Mínitheoir: Cad is ooVoo ann?

Mínitheoir: Cad is ooVoo ann?

Cad is ooVoo ann

Aip físchomhrá agus teachtaireachtaí meandracha saor in aisce do ghutháin soghluaiste, táibléid, ríomhairí agus MACanna is ea
ooVoo. Ceann de na rudaí is mó a thaitníonn le daoine faoi ooVoo ná go gceadaíonn sé do 12 dhuine labhairt lena chéile ag aon uair amháin, ag aon am agus in aon áit.

Deir ooVoo go bhfuil os cionn 100 milliún úsáideoir acu ar fud an domhain agus is cosúil go bhfuil sé ar cheann de na haipeanna físteachtaireachta is mó tóir.

Má úsáidtear go cúramach é, is féidir le ooVoo bheith ina uirlis chumarsáide úsáideach do dhéagóirí agus baineadh úsáid mhaith as i scoileanna i gcomhair tionscadail chomhoibríocha.

Conas a oibríonn ooVoo?

Déagóirí is mó a úsáideann an aip le haghaidh físchomhrá. Socraíonn úsáideoirí próifíl agus cuireann siad cairde leis ar mian leo labhairt nó físchomhrá a dhéanamh leo. Oibríonn an aip le ceamara guthán póca nó ceamara gréasáin ar ríomhaire úsáideoirí chun físchomhrá a chraoladh beo.  Ceadaíonn an aip d’úsáideoirí labhairt le suas le 12 dhuine ag an am céanna i ngrúpa agus taispeánfar ceathrar ar an scáileán. Is breá le húsáideoirí óga é sin, mar ní cheadaíonn aipeanna físe eile ach d’fhíschomhráite duine le duine.

Físchomhrá

Conas cuntas a chruthú?

Tá ooVoo SAOR IN AISCE le húsáid, chun cuntas a chruthú, ní dhéanann úsáideoirí ach a sonraí ríomhphoist a iontráil nó  féadfaidh siad clárú trí logáil isteach le Facebook. Ní mór d’úsáideoirí ainm agus dáta breithe a thabhairt, agus tabharfaidh an aip ansin uimhir aitheantais uathúil duit. Mar aon le formhór líonraí meán sóisialta ní mór go mbeadh úsáideoirí 13bliana d’aois ar a laghad chun próifíl a shocrú.

Cairde a Aimsiú

Nuair atá an aip suiteáilte, ceanglaíonn sé le guthán / gléas an úsáideora agus bíonn sé an-éasca cairde a aimsiú ó theagmhálaithe atá ar an ngaireas cheana féin.

Gnéithe Breise

Áirítear le gnéithe eile den aip teachtaireachta:

  • Teachtaireachtaí Saor in Aisce – Seol Téacs, Físe agus Pictiúir
  • Glaoch Gutha Saor in Aisce gan Teorainn
  • Amharc ar Fhíseáin le chéile
  • Taifead agus féach ar d’fhíschomhráite

An méid nach mór a bheith ar eolas ag Tuismitheoirí

Príobháideachas

Trí mhainneachtain – socraítear cuntais ooVoo le bheith poiblí (féadfaidh duine ar bith amharc ar phróifíl úsáideora nó teagmháil a dhéanamh leo). Féadfaidh tú teorainn a chur leis na daoine a fheiceann próifíl do linbh trí athrú ó ‘duine ar bith’ go dtí ‘duine a bhfuil do sheoladh ríomhphoist nó Aitheantas ooVoo ar eolas acu’ nó tig leat an rogha phríobháideach a roghnú. Sa chás seo, ní féidir teacht ar úsáideoir ach má bhíonn a fhios ag úsáideoir eile Aitheantas ooVoo do linbh.

Socruithe Príobháideachais ooVoo

Creachadóirí

Le roinnt míonna anuas, tá imní léirithe ag tuismitheoirí sa RA agus in Éirinn maidir le daoine anaithnid ag déanamh teagmhála trí ooVoo. Chun é seo a sheachaint, athraigh próifíl do linbh chuig príobháideach.

Ábhar Míchuí

Is féidir teacht ar ábhar ar ooVoo nach bhfuil feiliúnach do leanaí. Cé nach ndéanann formhór úsáideoirí amhlaidh; craolann roinnt úsáideoirí físeáin phornagrafacha agus déanann roinnt eile gníomhartha gnéis os comhair a gceamaraí gréasáin. Uaireanta bítear ag súil go ndéanfaí an rud céanna mar fhreagra sna cásanna seo. I bhfocail eile, má thaispeánann tú domsa, taispeánfaidh mise duitse.  Ceann de na gnéithe atá ar fáil ar an aip is ea go bhfuiltear in ann físchomhráite a thaifeadadh go héasca gan an t-úsáideoir eile a chur ar an eolas. Tá rioscaí ann d’úsáideoirí óga mar gheall ar fhiosracht i dtaobh cúrsaí gnéis agus an cumas le taifeadadh a dhéanamh. Creideann go leor úsáideoirí óga, agus iad mícheart, go bhfuil físchomhrá gearrshaolach; nach maireann sé ach ar feadh móiminte fad is atá sé ag tarlú agus nach féidir é a fheiceáil arís. Smaoineamh maith atá ann labhairt faoi seo agus a mhíniú dóibh gur féidir físchomhrá a shábháil agus a roinnt go héasca, mar aon le gach ábhar digiteach.

Gné eile níos urchóidí d’uirlisí físchomhrá is ea  trolláil agus sracadh gnéis. Is é atá i gceist leis seo, píosaí físe a cheaptar a bheith beo ó cheamara gréasáin a chraoladh. Tá sé éasca seo a dhéanamh agus ceadaíonn sé do dhaoine mímhacánta  cur i gcéill gur duine eile iad, de ghnáth cailín óg dathúil, chun fir óga a mhealladh le bualadh le chéile i gcomhair gnéis. Is é a tharlaíonn de ghnáth go mbagraítear ar an úsáideoir a taifeadadh i ngan fhios go dtaispeánfar an taifead den eachtra mura n-íoctar airgead. Tuairiscíodh eachtraí inar thug coirpigh eagraithe faoin gcineál seo calaoise chun airgead a bhaint de dhaoine.  Tá an cineál dallamullóg seo sofaisticiúil agus deacair le brath. Níl go leor leanaí ar an eolas gur féidir seo a dhéanamh. Arís, is maith an smaoineamh labhairt leo agus insint dóibh gur féidir ligean ort gur duine eile thú agus go bhfuil seans ann go bhfuil na daoine lena bhfuil tú ag labhairt ag ligean orthu gur daoine eile iad. Féadfaidh an t-úsáideoir chomh maith a bpróifíl a athrú go príobháideach chun cosc a chur le haon riosca féideartha.

Conas bac a chur ar úsáideoirí ar ooVoo?

Ceadaíonn ooVoo d’úsáideoirí úsáideoirí eile a bhlocáil. Ag brath ar an ngaireas atá ag an úsáideoir, beidh an rogha seo difriúil. I gcomhair tuilleadh faisnéise téigh chuig Ceisteanna Coitianta anseo  agus roghnaigh an gaireas atá in úsáid agat, cliceáil ar an nasc a insíonn cén chaoi le duine a bhlocáil.

Féadfaidh úsáideoirí neamhaird a dhéanamh d’iarratais ar chairdeas nach bhfuil ag teastáil uathu, má fhaigheann úsáideoir cuireadh ó dhuine nach bhfuil aithne acu air, roghnaigh DÉAN NEAMHAIRD ar an iarratas ar chairdeas agus tá rogha chomh maith chun an duine sin a bhlocáil ó theagmháil a dhéanamh leat arís.