Vine: míniú ar an aip físe

Vine: míniú ar an aip físe

Ceann-AirteagalVine

Tá na mílte aip fón póca ann, i ndáiríre, a bhfuil an-tóir ag daoine óga orthu chun cumarsáid a dhéanamh lena gcuid cairde.

Le blianta beaga anuas, de réir mar atá feabhas tagtha ar theicneolaíocht na bhfón cliste, tá teachtaireachtaí físeáin tagtha chun suntais.

Agus is é Vine, aip trínar féidir le húsáideoirí físeáin 7 soicind a thaifeadadh agus a roinnt, ceann de na haipeanna is mó a bhfuil tóir orthu in ainneoin go bhfuil sé níos lú ná dhá bhliain ó tháinig sé amach.

Cad is Vine ann?

VineGooglePlay

Aip is ea Vine – ar le Twitter í – agus is féidir é a íoslódáil saor in aisce ó stóras aipeanna Apple, ó Stóras Fón Windows nó ó ardán Android, Google Play.

Nuair a bheidh sé íoslódáilte, is féidir le húsáideoirí clárú trína bhfaisnéis aitheantais ar Twitter a úsáid (nó trína ríomhphost a úsáid).VineSide

Cuireann an aip seo ar chumas úsáideoirí físeáin suas le seacht soicind a thaifeadadh.

Cuireann sé ar chumas úsáideoirí eagarthóireacht a dhéanamh i bhformáid bheo trína cheanglas go gcuireann úsáideoirí a méar ar an scáileán chun an taifeadadh a dhéanamh agus é a bhaint de chun an taifeadadh a stopadh.

Gabhann an aip fuaim chomh maith.

Nuair a bheidh an taifeadadh déanta, is féidir le húsáideoirí an físeán a thaifead siad a roinnt tríd an líonra sóisialta Vince nó trí Twitter nó Facebook.

Tairbhí

Is fiú a léiriú go bhfuil leas bainte as an aip ag a lán daoine, lena n-áirítear iriseoirí agus fógróirí, chun cásanna ón bhfíorshaol a thaifeadadh.

Úsáidtear Vine ar bhonn laethúil chun imeachtaí beo éagsúla a thaifeadadh, mar shampla, d’úsáid agóideoirí agus iriseoirí araon é le linn éirí amach na hÚcráine

Go deimhin do dhaoine óga, cuireann sé ar a gcumas iad féin a chur in iúl trí leas a bhaint as an teicneolaíocht chomhaimseartha.

Is iad seo a leanas roinnt samplaí iontacha de na bealaí nuálacha inar féidir an aip a úsáid chun físeáin ghairide fhaiseanta a chruthú:

Agus toisc go bhfuil sé saor in aisce í a íoslódáil, is uirlis iontach nuálach í an aip le haghaidh meonta óga nuálacha.

Anseo Tugann Edutopia breac-chuntas ar roinnt samplaí iontacha ar an dóigh ar féidir an aip a úsáid sa seomra ranga

Na rioscaí

Mar sin féin, tá sé tuairiscithe ag a lán de na soláthraithe meán gur úsáideadh an aip san am a chuaigh thart chun ábhar pornagrafach agus ábhar mí-úsáide eile a thaifeadadh agus a fhoilsiú.

Cé go bhfuil téarmaí maidir le teorainneacha úsáide de 17 mbliana d’aois agus níos sine ag baint leis, mar atá le mórán den líonrú sóisialta ar líne, tá sé beagnach dodhéanta faire a dhéanamh air.

Go deimhin, tá liosta iomlán ar an láithreán dá rialuithe liostaithe ar líne, lena n-áirítear baic ar léiriú carachtair, foréigin agus bagairtí, agus ábhair mhíchuí.

Anuraidh, bhí ar a lán láithreáin ghréasáin líonraithe shóisialta, cosúil le Vine, a rialacha maidir leis an íosaois a ardú ó 12 bhliain d’aois go 17 mbliana d’aois mar thoradh ar scaipeadh ábhair mhíchuí.

Cé go mbíonn ábhar do dhaoine fásta amháin ann go minic, is féidir é sin a sheachaint nuair a úsáidtear é ar bhealach sábháilte.

Conclúid

Tríd is tríd, sílimid gur uirlis iontach í an aip ar féidir le daoine óga leas a bhaint aisti ar bhealach bunúil sábháilte.

I gcás na ndaoine siúd ar mian leo a gcéad chéim i dtáirgeadh físeán a dhéanamh, is cinnte go gcuireann Vine uirlisí atá saor in aisce agus éasca le húsáid ar fáil a chuirfidh ar chumas daoine óga bheith cruthaitheach.

Agus sin é is bun agus barr leis an Idirlíon: spás a thabhairt do gach duine a rogha rud a dhéanamh ar bhealach cruthaitheach nuálach.

Is cinnte. Gur maith linn. An aip seo.