Treoir do Thuismitheoirí maidir le Minecraft

Treoir do Thuismitheoirí maidir le Minecraft

m2-alt

Cad is Minecraft ann?

Cluiche ríomhaire tríthoiseach é
Minecraft inar féidir le himreoirí rud ar bith a thógáil. Rinneadh cur síos ar an gcluiche mar ‘Lego ar líne’. Tá bloic thógála sa chluiche agus cruthaítear struchtúir i dtimpeallachtaí agus i dtír-raonta éagsúla. Tá sé suite i ndomhan fíorúil agus ní mór duit acmhainní a bhailiú, míreanna a chruthú, tógáil agus dul i mbun troda.

Tá sé ar cheann de na cluichí is coitianta ar domhan san am i láthair agus is bealach iontach é do pháistí foghlaim faoi chruthaitheacht agus faoi chomhoibriú.

Is féidir Minecraft a imirt ar ríomhairí, ar ghutháin, ar tháibléid agus ar chonsóil. Féadfaidh an cluiche thart ar €20 a chosaint ag brath ar an ngléas a bhfuil tú á imirt air.

An bhfuil Aoisteorainn i gceist?

Rátáladh Minecraft mar chluiche atá oiriúnach dóibh siúd atá os cionn 7 mbliana d’aois. Ba í an ghníomhaireacht Eorpach um rátáil cluichí, PEGI, an dream a thug an rátáil sin. Gabhann aoisteorainn 13+ leis an gcluiche féin, áfach. Baineann sé sin leis na ceanglais riaracháin a ghabhann le coinneáil sonraí faoi pháistí seachas aon imní sábháilteachta. Ní iarrtar cruthúnas ar aois ort nuair a chláraíonn tú.

Cén fáth a bhfuil an oiread sin tóra ar Minecraft i measc páistí?

Tá an-tóir ar Minecraft i measc páistí, go háirithe iad siúd atá idir 6 agus 13 bliana d’aois. Is é an fáth a bhfuil an cluiche chomh coitianta sin ná gur féidir le himreoirí rud ar bith a thógáil…idir chathracha agus rollchóstóirí agus rudaí nach iad. Níl rialacha ar bith sa chluiche agus níl aon teorainn leis na féidearthachtaí.

Tá mód ilimreora sa chluiche leis. Feidhm choitianta é sin i measc imreoirí óga toisc go dtig leo imirt lena gcairde agus cuidiú lena chéile cruthúcháin úra a thógáil. Is é saoirse an chluiche an rud is fearr le bunús na bpáistí.

m3-alt

An mbaineann tairbhí ar bith as Minecraft a imirt?

Tá roinnt tairbhí agus scileanna is féidir le páistí a fhoghlaim agus a fhorbairt de bharr Minecraft a imirt. Thosaigh corrscoil ag cur an chluiche san áireamh sa seomra ranga fiú amháin. Cad iad na tairbhí, mar sin?

  • Scileanna réitigh fadhbanna a fhorbairt
  • Litearthacht ar ríomhairí a fheabhsú – is féidir le páistí bunscileanna ríomhchláraithe agus bogearraí a fhorbairt agus a fhoghlaim
  • An chruthaitheacht a spreagadh agus scileanna dearaidh a fhorbairt – is féidir le himreoirí rud ar bith a shamhlaíonn siad a thógáil/a chruthú
  • Scileanna obair bhuíne a fheabhsú agus comhoibriú a spreagadh
  • Scileanna matamaiticiúla, spásúla agus anailíseacha a fheabhsú.

 

An bhfuil aon rioscaí ann?

Tá roinnt rioscaí féideartha ann a bhféadfadh tuismitheoirí a bheith buartha fúthu. Is furasta cuid mhór acu sin a láimhseáil, áfach.

Mód Ilimreora

Tá roghanna um ilimreoirí agus um imreoir aonair le fáil in Minecraft. Is maith le neart páistí an mód ilimreora a úsáid ionas go dtig leo imirt lena gcairde agus le daoine timpeall na cruinne. Dála mhóramh na gcluichí agus na n-aipeanna ar líne, d’fhéadfaí teacht ar dhroch-chaint, ciapadh, ábhar míchuí, etc. D’fhonn é sin a sheachaint, tig leat cluichí a shocrú mar imreoir aonair amháin (is féidir é sin a dhéanamh i socruithe an chluiche) nó rogha an chomhrá a dhíchumasú sa mhód ilimreora. Cliceáil anseo chun sonraí a fháil faoin dóigh a gcastar an comhrá as.

Foréigean

Is beag ábhar foréigneach, ábhar glinn ná ábhar míchuí in Minecraft, mar shampla níl fuil ar bith sa chluiche. Is féidir le himreoirí ainmhithe nó a chéile a bhualadh nó a mharú sa mhód ilimreora, áfach, ach ní é sin príomhfhócas an chluiche agus tá na grafaicí ar nós cartúin.

m1-alt

Minecraft ar YouTube

Is iomaí páiste a bhreathnaíonn ar ranganna teagaisc Minecraft ar YouTube chun cabhair agus leideanna a fháil don chluiche. Tá droch-chaint nó teachtaireachtaí míchuí le feiceáil ar roinnt ranganna teagaisc ar YouTube. Ionas nach bhfeicfidh do pháiste a leithéid, spreag iad chun úsáid a bhaint as na cainéil mholta YouTube seo i gcomhair ranganna teagaisc Minecraft.

Seo a leanas túsphointe maith: commonsensemedia.org/blog/the-10-best-kid-friendly-minecraft-channels-on-youtube

Leideanna Breise do Thuismitheoirí

D’fhéadfadh sé a bheith ina chabhair teorainneacha ama a shocrú i dtaca leis an méid ama a bhíonn do pháiste ar ghléas.

Leag roinnt bunrialacha imeartha síos – mar shampla, déan d’intinn suas an bhfuil nó nach bhfuil tú compordach le do pháiste ag baint úsáide as an mód ilimreora nó ag caint le himreoirí eile ar líne.

Más maith leat tuilleadh faisnéise agus leideanna sábháilteachta a fháil faoi chluichíocht ar líne amharc ar: webwise.ie/parents/online-gaming-for-parents/