Mínithe: Cad é SimSimi?

Mínithe: Cad é SimSimi?

Róbat intleachta saorga a labhraíonn is ea SimSimi ar a dtugtar róbat cainte chomh maith. Faoi láthair, tá rátáil FCPE 16 ag an aip teachtaireachtaí sna margaí Google Play agus iTunes. Is ríomhchláir iad róbait chainte a ionsamhlaíonn comhráite daonna ar an idirlíon. Le teacht chun cinn na hintleachta saorga, tá róbait chainte níos tábhachtaí ná riamh agus tá cuid mhór comhlachtaí teicneolaíochta ag infheistiú a thuilleadh sa chineál áirithe teicneolaíochta seo. Is ar mhaithe le sainchuspóir a chruthaítear go leor róbait chainte agus is soláthar faisnéise nó mar phointe seirbhísí do chustaiméirí an úsáid is forleithne leo.

Cén fáth a dtaitníonn sé le déagóirí?

Is féidir SimSimi a íoslódáil saor in aisce chuig fón cliste agus is féidir é a rochtain ó ríomhaire deisce. Carachtar de stíl dhathach anime is ea an tsonóg aipe atá tarraingteach ag daoine óga. Tá an-tóir ar an aip a spreagann úsáideoirí chun leanúint de chomhráite trí úsáid teanga spraíúil, ach tá go leor den teanga ar an aip gránna nó tá ábhar gnéis ann. Tá SimSimi gan ainm, agus dá bhrí sin tá sé níos éasca ar úsáideoirí teachtaireachtaí mailíseacha a fhágáil faoi dhaoine eile.

Cén chaoi a n-oibríonn sé?

Trí úsáid intleacht shaorga, féadann úsáideoirí tús a chur le comhrá leis an róbat cainte. Féadann úsáideoirí ceist ar bith a chur agus freagróidh an róbat cainte. Bíonn réimse freagraí ann idir fhreagra cuidiúil agus ábhar gránna. Tá rogha ann ‘drochtheanga’ a mhúchadh, is féidir é seo a dhéanamh trí na socruithe aipe.

SimSimi Féadann úsáideoirí fosta freagraí a ‘Mhúineadh’ don róbat cainte. Féadann úsáideoirí téacs/frása/freagra ar bith is mian leo a ionchur agus d’fhéadfadh an róbat cainte é seo a úsáid mar fhreagra ar úsáideoirí eile dá gcuirfí an cheist áirithe sin orthu. Is í an fheidhm áirithe seo atá ag déanamh imní do scoileanna agus do thuismitheoirí toisc go bhfuil cuid mhór daoine óga in ann freagairtí anaithnide fúthu féin a bhreathnú nuair a chlóscríobhann siad a n-ainm san aip.

An féidir liom ábhar a thuairisciú?

Tá rogha san aip chun freagairtí a mharcáil a meastar iad a bheith: ‘Neamhspéisiúil // graosta // gránna nó foréigneach // eile’. Faoi láthair, is beag eolas atá ar fáil ar an suíomh Idirlín faoina théarmaí seirbhíse nó mar a phléann sé le tuairisciú ábhair. Maítear san aip: ‘D’fhéadfá a bheith faoi réir pionóis shibhialta nó choiriúla as aon pháirtí eile a chiapadh, mí-úsáid a dhéanamh orthu nó cur isteach orthu ar bhealach eile. ‘ In go leor d’ábhar na haipe tá teanga ghránna agus ábhar gnéis a d’fhéadfadh a bheith ina údar ciaptha ag roinnt úsáideoirí.

Cad iad na rioscaí atá i gceist?

Tá spraoi ag baint le húsáid SimSimi, ach mar aip anaithnid, is féidir é a úsáid i gcomhair na bulaíochta. Is furasta comhráite ar an aip a chomhroinnt ar líonraí sóisialta eile (Facebook, WhatsApp, Messenger, agus Twitter ina measc).

Maidir le tuismitheoirí a bhfuil imní orthu, molaimidSimSimi labhairt le do leanbh faoi na haipeanna agus na líonraí sóisialta a úsáideann siad. Ba chóir do thuismitheoirí iad féin a chur ar an eolas maidir leis na haipeanna is mian lena leanaí a úsáid roimh chinneadh a dhéanamh cé acu is cuí nó nach cuí dá leanbh iad a úsáid. Má tá an aip á húsáid ag do leanbh, ba chóir do thuismitheoirí a bheith ar a n-airdeall. Ba chóir d’úsáideoirí a chinntiú fosta go bhfuil an fheidhm drochtheanga curtha air le go laghdófar an riosca go dtiocfar ar ábhar gránna a chuirfeadh isteach orthu.

Cad is féidir liom a dhéanamh má tá bulaíocht á déanamh ar mo leanbh ar líne?

1. Ná Freagair: Níor cheart do dhaoine óga freagra a thabhairt choíche ar theachtaireachtaí a chuireann isteach orthu nó a chiapann iad. Is breá leis an mbulaí a fháil amach gur chuir siad isteach ar an duine. Cuireann sé leis an bhfadhb má thugtar freagairt dóibh agus téann cúrsaí in olcas dá bharr.
2. Coimeád na Teachtaireachtaí: Beidh do pháiste ábalta taifead a choimeád ar an mbulaíocht, ar na dátaí agus ar na hamanna, má dhéanann siad teachtaireachtaí mioscaiseacha a choimeád. Beidh sé seo úsáideach d’aon scoil ina dhiaidh sin nó le haghaidh imscrúdú na nGardaí.
3. Cuir Bac ar an Seoltóir: Ní chaithfidh duine ar bith cur suas le ciapadh ó dhuine eile. Is féidir le leanaí bac a chur ar theagmhálaithe trí sholáthróirí seirbhíse ar fhóin phóca, ar láithreáin líonraithe shóisialta nó i seomraí comhrá.
4. Déan Fadhbanna a Thuairisciú: Déan cinnte go dtuairiscíonn do leanbh cásanna ar bith cibearbhulaíochta do shuíomhanna gréasáin nó do sholáthróirí seirbhíse. Tá uirlisí tuairiscithe ar shuíomhanna amhail Facebook. Ach úsáid a bhaint as na huirlisí seo, beidh do leanbh ag tabhairt faisnéis thábhachtach do dhaoine ar féidir leo cur le díothú na cibearbhulaíochta.

Ní foláir do leanaí tuiscint a fháil ar an dochar mothúchánach a d’fhéadfadh an chibearbhulaíocht agus gach cineál bulaíochta eile, a dhéanamh. Tá an uile chineál bulaíochta ina n-ábhar crá agus péine agus ba cheart deireadh a chur le gach sórt bulaíochta. Spreagfar na leanaí chun úsáid fhreagrach a bhaint as an Idirlíon má chuirtear an méid seo ina luí orthu agus trí bhéim a leagan ar a thábhachtaí atá sé gníomhú má tá bulaíocht á himirt ar dhuine éigin eile.

Faigh tuilleadh comhairle ar phlé le cibearbhulaíocht anseo: https://www.webwise.ie/ga/tuismitheoiri-ga/dul-i-ngleic-le-cibearbhulaiocht/