{"id":46178,"date":"2021-03-12T17:11:59","date_gmt":"2021-03-12T17:11:59","guid":{"rendered":"https:\/\/www.webwise.ie\/10-dteama-na-saoranachta-digiti\/"},"modified":"2021-03-12T17:11:59","modified_gmt":"2021-03-12T17:11:59","slug":"10-dteama-na-saoranachta-digiti","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/www.webwise.ie\/ga\/muinteoiri-ga\/10-dteama-na-saoranachta-digiti\/","title":{"rendered":"10 dT\u00e9ama na Saor\u00e1nachta Digit\u00ed"},"content":{"rendered":"<p><img loading=\"lazy\" decoding=\"async\" class=\"aligncenter size-full wp-image-32047\" src=\"https:\/\/www.webwise.ie\/wp-content\/uploads\/2020\/07\/img1009.jpg\" alt=\"\" width=\"602\" height=\"332\" srcset=\"https:\/\/www.webwise.ie\/wp-content\/uploads\/2020\/07\/img1009.jpg 602w, https:\/\/www.webwise.ie\/wp-content\/uploads\/2020\/07\/img1009-300x165.jpg 300w, https:\/\/www.webwise.ie\/wp-content\/uploads\/2020\/07\/img1009-600x332.jpg 600w\" sizes=\"auto, (max-width: 602px) 100vw, 602px\" \/>A bhu\u00ed le teicneola\u00edochta\u00ed digiteacha agus tr\u00ed bheith ar l\u00edne, t\u00e1 an deis ag daoine \u00f3ga ruda\u00ed a fhoghlaim is a chruth\u00fa mar aon leis an deis a bheith ag imirt, ag nascadh, ag bualadh le ch\u00e9ile agus ag foghlaim. Is \u00e9ard at\u00e1 i gceist le saor\u00e1nacht dhigiteach an cumas a bheith agat p\u00e1irt dhearfach agus ghn\u00edomhach a ghlacadh sa tsocha\u00ed tr\u00edd an teicneola\u00edocht dhigiteach a \u00fas\u00e1id. M\u00e1 t\u00e1 daoine \u00f3ga le bheith ina saor\u00e1naigh dhigiteacha chumasacha, n\u00ed m\u00f3r an t-eolas agus na scileanna riachtanacha a bheith acu. Ar na hinni\u00falachta\u00ed at\u00e1 de dh\u00edth, n\u00ed m\u00f3r na scileanna digiteacha a bheith agat chun faisn\u00e9is ar l\u00edne a mheas, n\u00ed m\u00f3r feasacht an tomhaltachais ar l\u00edne a bheith agat mar aon le tuiscint ar shaincheisteanna pr\u00edobh\u00e1ideachais agus sl\u00e1nd\u00e1la. Ina measc si\u00fad freisin, \u00e1ir\u00edtear inni\u00falachta\u00ed ginear\u00e1lta na saor\u00e1nachta ar n\u00f3s meas agus comhbh\u00e1 i leith a ch\u00e9ile.<\/p>\n<h2><strong>Cad iad 10 dT\u00e9ama na Saor\u00e1nachta Digit\u00ed?<\/strong><\/h2>\n<p>M\u00e1 t\u00e1 daoine \u00f3ga le bheith ina saor\u00e1naigh dhigiteacha chumasacha, n\u00ed m\u00f3r d\u00f3ibh roinnt inni\u00falachta\u00ed a fhorbairt. T\u00e1 10 dt\u00e9ama\/r\u00e9imse sainaitheanta ag<strong> Gr\u00fapa Saineolaithe de chuid Comhairle na hEorpa um Oideachas Saor\u00e1nachta Digit\u00ed<\/strong> chun na hinni\u00falachta\u00ed at\u00e1 le forbairt ag Saor\u00e1naigh Dhigiteacha a shainmh\u00edni\u00fa. T\u00e1 idir luachanna, scileanna, mheonta, eolas agus tuiscint chritici\u00fail i ngach ceann de na t\u00e9ama\u00ed sin.