Comhairle agus tosca sábháilteachta don chianfhoghlaim 

Comhairle agus tosca sábháilteachta don chianfhoghlaim 

CIANFHOGHLAIM SHÁBHÁILTE

 

Agus muid ag tabhairt faoi théarma deireanach na scoilbhliana, leis an bhfoghlaim agus an t-oideachas ag leanúint ar aghaidh ar líne, seo meabhrúchán maidir leis na príomhrudaí is tábhachtaí – anois níos mó ná riamh – ar chóir do scoileanna a chur san áireamh ina gcuid pleananna lena chinntiú go bhfaighidh na scoláirí agus na múinteoirí taithí fhoghlama shábháilte. Mar aon le cúrsaí teicniúla, ba cheart go mbeadh cosaint do leanaí mar chuid de na céimeanna pleanála d’aon athruithe/nuashonruithe.

Tosca ginearálta

 

Beartas Scoile

Ba chóir do cheannairí scoile agus do mhúinteoirí eolas as an nua a chur ar a bpolasaí úsáide inghlactha (PÚI). Seans go mbeidh gá é a nuashonrú má tá timpeallachtaí foghlama nua nó uirlisí breise in úsáid chun an chianfhoghlaim a éascú. Seo é an t-am le cur i gcuimhne don fhoireann, do thuismitheoirí agus do scoláirí faoin PÚI agus faoi aon nuashonrú.

Le haghaidh tuilleadh eolais maidir le do PÚI a nuashonrú, más gá, téigh chuig: webwise.ie/aup-2/

Cosaint leanaí

Ba chóir do mhúinteoirí eolas as an nua a chur ar bheartais agus ráitis um chosaint leanaí agus an dea-chleachtas a leanúint.

Príobháideachas 

Cuir eolas ar shocruithe agus beartais phríobháideachais aon seirbhísí nua ar líne. Ba chóir do mhúinteoirí a bheith aireach ar a bpríobháideachas agus a dteorainneacha féin freisin. Mar shampla, is fearr gan sonraí pearsanta, ríomhphost pearsanta nó uimhreacha teagmhála a thabhairt. Bain úsáid as ríomhphost na scoile agus as seirbhísí cumarsáide a cheadaítear ag an scoil.

Aois

Tá sé tábhachtach aois na scoláirí a chur san áireamh sula dtugtar teicneolaíocht nó aipeanna nua isteach don fhoghlaim. Seiceáil riachtanais agus oiriúnacht aoise an ardáin.

Meabhrúchán

Faoin Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) – Is é 16 bliana d’aois an Aois Toilithe Dhigitigh in Éirinn agus tá sé ceaptha chun faisnéis phearsanta leanaí a chosaint. Má tá seirbhísí nó ardáin nua á dtabhairt isteach agus más gá do scoláirí clárú chun an tseirbhís sin a úsáid, bain úsáid as ríomhphost na scoile agus seiceáil go gcomhlíonann an tseirbhís sin riachtanais RGCS.

Sonraí Pearsanta

Bí aireach faoi na rialacháin reatha maidir le cosaint agus bailiú sonraí: más gá do scoláirí clárú chun seirbhísí a úsáid, ba chóir ríomhphost scoile a úsáid.

Le haghaidh tuilleadh eolais, tabhair cuairt ar: dataprotectionschools.ie/en/

Na meáin shóisialta

Tá ról tábhachtach ag na meáin shóisialta san aimsir éiginnte seo. Is bealach iontach iad chun teagmháil a dhéanamh le daoine muinteartha agus chun pobail a thabhairt le chéile. Ní mór go mbeadh an chumarsáid idir scoileanna, múinteoirí agus scoláirí proifisiúnta agus go gcloífeadh sé leis na beartais reatha (mar shampla; PÚI, beartais maidir leis na meáin shóisialta, etc.) atá i bhfeidhm. Sula mbaineann tú úsáid as uirlis chumarsáide, seiceáil beartas do scoile, srianta aoise, téarmaí na seirbhíse agus oiriúnacht na seirbhíse.

Seo é an t-am d’oideachasóirí eolas a chur arís ar Chód Iompair na Comhairle Múinteoireachta: teachingcouncil.ie/ga/Feidhmiulacht-chun-Muineadh/An-Cod-Iompair-Ghairmiuil-Nuashonraithe/

Iompar Gairmiúil

3.7 a chinntiú go ndéantar cumarsáid iomchuí le daltaí/ mic léinn, comhghleacaithe, tuismitheoirí, bainistíocht scoileanna agus daoine eile, lena n-áirítear cumarsáid trí na meáin leictreonacha, ar nós ríomhphoist, téacsanna a chur agus láithreáin líonraithe shóisialta.

