go leor corr is cúiteamh, turgnaimh ranga agus foghlaim ó acmhainní Webwise. Labhair daltaí Scoil Stiofán freisin faoi chóipcheart, cumarsáid chruthaitheach, cead a fháil chun grianghraif áirithe a úsáid, teidil chreidiúna d’údair, etc.

Chruthaigh an rang póstaeir freisin ar shábháilteacht idirlín agus an téama ‘Bí Sábháilte ar Líne’ mar théama acu. Is féidir na póstaeir a fheiceáil ar shuíomh idirlín na scoile anseo.

Ar deireadh thóg rang an Uasail Russell grianghraf ranga agus chuir siad suas ar chuntas twitter an ranga é le feiceáil cé chomh fada is a rachadh an pictiúr. Is díol suntais i ndáiríre iad na torthaí! Seo turgnamh iontach le haird a tharraingt ar chomh tapa is atá rudaí in ann scaipeadh ar líne.

Lá na Sábháilteachta Idirlín in Éirinn

Déanann rang Iníon Dignam ceiliúradh ar Lá na Sábháilteachta Idirlín

Agus iad ag úsáid acmhainní ó Webwise, d’fhéach rang Iníon Dignam ar ghearrthóga físeáin agus thug siad faoi bhileoga oibre mar ullmhúchán do Lá na Sábháilteachta Idirlín. Rinne daltaí póstaer mór freisin ar Lá na Sábháilteachta Idirlín a cuireadh ar crochadh i Halla na scoile ar Lá na Sábháilteachta Idirlín.

Bhunaigh Iníon Dignam comórtas  Leabharmharcanna   a thug deis do na daltaí go léir i ngach grúpa bliana a bheith rannpháirteach ann. B’éigean do na daltaí leabharmharc a dhearadh chun úsáid dhearfach agus shábháilte an idirlín a chur chun cinn.

Léigh faoi cheiliúradh rang Iníon Dignam ar a blag: missdignamblog.wordpress.com

Lá na Sábháilteachta Idirlín in Éirinn

Pléann Scoil Náisiúnta Glanduff i Ros Comáin grianghraif mearscaipthe

Bhí Tionól ag daltaí S.N. Glanduff ag déanamh poiblíochta ar shábháilteacht idirlín agus ar rialacha cliste le haghaidh scimeála. Bhí plé ag ranganna freisin ar ghrianghraif agus ar fhíseáin mearscaipthe agus cheap siad cód sa deireadh le haghaidh Úsáid an Idirlín agus comhroinnt ar líne.

Lá na Sábháilteachta Idirlín in Éirinn

Chruthaigh Scoil Náisiúnta an Teaghlaigh Naofa póstaeir dhaite ar shábháilteacht idirlín

Dhear daltaí as rang 3 go dtí rang 6 i Scoil Náisiúnta an Teaghlaigh Naofa na póstaeir dhaite seo ar shábháilteacht idirlín mar chuid dá gcomóradh ar Lá na Sábháilteachta Idirlín 2016.

Lá na Sábháilteachta Idirlín in Éirinn

Cruthaíonn Scoil Chailíní Temple Carrig idirlíon níos fearr le balla smaointe dearfacha

Rinne daltaí Scoil Temple Carrig a gcion féin le haghaidh Lá na Sábháilteachta Idirlín 2016 nuair a chruthaigh siad balla ar a raibh smaointe dearfacha ar scoil. Scríobh daltaí smaointe dearfacha ar an mballa agus bealaí chun idirlíon níos fearr a chruthú!

Lá na Sábháilteachta Idirlín in Éirinn

 

Scaipeann rang 5 Iníon Halligan an focal le cód ar líne

Smaoinigh daltaí Rang 5 ó Scoil Harold i nGlas Tuathail  ar mholtaí áisiúla le haghaidh cód ar líne a shínigh an rang ar fad.

Lá na Sábháilteachta Idirlín in Éirinn

Taispeántar inár léarscáil idirghníomhach cad a tharla timpeall na tíre ar Lá na Sábháilteachta Idirlín i mbliana. Féach anseo.

Físeán maidir le Cibearbhulaíocht in Éirinn comhroinnte ar fud an domhain

Tá éacht déanta ag Luke Culhane de bharr chomh maith is a d’éirigh lena fhíseán ar fud an domhain aird a tharraingt ar an gcibearbhulaíocht. Comhroinneadh an gearrscannán Create No Hate, ina dtugtar teachtaireacht an-láidir a rinne an buachaill óg 13 bliana déag, ar fud an domhain mhóir.

Acmhainn Nua seolta le haghaidh Meánscoileanna

Seoladh acmhainn nua do scoileanna ar ghnéastéacsáil chun comóradh a dhéanamh ar Lá na Sábháilteachta Idirlín 2016. Is acmhainn faisnéise agus oideachais é Taisceadáin. Cuidíonn sé le scoileanna chun déileáil le heachtraí ina ndéantar íomhánna gáirsiúla de mhionaoisigh a chruthaigh siad féin a roinnt agus iad a chosc. Is é Taisceadáin an chéad acmhainn oideachais dá chineál in Éirinn a théann i ngleic le hábhar leochaileach na gnéastéacsála.

Faigh tuilleadh faisnéise faoin acmhainn anseo: webwise.ie/lockers

Téann an feachtas Forever i ngleic leis na hiarmhairtí a bhíonn ag comhroinnt íomhánna

Anuas ar an acmhainn Taisceadáin, sheol Webwise físeán nua freisin ina ndírítear ar dhéagóirí agus ina dtéitear i ngleic le gnéastéacsáil agus leis na hiarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith aige. Go dtí seo féachadh ar an bhfíseán breis is 1.1 milliún uair, tá 12,000 duine tar éis a rá gur maith leo é agus comhroinneadh é beagnach 9,000 uair. Cuimsítear leis an bhfeachtas físeán agus suíomh idirlín ina dtairgtear tacaíocht agus faisnéis do dhéagóirí.

Faigh tuilleadh faisnéise faoin bhfeachtas anseo: watchyourspace.ie/forever