Mínithe: Cad is Facebook ann?

Mínithe: Cad is Facebook ann?

Tá Facebook ar an gceann is déanaí de shuíomhanna gréasáin ar a dtugaimid suíomhanna gréasáin “líonraithe shóisialta”. Is é an difear idir é sin agus na hiomaitheoirí ná an tóir atá air. De réir na dtuairiscí is deireanaí, chláraigh 900 milliún duine ar fud an domhain le haghaidh próifílí ar an suíomh.

In 2004 bunaíodh Facebook i seomra suanleasa Mark Zuckerburg, mac léinn in Harvard, agus is fiú anois na billiúin dollar an suíomh gréasáin agus tá sé ar cheann de na brandaí is so-aitheanta ar dhroim an domhain.

Rinneadh scannán de chuid Hollywood de, The Social Network, scannán inar fiosraíodh ceapadh an tsuímh, a eisíodh in 2011 agus a thuill moladh mór.

Ach mura bhfuil tú an-eolach ar theicneolaíocht nó más rud nua é an tIdirlíon duit, is dócha, mar thuismitheoir, nó mar mhúinteoir, go bhfuil roinnt ceisteanna agat.

Cad is Facebook ann?

Suíomh gréasáin is ea Facebook a ligeann d’úsáideoirí, a chláraíonn le haghaidh próifílí saor in aisce, nasc a dhéanamh le cairde, le comhghleacaithe oibre, nó le daoine nach bhfuil aithne acu orthu, ar líne.

Ligeann sé d’úsáideoirí pictiúir, ceol, físeáin agus ailt a roinnt, chomh maith lena gcuid smaointe agus tuairimí féin leis an oiread daoine agus is mian leo.

Cuireann úsáideoirí iarratais ar chairdeas chuig daoine a bhfuil aithne acu orthu – nó nach bhfuil aithne acu orthu, b’fhéidir.

Tá breis agus 900 milliún úsáideoir ag Facebook.

A luaithe agus a ghlactar leis an iarratas, déantar an dá phróifíl a nascadh agus bíonn an dá úsáideoir in inmhe rud ar bith a dhéanann an duine eile a phostáil a fheiceáil.

Is féidir le úsáideoirí Facebook beagnach rud ar bith a phostáil ar a “n-amlíne”, roghbhlúire den méid atá ag tarlú ina gciorcal sóisialta in am ar bith, agus féadann siad dul isteach i gcomhrá príobháideach le daoine eile atá ar líne.

Déanann daoine a bhfuil próifílí acu eolas a phostáil fúthu féin. Bíodh an t-eolas sin faoin obair atá acu, an áit a bhfuil siad i mbun staidéir, a n-aois, nó sonraí eile pearsanta, déanann cuid mhór úsáideoirí cuid mhór eolais a phostáil atá sorochtana dá gcairde agus do dhaoine eile.

Chomh maith leis seo, féadann úsáideoirí “is maith liom é seo” a chur ar leathanaigh eile a bhfuil spéis acu iontu. Mar shampla, féadann tacóir de chuid Liverpool FC an club a leanúint trí nasc a dhéanamh lena leathanach Facebook. Ansin, féadann an t-úsáideoir tuairimí a phostáil agus nuashonruithe, pictiúir, etc., a fháil.

Cén fáth a bhfuil an oiread sin tóra air?

Do dhaoine óga, a d’fhás aníos leis an teicneolaíocht, is dócha gurb é Facebook an suíomh gréasáin is mó tóir dá bhfuil ann. Baineann ar a laghad 57 faoin gcéad de dhéagóirí na hÉireann úsáid as an suíomh, de réir na dtorthaí is déanaí ón taighde faoi Pháistí an AE ar Líne.

Go deimhin, i measc aoisghrúpaí áirithe, is annamh nach mbeadh próifíl ag duine ar an suíomh líonraithe shóisialta.

Ach cén fáth a bhfuil an oiread sin tóra air? Agus, conas mar a bhaineann an t-aos óg úsáid as an suíomh?

Tá daoine óga in ann tabhairt faoin iliomad tascanna ag an am céanna go nádúrtha, agus tá úsáid Facebook, mar is amhlaidh le suíomh líonraithe shóisialta ar bith san fhuil ag cuid mhór déagóirí.

