Is éard atá sna leabhráin Get With It sraith acmhainní do thuismitheoirí a chabhróidh leo dul i ngleic leis an úsáid a bhaineann a bpáistí as an Idirlíon.
Chuir Ionad Taighde na Sochaí, na Faisnéise agus na Meán in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath an tsraith le chéile do Bhord Comhairleach an Idirlín (Internet Advisory Board), agus is treoir tuismitheoireachta den scoth atá inti.
Ó Chibearbhulaíocht go Líonrú Sóisialta, agus ó scagadh go teicneolaíocht na meán nua, tá neart á bplé iontu. Cuirfidh na treoirleabhair seo, ar féidir leat iad a íoslódáil thíos, ar an eolas thú gan stró.
Get With IT: A Parents’ Guide to Cyberbullying
Is ábhar mór imní do thuismitheoirí í an chibearbhulaíocht de réir mar théann a gcuid páistí i dtaithí ar an Idirlíon. Déantar cur síos sa treoirleabhar seo ar ghnéithe uile na bulaíochta ar líne le go mbeidh gach eolas ag tuismitheoirí ar na saincheisteanna lena mbaineann, mar go bhfuil an cumas is fearr acusan cabhair a thabhairt dá bpáistí maidir leis na dúshláin atá ann.
Get With IT: A Parents’ Guide to Cyberbullying
Get With IT: A Parents’ Guide to Social Networking
Bíonn an-tóir ar shuíomhanna Líonraithe Shóisialta i measc déagóirí nuair a théann siad ar líne agus uaireanta bíonn imní ar thuismitheoirí faoin ngné sin d’úsáid an Idirlín. Mínítear sa leabhrán seo an dóigh a n-oibríonn saol an líonraithe shóisialta, na rioscaí a ghabhann leis agus cad ba cheart duit a bheith faireach faoi ar phróifíl ar líne déagóra.
Get with IT: A Parents’ Guide to Social Networking
Get With IT: A Parents’ Guide to New Media Technologies
Bíonn an nuatheicneolaíocht thart timpeall orainn i gcónaí sa lá atá inniu ann, cibé acu fón chliste, táibléad nó ríomhaire glúine atá ann. Tá sé mar aidhm againn leis an gcuid seo den tsraith cabhrú le tuismitheoirí dul i ngleic le teicneolaíochtaí na meán nua agus le tuiscint a fháil ar an dóigh a n-oibríonn siad. Moltar go rachaidh tuismitheoirí i dteagmháil lena gcuid bpáistí ar ábhar na meán nua freisin.
Get with IT: New Media Technologies
Get With IT: A Parents’ Guide to Filtering
Is mian le gach tuismitheoir a pháiste a chosaint ar líne. Cabhróidh an leabhrán seo leat tuiscint a fháil ar na buntáistí a bhaineann le scagadh an dhéanamh ar an Idirlíon, rud a chosnóidh páistí ó ábhair Idirlín nach dteastaíonn uait go bhfeicfidh siad.
Get with IT: Filtering for Parents