Cumarsáid Ar Líne

Ionchais

Toisc go mbeidh scoláirí i mbun gníomhaíochtaí níos mó ar líne agus seirbhísí nua in úsáid acu, beidh gá breise ann ionchais shoiléire a leagan amach faoi iompar measúil ar líne. Cinntigh go bhfuil scoláirí ar an eolas faoi chóid iompair agus faoin mbeartas frithbhulaíochta, agus is smaoineamh maith é freisin rialacha ginearálta a leagan amach má tá cumarsáid chomhdhála á húsáid le scoláirí.

Físeán Beo

Cé gur bealach iontach é an beoshruthú chun cumarsáid a dhéanamh, tá go leor le cur san áireamh agus le bainistiú chun taithí shábháilte thairbheach fhoghlama a chinntiú.

Cuimhnigh ar théarmaí na seirbhíse, ar na riachtanais aoise agus ar fheidhmeanna na seirbhíse – mar shampla, an bhfuil rogha comhrá ann agus an féidir é sin a mhodhnú?

Cuir eolas ar fheidhmeanna na seirbhíse: ligeann an chuid is mó seirbhísí maithe d’óstaigh ceadanna na rannpháirtithe a bhainistiú; mar shampla, fuaim agus físcheamaraí an úsáideora a dhíchumasú. Bí aireach ar na socruithe príobháideachais, ar na daoine atá in ann an t-ábhar a fheiceáil agus ar na daoine atá in ann barúlacha a thabhairt. Ligeann an chuid is mó de na seirbhísí duit na socruithe príobháideachais a athrú.

Leid: Má tá seirbhísí comhdhála/físeáin in úsáid agat, molaimid seirbhís a úsáid a ligeann do mhúinteoirí fuaim agus físeán na scoláirí a dhíchumasú.

Cothromaíocht Shláintiúil 

Má tá an teicneolaíocht á húsáid i gcomhair na cianfhoghlama, cinntigh go bhfuil cothromaíocht shláintiúil á baint amach idir gníomhaíochtaí ar líne agus as líne do scoláirí. Tá an-chuid deiseanna maithe ann do scoláirí a bheith ag foghlaim ar líne agus as líne!

Acmhainní agus leideanna teagaisc

 

Acmhainní Cianfhoghlama

Tá roinnt acmhainní den chéad scoth ar fáil do mhúinteoirí, do scoileanna agus do thuismitheoirí i gcomhair na cianfhoghlama, agus i gcomhair tacaíocht leanúnach, comhairle agus faisnéis ar shábháilteacht idirlín.

webwise.ie/trending/distance-learning-resources/

Sraith Seimineár Gréasáin na Comhairle Múinteoireachta

Foghlaim don Uile Dhuine – Sraith seimineár gréasáin beo, ag tosú Dé Máirt, an 31 Márta, ón gComhairle Mhúinteoireachta agus ón tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí (SFGM) chun cabhrú leis an bhfoghlaim ón mbaile na laethanta seo, tráth a bhfuil gach rud ag athrú.

https://www.teachingcouncil.ie/ga/Fuinn/Foghlaim-don-Uile-Dhuine-–-Sraith-seiminear-greasain-beo/

Príomhleideanna do mhúinteoirí

  • Ná húsáid ach na hardáin agus na seirbhísí atá ceadaithe ag an scoil
  • Léirigh dea-iompar ar líne
  • Leag síos ionchais shoiléire do scoláirí le haghaidh na cianfhoghlama
  • Cinntigh go bhfuil scoláirí ar an eolas faoina bhféadfaidís a dhéanamh má thagann siad ar rud éigin míchuí nó coscrach ar líne

Tacú le Tuismitheoirí

 

 

Agus leanaí ag caitheamh níos mó ama sa bhaile agus ar líne, tá sé tábhachtach rannpháirtíocht shábháilte fhreagrach leis an domhan ar líne a chur chun cinn. Tá alt gearr comhairle forbartha ag Webwise faoi na rudaí simplí gur féidir le tuismitheoirí a dhéanamh san am i láthair: webwise.ie/parents/covid19-online-safety-advice-for-parents/

Foghlaim sa bhaile

Cuireann an Chomhairle Náisiúnta Tuismitheoirí cúrsaí ar fáil do thuismitheoirí atá ag tacú leis an bhfoghlaim sa bhaile: npc.ie/training-and-resources.