Treoir maidir le Cibearbhulaíocht

Treoir maidir le Cibearbhulaíocht

Treoir maidir le Cibearbhulaíocht

Tá an chibearbhulaíocht ina crá mór. Tugadh le fios i dtorthaí tosaigh an tsuirbhé ón mbliain anuraidh, Páistí an AE ar Líne (‘EU Kids Online’) gur mhaígh beagnach ceathrú de na páistí go ndearnadh bulaíocht orthu ar líne. Táthar den tuairim leis go bhfuil an figiúr seo ag dul i méad.

Mar thuismitheoir, is dócha gur rud nua duit í an chibearbhulaíocht. Cé go bhfuil na bulaithe ranga agus na bulaithe clós súgartha fós ann, tá an bhulaíocht féin tar éis teacht chun cinn.

Smaoinigh faoi: féadfaidh an tIdirlíon a bheith ina uirlis láithreach fhorleathan chumarsáide gan ainm – gléas den scoth faoi choinne bulaithe chun an oiread dochar mothúcháin a dhéanamh agus is féidir.

Ná déan dearmad, áfach, gur féidir an cineál nua contúirteach bulaíochta seo a chosc.

Cad is Cibearbhulaíocht ann?

Is eol dúinn uile a bhfuil i gceist le bulaíocht. Forrántacht nó iompraíocht bhéil, shíceolaíoch nó fhisiciúil is ea í a dhéanann duine aonair nó grúpa le duine eile arís agus arís eile. Fadhb a bhí inti ón tús, níl sí ceart agus níor chóir dearmad a dhéanamh uirthi ná neamhaird a dhéanamh di.

Tá an chibearbhulaíocht cóir a bheith mar an gcéanna agus d’fhéadfaí a rá go bhfuil sí níos contúirtí. Baineann cibearbhulaithe úsáid as an Idirlíon, as fóin phóca agus as teicneolaíochtaí eile chun dochar síceolaíoch a dhéanamh.

Tá cuid mhór cineálacha cibearbhulaíochta ann. Bulaíocht ar líne é teachtaireachtaí, ríomhphoist, grianghraif nó gearrthóga físe bagracha nó suaracha a sheoladh, teachtaireachtaí mailíseacha a phostáil ar shuíomhanna líonraithe shóisialta, ar chláir theachtaireachtaí nó ar sheomraí comhrá, próifílí bréagacha a bhunú chun drochrudaí a rá faoi dhuine éigin nó teacht ar chuntas duine éigin arís agus arís eile le cur isteach orthu.

Tá an tIdirlíon breac le teachtaireachtaí mailíseacha. Cásanna aon uaire iad cuid mhór acu áfach agus ní mheastar gur ábhair bhulaíochta iad. Athfheachtas marthanach í an chibearbhulaíocht d’iompraíocht a mbíonn tionchar fíordhiúltach aici ar leas an íospartaigh.

Is tábhachtach a mheabhrú: is saincheist iompraíochta í an chibearbhulaíocht seachas saincheist teicneolaíochta.

Cad é an Difríocht idir Cibearbhulaíocht agus Bulaíocht?

 

Treoir maidir le Cibearbhulaíocht

Is iad na príomhdhifríochtaí idir an bhulaíocht agus an chibearbhulaíocht go mbíonn an chumarsáid idir an t-aos óg ar líne folaithe ó dhaoine fásta de ghnáth; is doiligh í a bhrath agus dul i ngleic léi dá thoradh.

Bíonn bulaithe ábalta gníomhú go hionsaitheach i rith an ama de bharr na neamhainmníochta a bhaineann leis an gcibearbhulaíocht. Tá mórán daoine óga den tuairim nach ionann an tIdirlíon agus ‘an fíorshaol’ agus, dá bhrí sin, measann siad nach ngearrfaí pionós orthu as a scríobhann siad.

Bíonn an tionchar is mó agus is féidir ag postáil teachtaireachtaí mioscaiseacha ar líne toisc go scaipeann slua mór focail na mbulaithe go forleathan agus go láithreach, i gcomparáid le teachtaireachta míchuí a scríobh ar leabhar scoile.

Mar gheall ar airíonna eile a ghabhann leis an gcibearbhulaíocht, is féidir í a dhéanamh ag tráth ar bith de thairbhe go bhfuil an teicneolaíocht mórthimpeall orainn uile anois i bhfoirm fóin phóca, táibléad agus ríomhairí glúine, agus fanann teachtaireachtaí gráiniúla ar líne go brách freisin. Ina theannta sin, bhíodh aitheantas na mbulaithe ar eolas ag na páistí san am a chuaigh thart, ach is minic nach mbíonn a fhios ag páistí sa lá atá inniu ann cé hé nó hí an duine atá ag déanamh bulaíochta orthu ar an Idirlíon.

Cad is féidir liom a Dhéanamh má tá Bulaíocht á Déanamh ar mo Pháiste ar Líne?

Tá aithne níos fearr ag tuismitheoirí ar a gcuid páistí ná duine ar bith eile. Dá bharr seo, tá tusa san áit is fearr chun aon chibearbhulaíocht a dhéanfaí orthu a aithint agus a réiteach.

Tá athrú ollmhór tar éis teacht ar iompraíocht tuismitheoirí le déanaí – tugann na torthaí taighde is deireanaí ón gCuid Éireannach den Suirbhé, Páistí an AE ar Líne le fios go bhfuil siad níos buartha faoina bhfuil ar bun ag a bpáistí ar líne ná mar atá siad faoi alcól, faoi dhrugaí nó faoi eolas a bheith ag na Gardaí faoi dhrochiompar a bpáistí.

Bíonn bulaithe ábalta gníomhú go hionsaitheach i rith an ama de bharr na neamhainmníochta a bhaineann leis an gcibearbhulaíocht.

Tá roinnt comharthaí soiléire ann a chuireann an chibearbhulaíocht in iúl. Is féidir leat súil a choimeád amach faoina gcoinne.

Mura mbíonn fonn ar do pháiste dul ar scoil, nó má siad trína chéile, faoi chian nó feargach tar éis dóibh fón nó ríomhaire pearsanta a úsáid, d’fhéadfadh sé tarlú go bhfuil cibearbhulaíocht á déanamh orthu.

Má sheachnaíonn do pháiste an ríomhaire, má chailleann siad suim sa teicneolaíocht nó má athraíonn siad an scáileán go mear nuair a thagann tú isteach sa seomra, d’fhéadfadh an chibearbhulaíocht a bheith i gceist.

Agus tú i do thuismitheoir, ní mór duit a dheimhniú go bhfuil tú ag plé leis an mbulaíocht. Fiafraigh na ceithre cheist a leanas díot féin:

  1. An bhfuiltear ag díriú ar do pháiste amháin nó an bhfuiltear ag díriú ar dhrong?
  2. An bhfuil sé seo ag titim amach le tamall anuas?
  3. An bhfuil an iompraíocht ina cuid de phatrún a tharlaíonn arís agus arís eile?
  4. An é aidhm na hiompraíochta seo dochar a dhéanamh do do pháiste nó é nó í a shuaitheadh?

A luaithe a oibríonn tú amach go bhfuil bulaíocht ar bun, ba chóir duit dul i dteagmháil le scoil nó le hógeagraíocht do pháiste. Ba chóir duit scairt a chur ar Sholáthróirí Seirbhíse Idirlín freisin agus, má tá an chibearbhulaíocht tromchúiseach, nó más féidir léi a bheith coiriúil, moltar duit teagmháil a dhéanamh leis na Gardaí áitiúla.

Tá sé tábhachtach iarraidh ar do pháiste labhairt leat faoin gcibearbhulaíocht má tá tú chun timpeallacht oscailte dhearfach a choimeád. Féadfaidh sé seo cuidiú leat dul i ngleic leis an gcás. Féadfaidh freagairt dhiúltach don chás, mar shampla bac a chur ar úsáid a bhaint as an Idirlíon nó as fón póca, cuid mhór dochair a dhéanamh agus ní inseofar duit faoin gcibearbhulaíocht má tharlaíonn sí arís.

Cén Chomhairle a Chuirfidh mé ar mo Pháiste?

Tabhair moladh do do pháiste a chéaduair as ucht teacht chugat le caint faoin bhfadhb.

Tabhair an chomhairle a leanas dóibh ansin:

  • Ná Freagair: Níor cheart do dhaoine óga freagra a thabhairt choíche ar theachtaireachtaí a chuireann isteach orthu nó a chiapann iad. Is breá leis an mbulaí a fháil amach gur chuir siad isteach ar an duine. Cuireann sé leis an bhfadhb má thugtar freagairt dóibh agus téann cúrsaí in olcas dá bharr.
  • Coimeád na Teachtaireachtaí: Beidh do pháiste ábalta taifead a choimeád ar an mbulaíocht, ar na dátaí agus ar na hamanna, má dhéanann siad teachtaireachtaí mioscaiseacha a choimeád. Beidh sé seo úsáideach d’aon scoil ina dhiaidh sin nó le haghaidh imscrúdú na nGardaí.
  • Cuir Bac ar an Seoltóir: Ní chaithfidh duine ar bith cur suas le ciapadh ó dhuine eile. Is féidir le páistí bac a chur ar theagmhálaithe trí sholáthróirí seirbhíse ar fhóin phóca, ar láithreáin líonraithe shóisialta nó i seomraí comhrá.
  • Déan Fadhbanna a Thuairisciú: Déan cinnte go dtuairiscíonn do pháiste cásanna ar bith cibearbhulaíochta do shuíomhanna gréasáin nó do sholáthróirí seirbhíse. Tá uirlisí tuairiscithe ar shuíomhanna amhail Facebook. Ach úsáid a bhaint as na huirlisí seo, beidh do pháiste ag tabhairt faisnéis thábhachtach do dhaoine ar féidir leo cur le díothú na cibearbhulaíochta.

Ní foláir do pháistí tuiscint a fháil ar an dochar mothúcháin a d’fhéadfadh an chibearbhulaíocht agus gach cineál bulaíochta eile, a dhéanamh. Tá an uile chineál bulaíochta ina n-ábhar crá agus péine agus ba cheart deireadh a chur le gach sórt bulaíochta. Spreagfar na páistí chun úsáid fhreagrach a bhaint as an Idirlíon má chuirtear an méid seo ina luí orthu agus trí bhéim a leagan ar a thábhachtaí atá sé gníomhú má tá bulaíocht á himirt ar dhuine éigin eile.

Tá roinnt rudaí is féidir leat a dhéanamh chun dul i ngleic leis an gcibearbhulaíocht.

Is féidir leat a mhíniú do do pháiste freisin a thábhachtaí atá sé gan mothúcháin duine a ghoilleadh trí ríomhphost nó trí shaghsanna eile cumarsáide leictreonaí.

Abair leo go bhfuil sé ríthábhachtach meas a bheith acu do chearta daoine eile ar líne sna dóigheanna seo a leanas: gan daoine a mhaslú ar an Idirlíon agus a bheith suaimhneach iad féin má mhaslaítear iad.

Ní mór a mhúineadh do pháistí freisin chun meas a léiriú ar phríobháideachas daoine eile ar líne agus ní mór dóibh a bheith freagrach trí chéile le linn dóibh a bheith ar an Idirlíon.

Cibearbhulaíocht a Chosc

Siocair go bhfuil an bhulaíocht ar líne i mbun síorathrú, agus de bharr go sáraíonn sí timpeallacht na scoile, is deacair í a chosc agus a stopadh.

Tá corr-rud is féidir leat a dhéanamh, áfach, le cinntiú go dtéitear i ngleic leis an gcibearbhulaíocht sula dtarlaíonn sí ar chor ar bith.

Mar thuismitheoir, tig leat atmaisféar dearfach tacaíochta a chruthú do do pháiste i dtaca leis an mbulaíocht. Is minic a bhíonn eagla ar pháistí í a thuairisciú de thoradh go mbíonn imní orthu go n-éireoidh an bhulaíocht níos measa.

Trí fheasacht a spreagadh agus trí bheith oscailte le do pháiste, beidh siad muiníneach labhairt leat faoin gcibearbhulaíocht in áit í a chur i bhfolach ort.

Ba chóir duit dul i dtaithí ar an úsáid a bhaineann do pháiste as an Idirlíon agus as an bhfón freisin. Déan do mhac nó d’iníon a spreagadh leis na suíomhanna gréasáin a mbaineann siad úsáid astu, a thaispeáint duit. Béarfaidh sé an t-eolas riachtanach duit leis na cinntí cearta a dhéanamh nuair a thagann dúshláin aníos.

Dea-smaoineamh é ‘béasaíocht Idirlín’ mhaith, ar cód neamhfhoirmiúil iompraíochta í tráth a bhítear ar líne, a spreagadh. San áireamh sa bhéasaíocht Idirlín tá úsáid teanga cirte ar líne, a bheith múinte agus gan saothar daoine eile a chóipeáil, agus cloí le dlíthe cóipchirt i leith comhaid cheoil, físeáin agus íomhá.

Soláthraíonn oibritheoirí líonraí móibíleacha seirbhís ‘dérochtana’ – d’fhéadfadh sé seo a bheith ina huirlis an-fhónta. Cuireann sí ar do chumas teacht ar thaifid chuntais fón póca do pháiste, mar shampla, na glaonna a cuireadh, iarmhéideanna cuntais, etc. Déan teagmháil le do sholáthróir fón póca i gcomhair tuilleadh faisnéise.

Anuas air sin, ba cheart go mbeadh ráitis frithbhulaíochta san áireamh i bPolasaí Úsáide Inghlactha (AUP) scoile i leith an Idirlín. Ba chóir iad a chur i bhfeidhm go tréan agus athbhreithniú a dhéanamh orthu go leanúnach. Sa mhullach air sin, ba cheart go mbeadh beartais ghinearálta frithbhulaíochta i ngníomh sna scoileanna.