<\/p>\n<p>Ranga\u00edtear na t\u00e9ama\u00ed i dtr\u00ed phr\u00edomhchatag\u00f3ir:<\/p>\n<ul>\n<li><strong>Bheith ar l\u00edne<\/strong><\/li>\n<li><strong>Foll\u00e1ine ar l\u00edne<\/strong><\/li>\n<li><strong>Cearta ar l\u00edne<\/strong><\/li>\n<\/ul>\n<p>&nbsp;<\/p>\n<p>Seo a leanas 10 dT\u00e9ama na Saor\u00e1nachta Digit\u00ed at\u00e1 curtha sna tr\u00ed chatag\u00f3ir sin:<\/p>\n<p><strong>Bheith ar l\u00edne<\/strong><\/p>\n<ul>\n<li>Rochtain agus Cuimsi\u00fa<\/li>\n<\/ul>\n<p>Baineann s\u00e9 sin le rochtain ar an timpeallacht dhigiteach agus \u00e1ir\u00edtear ann r\u00e9imse inni\u00falachta\u00ed a bhaineann n\u00ed hamh\u00e1in leis na cine\u00e1lacha \u00e9ags\u00fala eisiamh ar l\u00edne a sh\u00e1r\u00fa, ach freisin leis na scileanna at\u00e1 de dh\u00edth ag saor\u00e1naigh amach anseo chun bheith rannph\u00e1irteach i sp\u00e1sanna digiteacha at\u00e1 ar oscailt do gach cine\u00e1l tuairim mhionlaigh n\u00f3 tuairim\u00ed \u00e9ags\u00fala.<\/p>\n<ul>\n<li>Foghlaim agus Cruthaitheacht<\/li>\n<\/ul>\n<p>Baineann s\u00e9 sin leis an bhfonn at\u00e1 ar dhaoine agus leis an meon at\u00e1 acu i leith na foghlama i dtimpeallachta\u00ed digiteacha ar feadh an tsaoil, ar mhaithe le cine\u00e1lacha \u00e9ags\u00fala cruthaitheachta a fhorbairt mar aon lena gcur in i\u00fal, le huirlis\u00ed agus i gcomhth\u00e9acsanna \u00e9ags\u00fala. Cl\u00fada\u00edtear ann inni\u00falachta\u00ed na forbartha pearsanta agus gairmi\u00fala ar mhaithe le saor\u00e1naigh a ullmh\u00fa chun aghaidh a thabhairt go muin\u00edneach cumasach, agus ar bheala\u00ed \u00e9ags\u00fala, ar na d\u00fashl\u00e1in a bhaineann le sochaithe at\u00e1 ar maos sa teicneola\u00edocht.<\/p>\n<ul>\n<li>Na Me\u00e1in agus Litearthacht Faisn\u00e9ise<\/li>\n<\/ul>\n<p>Baineann s\u00e9 sin leis an gcumas a bheith in ann ciall a bhaint as faisn\u00e9is ar na me\u00e1in dhigiteacha, an fhaisn\u00e9is sin a thuiscint, agus a bheith in ann cruthaitheacht a chur in i\u00fal tr\u00ed na me\u00e1in sin, a bhu\u00ed le smaointeoireacht chritici\u00fail. Is rud \u00e9 sin, litearthacht ar na me\u00e1in agus litearthacht faisn\u00e9ise, nach m\u00f3r a fhorbairt tr\u00ed oideachas agus tr\u00ed bheith ag pl\u00e9 ar bhonn lean\u00fanach leis an timpeallacht m\u00f3rthimpeall orainn: t\u00e1 s\u00e9 r\u00edth\u00e1bhachtach dul n\u00edos faide n\u00e1 \u201ca bheith in ann\u201d me\u00e1n n\u00f3 dh\u00f3 a \u00fas\u00e1id, mar shampla, n\u00f3 a bheith \u201car an eolas\u201d faoi rud. N\u00ed m\u00f3r don saor\u00e1nach digiteach meon a fhorbairt lena mbaineann s\u00e9\/s\u00ed \u00fas\u00e1id as smaointeoireacht chritici\u00fail mar bhonn le bheith rannph\u00e1irteach go br\u00edoch agus go h\u00e9ifeachtach ina phobal\/pobal fein.<\/p>\n<p>&nbsp;<\/p>\n<p><strong>Foll\u00e1ine ar l\u00edne <\/strong><\/p>\n<ul>\n<li>C\u00farsa\u00ed Eitice agus Comhbh\u00e1<\/li>\n<\/ul>\n<p>Baineann an r\u00e9imse seo le hiompar agus le hidirghn\u00edomh\u00fa eitici\u00fail idir dhaoine ar l\u00edne bunaithe ar scileanna ar n\u00f3s an cumas a bheith in ann moth\u00fach\u00e1in agus dearctha\u00ed daoine eile a aithint agus a thuiscint. Is bunriachtanas \u00e9 an comhbh\u00e1 i nd\u00e1il le hidirghn\u00edomh\u00fa dearfach ar l\u00edne agus i nd\u00e1il leis na f\u00e9idearthachta\u00ed at\u00e1 ar f\u00e1il tr\u00edd an domhan digiteach a thabhairt faoi deara.<\/p>\n<ul>\n<li>Sl\u00e1inte agus Foll\u00e1ine<\/li>\n<\/ul>\n<p>C\u00f3na\u00edonn saor\u00e1naigh dhigiteacha ar l\u00edne agus as l\u00edne araon. D\u00e1 bhr\u00ed sin, n\u00ed leor scileanna bun\u00fasacha na hinni\u00falachta digit\u00ed. T\u00e1 r\u00e9imse meonta, scileanna, luachanna agus eolais de dh\u00edth ag daoine le go mbeadh tuiscint acu ar shaincheisteanna a bhaineann le sl\u00e1inte agus foll\u00e1ine. Is \u00e9ard at\u00e1 i gceist leis an tsl\u00e1inte agus an fholl\u00e1ine i ndomhan at\u00e1 ar maos sa teicneola\u00edocht n\u00e1 feasacht a bheith agat faoi na saincheisteanna agus na deiseanna ar f\u00e9idir tionchar a bheith acu ar fholl\u00e1ine, lena n-\u00e1ir\u00edtear ach gan a bheith teoranta d\u00edobh seo: and\u00fail ar l\u00edne, eirgeanama\u00edocht agus staidi\u00fair, r\u00f3-\u00fas\u00e1id gl\u00e9asanna digiteacha agus soghluaiste.<\/p>\n<ul>\n<li>L\u00e1ithreacht ar l\u00edne agus Cumars\u00e1id<\/li>\n<\/ul>\n<p>Baineann an r\u00e9imse seo le forbairt tr\u00e9ithe pearsanta agus idirphearsanta a thaca\u00edonn le saor\u00e1naigh dhigiteacha l\u00e1ithreacht agus f\u00e9ini\u00falacht ar l\u00edne a th\u00f3g\u00e1il agus a chothabh\u00e1il mar aon le hidirghn\u00edomh\u00fa dearfach, ciallmhar agus seasmhach ar l\u00edne. \u00c1ir\u00edtear ann inni\u00falachta\u00ed amhail cumars\u00e1id ar l\u00edne agus idirghn\u00edomh\u00fa le daoine eile ar sp\u00e1sanna s\u00f3isialta f\u00edor\u00fala mar aon le sonra\u00ed agus rianta an duine a bhainisti\u00fa.<\/p>\n<p>&nbsp;<\/p>\n<p><strong>Cearta Ar L\u00edne<\/strong><\/p>\n<ul>\n<li>Rannph\u00e1irt\u00edocht Ghn\u00edomhach<\/li>\n<\/ul>\n<p>Baineann an rannph\u00e1irt\u00edocht ghn\u00edomhach leis na hinni\u00falachta\u00ed at\u00e1 de dh\u00edth ag saor\u00e1naigh le go mbeidh siad go hioml\u00e1n feasach faoi conas idirghn\u00edomh\u00fa a dh\u00e9anamh laistigh de na timpeallachta\u00ed digiteacha a mb\u00edonn siad iontu ar mhaithe le cinnt\u00ed freagracha a dh\u00e9anamh agus, ag an am c\u00e9anna, a bheith rannph\u00e1irteach go gn\u00edomhach agus go dearfach sna cult\u00fair dhaonlathacha ina bhfuil c\u00f3na\u00ed orthu.<\/p>\n<ul>\n<li>Cearta agus Freagrachta\u00ed<\/li>\n<\/ul>\n<p>Sa chaoi cheannann ch\u00e9anna a bhfuil cearta ag saor\u00e1naigh agus freagrachta\u00ed orthu sa domhan fisiceach, t\u00e1 cearta \u00e1irithe ag saor\u00e1naigh dhigiteacha sa domhan ar l\u00edne agus t\u00e1 freagrachta\u00ed orthu freisin. T\u00e1 cearta pr\u00edobh\u00e1ideachais, sl\u00e1nd\u00e1la, rochtana agus cuimsithe ag saor\u00e1naigh dhigiteacha, an ceart ar shaoirse cainte agus n\u00edos m\u00f3. Mar sin f\u00e9in, gabhann freagrachta\u00ed leis na cearta sin, freagrachta\u00ed a bhaineann le c\u00farsa\u00ed eitice agus comhbh\u00e1 agus freagrachta\u00ed eile maidir le timpeallacht dhigiteach at\u00e1 s\u00e1bh\u00e1ilte agus freagrach a chinnti\u00fa do ch\u00e1ch.<\/p>\n<ul>\n<li>Pr\u00edobh\u00e1ideachas agus Sl\u00e1nd\u00e1il<\/li>\n<\/ul>\n<p>Baineann dh\u00e1 choincheap \u00e9ags\u00fala leis an r\u00e9imse seo: Baineann pr\u00edobh\u00e1ideachas go pr\u00edomha le cosaint phearsanta do shonra\u00ed f\u00e9in agus shonra\u00ed daoine eile ar l\u00edne agus baineann Sl\u00e1nd\u00e1il n\u00edos m\u00f3 le feasacht an duine faoi ghn\u00edomhartha agus iompar ar l\u00edne. \u00c1ir\u00edtear sa r\u00e9imse seo inni\u00falachta\u00ed ar n\u00f3s faisn\u00e9is phearsanta agus faisn\u00e9is daoine eile a chomhroinntear ar l\u00edne a bhainisti\u00fa mar ba cheart n\u00f3 deile\u00e1il leis an tsl\u00e1nd\u00e1il ar l\u00edne (mar shampla tr\u00ed \u00fas\u00e1id scagair\u00ed nasclean\u00fana, pasfhocail, bogearra\u00ed frithv\u00edreas agus balla d\u00f3ite\u00e1n) ionas gur f\u00e9idir c\u00e1sanna dainse\u00e1racha n\u00f3 droch-ch\u00e1sanna a sheachaint.<\/p>\n<ul>\n<li>Feasacht Tomhaltachais<\/li>\n<\/ul>\n<p>Is timpeallacht \u00e9 an t-idirl\u00edon a bhaineann leis an iliomad gn\u00e9ithe, amhail na me\u00e1in sh\u00f3isialta n\u00f3 sp\u00e1sanna s\u00f3isialta f\u00edor\u00fala eile, rud a fh\u00e1gtar go minic go gcialla\u00edonn bheith i do shaor\u00e1nach digiteach agus bheith i do thomhalt\u00f3ir chomh maith. Is ceann de na hinni\u00falachta\u00ed at\u00e1 de dh\u00edth ag daoine chun neamhsple\u00e1chas a chothabh\u00e1il mar shaor\u00e1naigh dhigiteacha \u00e9 tuiscint a bheith acu ar na himpleachta\u00ed a bhaineann leis na cr\u00edocha tr\u00e1cht\u00e1la at\u00e1 le feice\u00e1il ar roinnt mhaith sp\u00e1sanna ar l\u00edne.<\/p>\n<p>Foinse: <a href=\"https:\/\/rm.coe.int\/16809382f9.\">L\u00e1mhleabhar Oideachais um Shaor\u00e1nacht Dhigiteach de chuid Chomhairle na hEorpa<\/a><\/p>\n<p><strong>Acmhainn\u00ed \u00das\u00e1ideacha<\/strong><\/p>\n<p><a href=\"https:\/\/www.webwise.ie\/download\/33224\/\">All Aboard for DigiTown<\/a> \u2013 Conaire foghlama do ph\u00e1ist\u00ed idir 9-12 maidir le conas a bheith i do shaor\u00e1nach digiteach cliste.<\/p>\n<p>&nbsp;<\/p>\n<p>&nbsp;<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>A bhu\u00ed le teicneola\u00edochta\u00ed digiteacha agus tr\u00ed bheith ar l\u00edne, t\u00e1 an deis ag daoine \u00f3ga ruda\u00ed a fhoghlaim is a chruth\u00fa mar aon leis an deis a bheith ag imirt, ag nascadh, ag bualadh le ch\u00e9ile agus ag foghlaim. Is \u00e9ard at\u00e1 i gceist le saor\u00e1nacht dhigiteach an cumas a bheith agat p\u00e1irt dhearfach agus ghn\u00edomhach a ghlacadh sa tsocha\u00ed tr\u00edd an teicneola\u00edocht dhigiteach a \u00fas\u00e1id. M\u00e1 t\u00e1 daoine \u00f3ga le bheith ina saor\u00e1naigh dhigiteacha chumasacha, n\u00ed m\u00f3r an t-eolas agus na scileanna riachtanacha a bheith acu.<\/p>\n","protected":false},"author":365,"featured_media":32055,"comment_status":"closed","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"_acf_changed":false,"_uag_custom_page_level_css":"","footnotes":""},"categories":[139,79],"tags":[1124,1123,1125,1122],"class_list":["post-46178","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-comhairle-do-mhuinteoiri-ga","category-muinteoiri-ga","tag-all-aboard-for-digitown-ga","tag-comhairle-na-heorpa","tag-saoranach-digiteach","tag-saoranacht-dhigiteach"],"acf":[],"yoast_head":"<!-- This site is optimized with the Yoast SEO plugin v27.4 - https:\/\/yoast.com\/product\/yoast-seo-wordpress\/ -->\n<title>10 dT\u00e9ama na Saor\u00e1nachta Digit\u00ed -<\/title>\n<meta name=\"description\" content=\"Le bheith ina saor\u00e1naigh dhigiteacha chumasacha, n\u00ed m\u00f3r an t-eolas agus na scileanna riachtanacha a bheith ag daoine \u00f3ga.\" \/>\n<meta name=\"robots\" content=\"index, follow, max-snippet:-1, max-image-preview:large, max-video-preview:-1\" \/>\n<link rel=\"canonical\" href=\"https:\/\/www.webwise.ie\/ga\/muinteoiri-ga\/10-dteama-na-saoranachta-digiti\/\" \/>\n<meta property=\"og:locale\" content=\"en_US\" \/>\n<meta property=\"og:type\" content=\"article\" \/>\n<meta property=\"og:title\" content=\"10 dT\u00e9ama na Saor\u00e1nachta Digit\u00ed -\" \/>\n<meta property=\"og:description\" content=\"Le bheith ina saor\u00e1naigh dhigiteacha chumasacha, n\u00ed m\u00f3r an t-eolas agus na scileanna riachtanacha a bheith ag daoine \u00f3ga.\" \/>\n<meta property=\"og:url\" content=\"https:\/\/www.webwise.ie\/ga\/muinteoiri-ga\/10-dteama-na-saoranachta-digiti\/\" \/>\n<meta property=\"og:site_name\" content=\"Webwise.ie\" \/>\n<meta property=\"article:publisher\" content=\"https:\/\/www.facebook.com\/Webwise\/\" \/>\n<meta property=\"article:published_time\" content=\"2021-03-12T17:11:59+00:00\" \/>\n<meta property=\"og:image\" content=\"https:\/\/www.webwise.ie\/wp-content\/uploads\/2020\/07\/img7531.jpg\" \/>\n\t<meta property=\"og:image:width\" content=\"760\" \/>\n\t<meta property=\"og:image:height\" content=\"360\" \/>\n\t<meta property=\"og:image:type\" content=\"image\/jpeg\" \/>\n<meta name=\"author\" content=\"catriona2\" \/>\n<meta name=\"twitter:label1\" content=\"Written by\" \/>\n\t<meta name=\"twitter:data1\" content=\"catriona2\" \/>\n\t<meta name=\"twitter:label2\" content=\"Est. reading time\" \/>\n\t<meta name=\"twitter:data2\" content=\"7 minutes\" \/>\n<script type=\"application\/ld+json\" class=\"yoast-schema-graph\">{\"@context\":\"https:\\\/\\\/schema.org\",\"@graph\":[{\"@type\":\"Article\",\"@id\":\"https:\\\/\\\/www.webwise.ie\\\/ga\\\/muinteoiri-ga\\\/10-dteama-na-saoranachta-digiti\\\/#article\",\"isPartOf\":{\"@id\":\"https:\\\/\\\/www.webwise.ie\\\/ga\\\/muinteoiri-ga\\\/10-dteama-na-saoranachta-digiti\\\/\"},\"author\":{\"name\":\"catriona2\",\"@id\":\"https:\\\/\\\/www.webwise.ie\\\/ga\\\/#\\\/schema\\\/person\\\/2aebf6c758ede44564a52c2108c29bc8\"},\"headline\":\"10 dT\u00e9ama na