Ligeann suíomhanna líonraithe shóisialta do dhaoine óga iad féin a fhiosrú mar dhaoine. Tá tóir orthu cionn is gur féidir le déagóirí a nguth féin gan srian a aimsiú ar líne, guth is féidir leo a roinnt le cairde.

Mothaíonn déagóirí áirithe gur féidir leo iad féin a chur in iúl níos fusa ar líne i gcomparáid leis an bhfíorshaol ar an ábhar go mb’fhéidir go mothaíonn siad go bhfuil an domhan fíorúil níos sábháilte.

Is breá le déagóirí Facebook cionn is gur féidir leo a bpróifíl a phearsantú. Ar an dóigh chéanna gur chlúdaigh glúine roimhe a mballaí sa seomra leapa le póstaeir de na grúpaí ceoil nó foirne sacair ab ansa leo, glacann daoine óga anois páirt i bpearsantú a spáis féin ar líne le pictiúir, ceol, físeáin agus tuairimí.

Amharcann déagóirí freisin ar Facebook mar shuíomh gan tuismitheoirí, inar féidir leo a bheith le cairde i bhfad ar shiúl ó shúile fiosracha daoine atá níos sine.

Tá cumarsáid níos fusa mar gheall ar an suíomh freisin. In áit an fón a úsáid chun scairt a chur ar theach do charad, féadann déagóirí cumarsáid a dhéanamh láithreach agus go díreach lena gcairde ar Facebook.

Níl ríomhphost fiú, teicneolaíocht eile atá measartha úrnua, chomh tábhachtach céanna do dhéagóirí a úsáideann Facebook chun bunús a gcuid cumarsáide a dhéanamh.

Bíonn Rioscaí ann leis na Deiseanna

In ainneoin go bhfuil tóir air, áfach, tá cuid mhór rioscaí ag baint le Facebook d’úsáideoirí óga.

Anseo, léiríonn Webwise cuid de na príomhcheisteanna a mbíonn imní ar thuismitheoirí fúthu.

  • Príobháideachas: Déanann déagóirí dearmad in uaireanta gur cineál foilsithe é ábhar a phostáil ar Facebook agus, mura socraítear na próifílí chun príobháideachais, gur féidir le duine ar bith an t-eolas a fheiceáil. Go minic déanann déagóirí barraíocht eolais a phostáil ar líne ar nós grianghraf nó uimhreacha fóin.
  • Creachadóirí: Cé gur annamh a tharlaíonn sé, bhí ócáidí ann nuair a dhírigh creachadóirí agus daoine mímhacánta eile ar dhaoine óga ar Facebook. Mar gheall ar an nádúr a bhaineann leis, is féidir rochtain a fháil ar an suíomh seo go furasta agus tá sé lán d’eolas pearsanta.
  • Cibearbhulaíocht: Tugann Facebook blár úrnua catha do bhulaithe ina féidir leo dochar mhór a dhéanamh ar dhaoine eile trí theachtaireachtaí mioscaiseacha agus modhanna eile a úsáid. Tá cuid mhór scéalta ann faoi phróifílí a ndearnadh luíochán orthu nó cásanna tromchúiseacha eile a chruthaigh fulaingt do na híospartaigh.
  • Ag Bualadh le Teagmhálaithe: Tá imní ar chuid mhór tuismitheoirí go mbuailfidh daoine óga le daoine ar bhuail siad leo ar líne den chéad uair. Tá rioscaí soiléire ag baint leis seo. Beidh muinín ag daoine óga áirithe as teagmhálaithe ar líne, ach ar an drochuair níl gach duine chomh macánta sin.
  • Ábhar: Uaireanta, is féidir ábhar a bheith ar Facebook atá mí-oiriúnach do dhaoine óga agus a chuirfidh isteach orthu. Mar gheall ar an tóir atá ar Facebook, tá cuid mhór úsáideoirí níos sine ann agus go minic is féidir le daoine óga rudaí a fheiceáil arbh fhearr lena dtuismitheoirí nach bhfeicfidís.

Tags: