Mínitheoir: Cad is Kik ann?

Mínitheoir: Cad is Kik ann?

aip teachtaireachtaí kik

Cad is Kik ann?

Is feidhmchlár teachtaireachtaí soghluaiste é Kik is féidir a úsáid ar android agus ar an iPhone. Tá an aip a bhfuil an-tóir air agus atá saor in aisce cosúil le Viber agus WhatsApp ach tá roinnt feidhmeanna breise aige a fhágann go bhfuil sé difriúil. Mar shampla, tá brabhsálaí inmheánach aige, rud a chiallaíonn go spreagtar úsáideoirí le níos mó ama a chaitheamh laistigh den aip.

Bhí trácht ar an aip sa nuacht le déanaí, agus má tá cuntas Kik ag do leanbh, ní mór duit a bheith ar an airdeall.

Is iad príomhfheidhmeanna Kik:

  • Comhrá duine le duine
  • Is féidir teachtaireachtaí, físeáin, pictiúir, pictiúir ghluaisteacha (GIFeanna), etc., a sheoladh.
  • Comhrá grúpa (in éineacht le suas le 49 úsáideoir eile)
  • Comhrá gan ainm
  • Tugann Comhrá Urraithe deis d’úsáideoirí brandaí difriúla i gceol, i siamsaíocht agus dream nach iad a leanúint agus comhrá a dhéanamh leo. Beidh a fhios ag úsáideoirí gur cuntas urraithe é mar gheall ar an Réalta Ghlas le hais na próifíle.

An bhfuil aon srianta air?

Ach an oiread le formhór na líonraí sóisialta agus na n-aipeanna teachtaireachtaí eile, caithfidh úsáideoirí a bheith 13 bliana d’aois ar a laghad chun clárú le haghaidh chuntas Kik. Má tá do leanbh faoi bhun 13 bliana d’aois agus má tá cuntas Kik aige, molann an aip teachtaireachtaí do thuismitheoirí iarratas díghníomhachtaithe a chur isteach trí ríomhphost a sheoladh chuig support@kik.com. Tabhair do d’aire: Úsáid an líne ábhair ‘Parent Inquiry’ agus cuir ainm úsáideora Kik agus aois do linbh san áireamh i do theachtaireacht.

Cé leis ar féidir le mo leanbh labhairt?

Tugann an aip deis d’úsáideoirí nascadh le daoine ar a liosta teagmhálacha/ina leabhar fóin a bhfuil cuntas Kik acu cheana féin. Is féidir an rogha sin a mhúchadh freisin trí dhul chuig socruithe > socruithe comhrá > agus meaitseáil leis an leabhar seoltaí a chasadh as. Nuair a mhúchtar meaitseáil leis an leabhar seoltaí, ní féidir le do leanbh ach labhairt le daoine a bhfuil a ainm úsáideora ar eolas acu.
aip teachtaireachtaí kik

Is le d’ainm úsáideora a aithneofar thú ar Kik. Ciallaíonn sé sin nach mbíonn seoladh ríomhphoist ná uimhir theileafóin le feiceáil go poiblí ar an aip. Chun duine éigin a chur isteach mar nasc ar Kik, ní mór go mbeadh a ainm úsáideora ar eolas agat. Molann an aip go roghnódh úsáideoirí ainm úsáideora atá deacair a dhéanamh amach, ní bheidh an oiread céanna strainséirí i dteagmháil le do leanbh ar an gcaoi sin ná go deimhin daoine nach bhfuil aithne ag do leanbh orthu nó nach bhfuil sé ag iarraidh labhairt leo. Má tá an aip in úsáid ag do dhéagóir abair leo gan a ainm úsáideora a roinnt ar líonraí sóisialta oscailte eile mar shampla ar Twitter.

Gnéithe Eile – Brabhsálaí Kik

aip teachtaireachtaí kik

Tá aipeanna inmheánacha ar aip teachtaireachtaí Kik atá ar fáil trína bhrabhsálaí agus a spreagann úsáideoirí le fanacht laistigh den aip féin. Áirítear leis na haipeanna inmheánacha sin aipeanna le haghaidh greamán, cruthaitheoirí méime, cluichí agus aipeanna geandála a ligeann d’úsáideoirí labhairt le teagmhálacha nua, rud a d’fhéadfadh imní a chur ar thuismitheoirí.

Ina measc sin tá Match & Chat agus Flirt! Oibríonn Match & Chat cosúil le Tinder, ag meaitseáil úsáideoirí de réir aoise, inscne, etc. An rud a chuirfeadh imní ort faoi Match & Chat ná chomh héasca is atá sé ag úsáideoir labhairt le húsáideoirí eile is cuma cén aois iad. Mar shampla is féidir le húsáideoirí rogha a dhéanamh labhairt le húsáideoirí atá sna déaga, le húsáideoirí ina gcuid 20idí, 30idí, etc.

The Flirt! In aip eile atá ar fáil trí bhrabhsálaí Kik tugtar liosta d’úsáideoirí nua laistigh dá raon aoise féin d’úsáideoirí ar féidir leo labhairt leo. Arís, is furasta d’úsáideoirí ligean orthu féin gur duine éigin eile atá ann, aois dhifriúil a thabhairt ar a gcuntas Kik, etc. Ní mholaimid do dhéagóirí ceachtar de na haipeanna sin a úsáid. Má tá do leanbh ar Kik, ní mór a bheith cúramach go háirithe maidir leis na haipeanna thuas. 

Ceannach ar an Aip

Tá greamáin ar fáil le ceannach ar an aip Kik, ach caithfidh cárta creidmheasa atá ceangailte lena gcuntas Google Play nó iTunes a bheith ag úsáideoirí ionas go mbeidh siad in ann rud éigin a cheannach.

Cad iad na rioscaí atá i gceist?

Anuas ar na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ag baint le haipeanna geandála inmheánaí Kik a úsáid, tá roinnt rioscaí ginearálta ann agus rudaí nach mór duit a bheith ar an airdeall fúthu. Ina measc tá cibearbhulaíocht, ábhar míchuí a fheiceáil nó a chomhroinnt agus comhrá le strainséirí, atá an-éasca a dhéanamh ar an aip Kik. Chun cabhrú leis na fadhbanna sin a sheachaint, baineann na rialacha céanna le gach idirghníomhaíocht ar líne do dhaoine óga. Is iad sin:  ná comhroinn sonraí ach amháin le daoine a bhfuil muinín agat astu i do shaol féin,  blocáil/tabhair tuairisc faoi theagmhálacha gan iarraidh, smaoinigh sula gcliceálann tú, agus tabhair tuairisc do dhuine fásta a bhfuil muinín agat as  faoi aon sonraí nó teachtaireachtaí míchuí.

Cad ba cheart dom a dhéanamh má fhaigheann mo leanbh teachtaireacht gan iarraidh?

Molann Kik d’úsáideoirí neamhaird a dhéanamh de theachtaireachtaí gan iarraidh ó úsáideoirí eile agus bac a chur orthu. Is féidir leat tuairisc a thabhairt faoi úsáideoirí eile anseo freisin: kikinteractive/support

Chun tuilleadh eolais a fháil téigh chuig: kikinteractive.zendesk.com/

Bac a chur ar Úsáideoirí

Chun bac a chur ar dhuine éigin nach bhfuil tú ag iarraidh labhairt leo ar Kik:
  1. Tapáil ar Settings.
  2. Roghnaigh Chat Settings (ar do iPhone nó Android) nó Privacy (ar d’Fhón Windows, Symbian nó BlackBerry)
  3. Roghnaigh Block List.
  4. Tapáil +
  5. Roghnaigh an duine a dteastaíonn uait bac a chur air.
  6. Tapáil Block le deimhniú

aip teachtaireachtaí kik

Nó is féidir leat dul chuig a phróifíl, cliceáil ar an deilbhín sa chúinne bairr ar dheis, agus feicfidh tú an rogha chun bac a chur air. Ní bheidh a fhios ag úsáideoirí gur cuireadh bac orthu. Má tá do leanbh i ngrúpa le duine éigin ar chuir sé bac air, beidh aon teachtaireacht a thiocfaidh ón duine sin sa ghrúpa le feiceáil mar ***Blocked Message***.

Conas teachtaireachtaí ó dhaoine nua a láimhseáil?

Is féidir le húsáideoirí ar Kik teachtaireacht a sheoladh chuig úsáideoirí eile má tá a n-ainm úsáideora ar eolas acu. Nuair a fhaigheann úsáideoir teachtaireacht ó theagmhálaí nua, beidh an teachtaireacht le feiceáil sa rannán New Chats ag bun na rannóige comhrá san aip. Má fhaigheann tú comhrá nua, tapáil ar an gcomhrá, féadfaidh úsáideoirí roghnú ansin má tá siad ag iarraidh labhairt leis an duine nó neamhaird a dhéanamh den teachtaireacht. Nuair a roghnaíonn tú neamhaird a dhéanamh di, is féidir leat bac a chur ar an úsáideoir, é a scriosadh nó tuairisc a thabhairt faoi maidir le turscar. Chun tuilleadh eolais a fháil faoi conas comhrá nua a láimhseáil téigh chuig: kikinteractive.zendesk.com/entries/