Mínithe: Cad is Twitter ann?

Mínithe: Cad is Twitter ann?

Ar an 21 Márta 2006, sheol Jack Dorsey, ríomhchláraitheoir as Missouri, an chéad ‘bhíogaíl’ riamh. “Just setting up my twttr,” a phostáil sé ar a shuíomh nua gréasáin. Cé nach raibh an chuma air gur rud úrnua ba ea é, d’athraigh teachtaireacht cúig fhocal Dorsey cumarsáid ar líne go deo.

Taobh istigh de chúpla mí, bhí Twitter, suíomh gréasáin Dorsey, go mór i mbéal an phobail. Bhí na céadta míle duine tar éis clárú dó agus bhí an gréasán lán le bíogaíl.

Anois, tá cuid de na daoine is cáiliúla ar dhroim an domhain ag baint úsáide as an suíomh ar bhonn laethúil. Is í Lady GaGa, an réalta popcheoil, an t-úsáideoir ag a bhfuil an lucht leanúna is mó ar an suíomh. Bhain Barack Obama, Uachtarán SAM, úsáid as le linn a thoghcháin in 2008. Maíonn saineolaithe áirithe freisin nach mbeadh móiminteam ar bith ag Earrach na nArabach gan Twitter.

Mar thuismitheoir nó múinteoir nach de dhufair an Idirlín ó dhúchas thú, is féidir leis na tráchtanna seo uile ar chúrsaí Twitter (tweeps, tweets, twitterers nó twitter ina measc) mearbhall a chur ort. Anseo, déanann Webwise cur síos bunúsach ar an suíomh gréasáin a d’athraigh go mór an dóigh a ndéanaimid cumarsáid ar líne.

Cad is Twitter ann?

Is suíomh micreabhlagála é Twitter. Tá an bhlagáil ann le tamall maith anois. Go hiondúil baineann blagáil le daoine ag bunú suíomhanna gréasáin bunúsacha ina scríobhann siad faoi cibé rud is mian leo, bíodh polaitíocht, spórt, cócaireacht, nó faisean, etc., i gceist.

Tá micreabhlagáil, áfach, difriúil. Is éard atá uathúil faoi Twitter ná go mbíonn teorainn ar úsáideoirí teachtaireachtaí de 140 carachtar nó níos lú a phostáil. Tugtar bíogaíl (nó tweet) ar theachtaireacht a phostáil.

Déanann daoine nasc lena chéile trí fhothaí Twitter daoine eile a leanúint. Nuair a roghnaíonn tú fotha a leanúint, beidh rud ar bith a deir duine nó eagraíocht le feiceáil ar d’amlíne.

CadisTwitterann?Is féidir leat bíogaíl a dhéanamh ar dhuine tríd an tsiombail @ a chur roimh a ainm úsáideora.

Cuid an-tábhachtach de Twitter is ea athbhíogaíl freisin. Sa chás seo, déanann tweeps, béarlagair orthu siúd a úsáideann an suíomh gréasáin, athbhíogaíl ó úsáideoirí eile chuig a lucht leanúna féin.

Baineann cuid mhór den ghníomhaíocht ar Twitter le húsáid haischlibeanna. Is hanlaí iad seo a mbaintear úsáid astu chun bíogaíl faoin ábhar céanna a chomhiomlánú. Mar shampla, dá mbeadh cuid mhór daoine ag freastal ar chomhdháil agus iad ag iarraidh go mbeadh a fhios ag daoine cad é a bhí na cainteoirí a rá chuirfidís bíogaíl chuig haischlib chomhaontaithe tríd an tsiombail # a úsáid agus ainm comhaontaithe ina dhiaidh.

Tarlaíonn bíogaíl láithreach bonn. Laistigh de chúpla soicind, is féidir le bíogaíl an domhan mór a chur ar an eolas faoithubaistí. Cosúil le 2008 nuair a rinne Mike Wilson bíogaíl faoi thuairt eitleáin in Denver. Cad é mar a bhí a fhios aige faoi? Tháinig sé slán ón tuairt eitleáin. Nó cosúil leis an úsáideoir Twitter a rinne bíogaíl ón taobh istigh d’óstán i Mumbai de réir mar a dhúnmharaigh sceimhlitheoirí daoine san fhorsheomra san ionsaí in 2008 ar an gcathair san India.

Go bunúsach, is cineál téacsála é Twitter. Ach in áit an téacs sin a chur chuig duine amháin, ligeann Twitter d’úsáideoirí a dteachtaireacht a chraoladh ar fud an tsuímh ar fad. Agus a thuilleadh air sin, tá sé saor in aisce.

Cad iad na rioscaí atá i gceist?

Mar aon le cuid mhór suíomhanna líonraithe shóisialta tá rioscaí ann do dhaoine óga. Is ionann cuid mhór de na rioscaí agus na rioscaí sin a bhíonn ann leis na suíomhanna líonraithe shóisialta eile.

