Gréasán 2.0 agus faisnéis shlán

Gréasán 2.0 agus faisnéis shlán

ENISA

Tagraíonn an téarma Gréasán 2.0 do nádúr idirghníomhach an ghréasáin sa lá atá inniu ann.  Nuair a baineadh úsáid as an Idirlíon an chéad uair, ba go statach é. Bhíomar inár dtomhaltóirí ar na meáin ar líne. Ní dhearnamar ach ábhar a chruthaigh daoine eile a léamh.

Sa lá atá inniu ann, bímid ag úsáid an Idirlín go hidirghníomhach den chuid is mó – ag déanamh tráchta, ag cur in iúl gur maith linn rudaí, ag tabhairt soncanna dá chéile, ag cruthú meán agus ag obair as lámh a chéile le daoine eile ar fud an domhain san fhíor-am.

Dar leis an nGníomhaireacht Eorpach um Shlándáil Líonra agus Faisnéise (ENISA), tá tairbhe ollmhór le baint as nádúr idirghníomhach an Ghréasáin 2.0 agus neart deiseanna le tapú, ach tá baol áirithe slándála agus príobháideachais ann freisin nach mór aird a dhíriú air nuair a bhíonn  grianghraif á roinnt, vicithe agus leabharmharcanna sóisialta á n-úsáid agus an líonrú sóisialta á dhéanamh.

Deir Giles Hogben ó ENISA:

“Tá feidhmchláir Ghréasáin 2.0 ag cur na dteicneolaíochtaí gréasáin atá ann cheana féin go deireadh a réimse cumais. Fágann sin go mbíonn ar na forbróirí is oilte, fiú, dul i muinín na haiceála agus seift a bhaint as lúba ar lár sa chóras le go n-oibreoidh a gcuid feidhmchlár.”

Is é an fáth bunúsach a bhfuil ag éirí le Gréasán 2.0 ná go gcuireann sé ar chumas úsáideoirí ábhar a chur leis an Idirlíon iad féin agus cumarsáid a dhéanamh le chéile. Gabhann dúshláin nua leis an rath sin freisin, áfach.   Mar shampla, is deacra muinín a chur i bhfaisnéis nuair nach eol duit cé a chum ar dtús í nó cad as di.

D’aimsigh mé ar líne é. Caithfidh go bhfuil sé fíor?

Rinne an suirbhé bainteach ENISA anailís ar na modhanna a úsáideann daoine chun a dhéanamh amach cé acu an leathanach gréasáin bréige é nó nach hea. Bhainfeadh an toradh stangadh asat. Bíonn formhór na ndaoine muiníneach as foinsí a fhad is go bhfuil siad le feiceáil i níos mó ná áit amháin ar líne.

Bíonn sé de nós ag blaganna agus ag vicithe na ráflaí céanna a chur i gcúrsaíocht, áfach, a fhágann nach straitéis éifeachtach í sin a thuilleadh. Tá fianaise ann mar shampla gur bréag a bhí i gcuid de na scéalta faoi dhaoine cáiliúla agus faoi iarrthóirí uachtaránachta a bhí le fáil i mblaganna. Sampla eile is ea na ráflaí stoic “pumpála agus dumpála” ar an ngréasán a ardaíonn praghas scaireanna go bréagach.

“Tá bealach níos fearr de dhíth orainn le fáil amach an féidir linn a bheith muiníneach as an bhfaisnéis a aimsímid ar an nGréasán 2.0,” a dúirt an tUasal Andrea Pirotti, Stiúrthóir Feidhmiúcháin ENISA.

Ní mór do na scoileanna scileanna litearthachta digití a theagasc

Caithfidh glúin an Ghréasáin 2.0 foghlaim faoi gcaoi leis an ábhar a n-aimsíonn siad ar líne a dheimhniú. Caithfidh siad foghlaim cén chaoi ábhar agus faisnéis an Idirlín a chur i gcomparáid le foinsí iontaofa. Caithfidh siad an difríocht idir fíoras agus tuairim phearsanta a thuiscint. Caithfidh siad a bheith airdeallach faoin gclaontacht agus feasach ar thionchar na meán sóisialta.

Bearta chun sonraí pearsanta a chosaint ar líne

Chuir ENISA tuarascáil le chéile a bhí bunaithe ar an méid a bhí le rá ag painéal saineolaithe idirnáisiúnta sa tslándáil ghréasáin. Moltar roinnt tionscnamh inti a bhaineann le hailtireacht agus le caighdeáin an ghréasáin chomh maith le gníomhartha beartais. Orthu sin tá dreasachtaí chun ríomhchlárú níos sláine agus bearta níos fearr a dhéanamh chun sonraí pearsanta a roinneann daoine aonair eatarthu féin a chosaint.

Tabhair cuairt ar ENISA

Tags: