Gnéastéacsáil: Pointí Comhrá do Thuismitheoirí

Gnéastéacsáil: Pointí Comhrá do Thuismitheoirí

Bíonn imní mhór ar thuismitheoirí déagóirí faoi ghnéastéacsáil. Is é an bealach is éasca chun an imní sin a mhaolú ná labhairt le do leanbh agus a chinntiú go gcuirtear do leanbh ar an eolas faoi na rioscaí a bhaineann le híomhánna dlúthphearsanta a chomhroinnt.

Ar an gcéad dul síos, tá sé tábhachtach a rá nach cuid de ghnáthshaol déagóra í an ghnéastéacsáil. Gníomhaíocht atá ann nach mbíonn formhór déagóirí páirteach ann. Caithfear a rá chomh maith nach mbíonn dochar mar thoradh ar ghnéastéacsáil i gcónaí. Mar sin féin toisc go bhfuil gach gnéastéacsáil faoi aois mídhleathach is rud é ar cheart dul i ngleic leis.

Ag an am céanna, tá go leor cásanna ann ina ndeachaigh gnéastéacsáil in aimhréidh agus gur baineadh mí-úsáid as ábhar a roinneadh go rúnda. Nuair a tharlaíonn sé seo d’fhéadfadh iarmhairtí tromchúiseacha, diúltacha bheith ann d’fholláine na ndaoine lena mbaineann.

Tá sé tábhachtach go mbeadh do leanbh ar an eolas faoi na rioscaí a bhaineann le comhroinnt ar líne agus faoin mbealach chun iad a chosaint ó na rioscaí sin. Seo cúpla pointe comhrá tábhachtacha do thuismitheoirí:

  • Labhair le do leanbh faoina cineálacha íomhánna agus físeán a cheapann siad atá ceart go leor a chomhroinnt. Ba cheart do leanaí smaoineamh orthu féin i gcónaí sula seolann siad aon íomhánna, físeáin nó teachtaireachtaí. Riail áisiúil anseo ná ‘Tabhair aird ar Mhamó’ – fiafraigh de do leanbh an mbeidís sásta go bhfeicfeadh Mamó an íomhá. Mura mbeidís sásta, bhuel níl an íomhá oiriúnach le seoladh chuig aon duine eile ach an oiread.
  • Labhair le do leanbh faoi cad is cóir a dhéanamh má iarrtar air íomhánna dó féin a sheoladh.
  • Meabhraigh do do leanbh nuair a bhíonn íomhá seolta, nach bhfuil smacht níos mó aige ar a dtarlaíonn den íomhá.
  • Rud mór i saol déagóra is ea cairde nua a dhéanamh ar líne agus as líne. Ar an drochuair, rinneadh dúmhál ar dhéagóirí as Éirinn le ceamaraí gréasáin agus sracadh gnéis. Ba cheart a mheabhrú i gcónaí do leanaí nach mbíonn gach duine a mbuailimid leo ar líne ag insint na fírinne faoi cé hiad féin. Is furasta próifílí bréagacha a chumadh agus ligean ort féin gur duine éigin eile thú ar líonra sóisialta.
  • Pléigh an tábhacht atá le hómós a thaispeáint do dhaoine eile ar líne. B’fhéidir nach dtuigfeadh leanaí an dochar a bhaineann le híomhánna dlúthphearsanta de dhaoine eile a chomhroinnt.
  • Bíonn brú piarghrúpa ina chúis leis na bealaí éagsúla a n-iompraíonn déagóirí iad féin go minic. Déan cinnte go bhfuil do leanbh sách muiníneach ann féin le diúltú do rud.

Cad a dhéanfaidh mé má chomhroinntear íomhánna/físeán de mo leanbh ar líne?

gnéastéacsáil - pointí comhrá

Ar an gcéad dul síos, tabhair misneach agus tacaíocht do do leanbh, d’fhéadfadh do leanbh a bheith an-trína chéile ag an scéal ar fad. Tá sé tábhachtach freisin iarracht a dhéanamh na fíricí go léir a fháil sula ndéanann tú aon rud. Má comhroinneadh íomhánna ar líne gan chead tá roinnt rudaí is fiú a dhéanamh:

  • An bhfuil a fhios agat féin nó ag do leanbh cé a chomhroinn an íomhá? Má tá téigh i dteagmháil leo agus iarr orthu an íomhá (na híomhánna) a bhaint anuas. Ba cheart duit a sheiceáil freisin cibé ar chomhroinn siad an íomhá (na híomhánna) le haon duine eile nó ar aon suíomh/seirbhísí eile.
  • D’fhéadfaí féachaint ar fhíseáin nó ar íomhánna gnéastéacsála féintáirgthe a mhalartaíonn ógánaigh, faoi bhun 17 mbliana d’aois, mar phornagrafaíocht leanaí agus tá sé mídhleathach dá réir sin. Má tá do leanbh faoi bhun 17 mbliana d’aois agus má comhroinneadh íomhá de ina raibh sé nocht, tá sé mídhleathach agus ba cheart duit tuairisc a thabhairt faoi do na Gardaí.
  • Más féidir, coinnigh aon fhianaise ar an áit inar comhroinneadh an íomhá agus cé a chomhroinn í.
  • Má tá do leanbh faoi bhun 17 mbliana d’aois agus má tá an íomhá á comhroinnt ar líonra sóisialta nó ar fheidhmchlár teachtaireachtaí, tá na híomhánna mídhleathach agus ní mór do gach soláthróir seirbhíse an t-ábhar a bhaint chomh luath agus is féidir. Tá beartas ag formhór na líonraí sóisialta freisin in aghaidh pornagrafaíocht díoltais agus bainfear íomhánna príobháideacha, má chomhroinntear iad gan chead. Go hiondúil is féidir tuairisc a thabhairt laistigh de shocruithe na líonraí/bhfeidhmchlár, cé go mbíonn difríochtaí le sonrú sna líonraí sóisialta agus feidhmchláir. Seo bealach chun tuairisc a thabhairt faoi inneachar ar roinnt de na láithreáin is mó tóir.
    FACEBOOKfacebook.com/help
    YOUTUBEsupport.google.com/youtube/
    INSTAGRAMhelp.instagram.com/
    SNAPCHATsupport.snapchat.com/co/other-abuse
  • B’fhéidir go smaoineofá freisin ar dhul i dteagmháil le gairmí dlí má tá deacracht agat íomhánna a bhaint nó dul i dteagmháil le hóstach an tsuímh idirlín.
  • Níl tú cinnte cá bhfuil an íomhá? Cuir ainm do linbh isteach in inneall cuardaigh, b’fhéidir go bhfaighfeá amach leis sin cár comhroinneadh an íomhá.
  • Nuair a chomhroinntear íomhánna ar líne gan toiliú is rud é a tharraingíonn brú agus anacair ar dhuine. B’fhéidir go gcabhródh sé dá labhródh do leanbh le comhairleoir gairmiúil nó le treoirchomhairleoir scoile faoin méid a tharla.

Naisc Úsáideacha

Hotline.ie
Soláthraíonn hotline.ie áis gan ainm don phobal chun ábhar mídhleathach a fheictear ar an idirlíon a thuairisciú.
Labhair linn: hotline.ie // 1890 610710

Líne Chabhrach na Leanaí
Cuireann Líne Chabhrach na Leanaí seirbhís fóin, seirbhís tacaíochta téacs (téacsáil ‘Talk’ chuig 50101) agus seirbhís comhrá ar líne ar fáil le tacú le daoine óga. Tá seirbhís téacs speisialta ar fáil chomh maith do dhaoine óga a bhfuil bulaíocht á déanamh orthu (téacsáil ‘Bully’ chuig 50101).
Labhair linn: childline.ie // 1800 666666

Na Gardaí // www.garda.ie