CEO Coalition responds to Commissioner Neelie Kroes

CEO Coalition responds to Commissioner Neelie Kroes

Mar fhreagairt d’iarratas a rinne Neelie Kroes, Coimisinéir an AE, bhunaigh feidhmeannaigh thábhachtacha theicneolaíochta ó 28 cuideachta Eorpach Idirlín agus teileachumarsáide Comhghuaillíocht na bPríomhoifigeach Feidhmiúcháin i mí na Nollag 2011.

Bhí sé mar sprioc acu oibriú le chéile ar bhealach neamhiomaíoch chun áit níos sábháilte do leanaí a dhéanamh den Idirlíon. Gheall an chomhghuaillíocht beart a dhéanamh i 5 réimse. Áirítear leo seo láidriú a dhéanamh ar uirlisí tuairiscithe, ar shocruithe príobháideachais, ar scéimeanna aicmiúcháin inneachair, ar rialúcháin tuismitheoirí agus ar bhaint anuas ábhair dhíbhlithe.

Obair a Cuireadh i gCrích go dtí seo

Tugtar freagracht do Chomhghuaillíocht na bPríomhoifigeach Feidhmiúcháin, ag obair faoin ‘Straitéis Eorpach i ndáil le hIdirlíon Níos Fearr do Leanaí’, as tacú le gníomhaíochtaí feasachta trí thacaíocht mhaoinithe agus theicniúil a chur ar fáil d’eagraíochtaí neamhrialtasacha agus do sholáthraithe oideachais. Tá 116 Beolíne i bhfeidhm faoi láthair ar fud an AE a thugann cabhair agus tacaíocht do leanaí ar iarraidh agus dá dtuismitheoirí, ós rud é go bhféadfadh foréigean ar líne in aghaidh leanaí a bheith ar roinnt de na cúiseanna le leanaí ag imeacht as an mbaile. Iarrtar ar an gcomhghuaillíocht tacú leis na gníomhaíochtaí seo a leanas:

  • Ábhar feasachta a chur ar fáil dá gcustaiméirí.
  • Uirlisí tuairiscithe atá láidir agus simplí a fhorbairt le haghaidh úsáideoirí a mbíonn fadhbanna acu.
  • Rogha ar shocrú príobháideachais a oireann d’aois.
  • Úsáid níos leithne aicmiúchán inneachair le go bhfuil eolas ag úsáideoirí agus ag a dtuismitheoirí ar a mbeidh rompu agus iad ag scimeáil ar líne.
  • Úsáid agus fáil níos leithne ar rialúcháin tuismitheoirí.
  • Córais níos éifeachtaí chun ábhar mí-úsáide gnéasaí leanaí a bhaint anuas.

Tuilleadh deiseanna oibre

Ag comhdháil le déanaí de chuid an AE sa Bhruiséil, rinne príomhoifigigh feidhmiúcháin agus comhaltaí sinsearacha boird ó chuideachtaí digiteacha, meán agus teicneolaíochta an domhain roinnt réimsí a leagan amach le haghaidh tuilleadh comhoibrithe:

  • Ábhar oideachasúil a chomhroinnt trí ardán ar líne le gur féidir le heagraíochtaí atá lonnaithe san AE an fhaisnéis a athúsáid saor in aisce.
  • Brandáil a bhrúnn feasacht chun cinn a fhorbairt i gcomhair tionscnamh ar fud na hEorpa.
  • Oibriú le chéile chun feasacht a ardú i measc tuismitheoirí.
  • Dea-chleachtais a leathnú lasmuigh den Chomhghuaillíocht, chun comhoibriú a dhéanamh ar fud an Idirlín ar fad.

Cuideachtaí na Comhghuaillíochta

Áirítear le roinnt de na cuideachtaí… Apple, BSkyB, BT, Dailymotion, Deutsche Telekom, Facebook, France Telecom – Orange, Google, Hyves, KPN, Liberty Global, LG Electronics, Mediaset, Microsoft, Netlog, Nintendo, Nokia, Opera Software, Research In Motion, RTL Group, Samsung, Skyrock, Stardoll, Sulake, Telefonica, TeliaSonera, Telecom Italia, Telenor Group, Tuenti, Vivendi agus Vodafone.