Is fóram an-phoiblí é Twitter. Cé gur féidir le húsáideoirí glas a chur a bpróifílí ionas nach féidir ach lena lucht leanúna féin a gcuid bíogaíola a fheiceáil, is suíomh gréasáin an-oscailte é go ginearálta.

Ciallaíonn sé seo gur féidir le beagnach gach duine logáil isteach agus amharc ar an méid atá ráite ag duine áirithe ó chláraigh siad leis an suíomh.

Samhlaigh gur bhíogaíl tú teachtaireacht faoin ngráin a bhí agat ar do phost agus go bhfaca fostóir nua a d’fhéadfadh a bheith agat an bhíogaíl ag cáineadh do sheanfhostóra. Cad é a chuireann sé seo in iúl fútsa?

Laistigh de chúpla soicind, is féidir leis na mílte duine bíogaíl a fheiceáil

Agus i gcás daoine óga, is é an fhadhb atá ann gur minic a dhéanann siad dearmad nach bhfuil na rudaí a deir siad ar líne príobháideach, tá sé iontach poiblí.

In ainneoin na socruithe príobháideachais, is féidir le húsáideoir bíogaíl ar bith a athbhíogaíl agus is féidir lena lucht leanúna siúd athbhíogaíl a dhéanamh arís air. Ciallaíonn sé seo gur féidir leis na mílte duine teachtaireachtaí a fháil laistigh de chúpla soicind.

Tá difear beag idir Twitter agus cuid mhór eile suíomhanna líonraithe shóisialta as siocair gur minic a bhíonn daoine óga agus gach úsáideoir eile ar líne i dtólamh. Bíonn brabhsálaí Twitter oscailte ag cuid mhór úsáideoirí i rith an ama, ar fhóin phóca nó ar ríomhairí glúine, agus déanann siad idirghníomhaíocht leis an suíomh cuid mhór uaireanta i rith an lae.

Mar gheall air seo, d’fhéadfadh daoine óga gan a bheith ar a cosaint i dtólamh agus eolas pearsanta a phostáil nár chóir dóibh.

Ar an ábhar go bhfuil creachadóirí amuigh ansin, agus mangairí camscéimeanna gan trócaire, tá méid an eolais phearsanta ar an suíomh a dhéanann daoine óga a bhíogaíl contúirteach, bíodh láithreáin, pictiúir, ócáidí scoile, etc., i gceist.

Arís, mar is amhlaidh leis an gcuid is mó de na suíomhanna líonraithe shóisialta, tá rudaí arbh fhearr linn nach bhfeicfeadh ár bpáistí agus le Twitter, is beag an cosc atá ar íomhánna míchuí nó teachtaireachtaí a dhéantar a athbhíogaíl agus a spréitear thar an suíomh.

Ina theannta sin, tá an chibearbhulaíocht ina crá mór ar Twitter. As siocair go dtarlaíonn sé láithreach agus go bhfuil cuma víreasach air, féadtar drochtheachtaireachtaí a bhíogaíl chuig úsáideoirí gan stró agus iad a athbhíogaíl arís agus arís eile.

Is tábhachtach a rá freisin gur féidir le Twitter cuid mhór maitheasa a dhéanamh.

Cén fáth a bhfuil an oiread sin tóra ar Twitter?

Stórchiste eolais is ea Twitter. Déanann cuid mhór eagraíochtaí agus úsáideoirí naisc a bhíogaíl chuig ailt shuimiúla nó chuig eolas nua agus féadtar an suíomh a bheith ina ghléas iontach do dhaoine óga chun a dtuiscint ar an domhan a leathnú.

In ainneoin go bhfuil sé doiligh na fáthanna áirithe ar éirigh chomh maith sin le Twitter a shainiú, tá rudaí áirithe a chuir go mór le cruthú an bhoinn úsáideoirí de 500 milliún duine ar fud an domhain.

Go traidisiúnta, rinneadh daoine cáiliúla agus daoine eile mór le rá a choimeád ar shiúl ón “gcosmhuintir”.

Sa lá atá inniu ann, áfach, baineann cuid mhór daoine iomráiteacha úsáid as Twitter. Tugann sé seo fáil do dhaoine ar an méid atá siad a rá agus a dhéanamh, agus i ré na gceiliúrán, ciallaíonn sé seo go mbíonn an-tóir ag an aos óg ar Twitter.

Ar an ábhar freisin go bhfuil daoine óga in ann tabhairt faoin iliomad tascanna ag an am céanna go nádúrtha, bíonn tóir ar Twitter as siocair go bhfuil sé oiriúnach don saol nua-aimseartha gasta ina mairimid. Mar a léiríodh, téann bíogaíl ar fud an chibearspáis go han-scioptha agus taitníonn sé le daoine óga ar an ábhar gur féidir leo nasc a dhéanamh leis an domhan síorathraitheach seo ar líne cibé áit ina mbíonn siad.

Níos tábhachtaí ná sin, tá tóir ar Twitter as siocair go bhfuil sé furasta a úsáid, furasta a thosú, agus go n-éiríonn daoine sách gafa leis.