Mínithe: Cad is Sarahah ann?

Mínithe: Cad is Sarahah ann?

cad is sarahah ann

Is feidhmchlár teachtaireachtaí anaithnide é Sarahah, a ndéantar cur síos air mar aip ‘ionraice’. Nuair a chláraíonn úsáideoir, is féidir leo comhrá a roinnt, é a nascadh nó a fhoilsiú go poiblí ar an idirlíon, agus is féidir le haon duine a bhfuil an nasc sin acu freagra a thabhairt go díreach don úsáideoir le teachtaireachtaí anaithnide. Ní bheidh a fhios ag an té a gheobhaidh an teachtaireacht go deo cé a sheol í.

Forbraíodh an aip an chéad lá riamh chun ardán a thabhairt d’fhostaithe chun aiseolas anaithnid a thabhairt dá bhfostóirí agus tá an-tóir ag daoine óga air anois.

Cén fáth a dtaitníonn sé le déagóirí?


Is furasta an aip a úsáid. Níl le déanamh ag úsáideoirí ach logáil isteach agus deirtear leo an ID atá acu a roinnt lena gcairde. Faigheann úsáideoirí teachtaireachtaí ansin a bhíonn le feiceáil i mbolgáin chomhrá simplí atá éasca a léamh. Is furasta teachtaireacht a phostáil, agus tá sé níos éasca fós teachtaireachtaí a fháil. Tá na húsáideoirí gan ainm agus ní féidir fáil amach cé hé atá ag cur na gceisteanna. Tá úsáideoirí in ann an té a sheol an teachtaireacht a bhlocáil.

An bhfuil srianta aoise i gceist?


Níl aon srianta aoise foilsithe faoi láthair i dtéarmaí seirbhíse an fheidhmchláir teachtaireachtaí. Mar sin féin, molann siopa feidhmchlár iTunes go mbeadh úsáideoirí 17 mbliana d’aois chun an feidhmchlár a íoslódáil.

An féidir leat úsáideoirí a bhlocáil?


Má fhaigheann úsáideoir teachtaireachtaí diúltacha nó mailíseacha tugann an aip deis dóibh an té a sheol an teachtaireacht a bhlocáil. Ní inseoidh an aip duit cé a sheol an teachtaireacht ach cinnteoidh sé nach bhfaighidh tú teachtaireachtaí ón duine a bhfuil bac orthu níos mó.

An bhfuil tú in ann do chuntas a scriosadh?


Chun cuntas Sarahah a scriosadh, téigh chuig na socruithe, cliceáil ar ‘remove account’ agus roghnaigh ‘remove’.

Sarahah

Cad iad na rioscaí atá i gceist?


Bíonn imní i gcónaí ar thuismitheoirí faoi fheidhmchláir agus seirbhísí anaithnide agus is minic go mbaineann daoine óga úsáid astu mar ardáin le haghaidh cibearbhulaíochta. Molaimid duit labhairt le do leanbh faoi na haipeanna atá in úsáid acu.

Comhairle maidir le labhairt le do leanbh

 

    • Bí Cineálta Ar Líne: Spreag do leanbh a bheith dearfach ar líne agus labhair leo faoi theachtaireachtaí diúltacha agus an tionchar a bhíonn acu ar dhaoine eile.

 

    • Labhair le do leanbh faoin gcaoi a bhféadfaidís teachtaireachtaí diúltacha nó mailíseacha a láimhseáil.

 

    • Seiceáil go dtuigeann do leanbh conas a oibríonn an aip. Molaimid nach roinnfeadh úsáideoirí a n-ainm úsáideora ach amháin le cairde agus nár chóir dóibh é a phostáil go poiblí. Sna socruithe, is féidir le húsáideoirí brabhsáil i gcuardaigh a dhíchumasú agus úsáideoirí neamhúdaraithe a dhíchumasú ó theachtaireachtaí a sheoladh. Cuireann sé sin teorainn ar líon na ndaoine a bheidh in ann teachtaireacht a sheoladh chugat.

 

    • Abair le do leanbh cúnamh a iarraidh má thagann siad ar rud éigin ar líne nach dtaitníonn leo.

 


Faigh comhairle ar phlé le cibearbhulaíocht anseo: https://www.webwise.ie/ga/tuismitheoiri-ga/dul-i-ngleic-le-cibearbhulaiocht/