Saor\u00e1nachta Digit\u00ed\",\"datePublished\":\"2021-03-12T17:11:59+00:00\",\"mainEntityOfPage\":{\"@id\":\"https:\\\/\\\/www.webwise.ie\\\/ga\\\/muinteoiri-ga\\\/10-dteama-na-saoranachta-digiti\\\/\"},\"wordCount\":1402,\"image\":{\"@id\":\"https:\\\/\\\/www.webwise.ie\\\/ga\\\/muinteoiri-ga\\\/10-dteama-na-saoranachta-digiti\\\/#primaryimage\"},\"thumbnailUrl\":\"https:\\\/\\\/www.webwise.ie\\\/wp-content\\\/uploads\\\/2020\\\/07\\\/img7531.jpg\",\"keywords\":[\"All Aboard for DigiTown\",\"Comhairle na hEorpa\",\"Saor\u00e1nach Digiteach\",\"saor\u00e1nacht dhigiteach\"],\"articleSection\":[\"Comhairle do Mh\u00fainteoir\u00ed\",\"M\u00fainteoir\u00ed\"],\"inLanguage\":\"en-GA\"},{\"@type\":\"WebPage\",\"@id\":\"https:\\\/\\\/www.webwise.ie\\\/ga\\\/muinteoiri-ga\\\/10-dteama-na-saoranachta-digiti\\\/\",\"url\":\"https:\\\/\\\/www.webwise.ie\\\/ga\\\/muinteoiri-ga\\\/10-dteama-na-saoranachta-digiti\\\/\",\"name\":\"10 dT\u00e9ama na Saor\u00e1nachta Digit\u00ed -\",\"isPartOf\":{\"@id\":\"https:\\\/\\\/www.webwise.ie\\\/ga\\\/#website\"},\"primaryImageOfPage\":{\"@id\":\"https:\\\/\\\/www.webwise.ie\\\/ga\\\/muinteoiri-ga\\\/10-dteama-na-saoranachta-digiti\\\/#primaryimage\"},\"image\":{\"@id\":\"https:\\\/\\\/www.webwise.ie\\\/ga\\\/muinteoiri-ga\\\/10-dteama-na-saoranachta-digiti\\\/#primaryimage\"},\"thumbnailUrl\":\"https:\\\/\\\/www.webwise.ie\\\/wp-content\\\/uploads\\\/2020\\\/07\\\/img7531.jpg\",\"datePublished\":\"2021-03-12T17:11:59+00:00\",\"author\":{\"@id\":\"https:\\\/\\\/www.webwise.ie\\\/ga\\\/#\\\/schema\\\/person\\\/2aebf6c758ede44564a52c2108c29bc8\"},\"description\":\"Le bheith ina saor\u00e1naigh dhigiteacha chumasacha, n\u00ed m\u00f3r an t-eolas agus na scileanna riachtanacha a bheith ag daoine \u00f3ga.\",\"breadcrumb\":{\"@id\":\"https:\\\/\\\/www.webwise.ie\\\/ga\\\/muinteoiri-ga\\\/10-dteama-na-saoranachta-digiti\\\/#breadcrumb\"},\"inLanguage\":\"en-GA\",\"potentialAction\":[{\"@type\":\"ReadAction\",\"target\":[\"https:\\\/\\\/www.webwise.ie\\\/ga\\\/muinteoiri-ga\\\/10-dteama-na-saoranachta-digiti\\\/\"]}]},{\"@type\":\"ImageObject\",\"inLanguage\":\"en-GA\",\"@id\":\"https:\\\/\\\/www.webwise.ie\\\/ga\\\/muinteoiri-ga\\\/10-dteama-na-saoranachta-digiti\\\/#primaryimage\",\"url\":\"https:\\\/\\\/www.webwise.ie\\\/wp-content\\\/uploads\\\/2020\\\/07\\\/img7531.jpg\",\"contentUrl\":\"https:\\\/\\\/www.webwise.ie\\\/wp-content\\\/uploads\\\/2020\\\/07\\\/img7531.jpg\",\"width\":760,\"height\":360},{\"@type\":\"BreadcrumbList\",\"@id\":\"https:\\\/\\\/www.webwise.ie\\\/ga\\\/muinteoiri-ga\\\/10-dteama-na-saoranachta-digiti\\\/#breadcrumb\",\"itemListElement\":[{\"@type\":\"ListItem\",\"position\":1,\"name\":\"Home\",\"item\":\"https:\\\/\\\/www.webwise.ie\\\/ga\\\/\"},{\"@type\":\"ListItem\",\"position\":2,\"name\":\"10 dT\u00e9ama na Saor\u00e1nachta Digit\u00ed\"}]},{\"@type\":\"WebSite\",\"@id\":\"https:\\\/\\\/www.webwise.ie\\\/ga\\\/#website\",\"url\":\"https:\\\/\\\/www.webwise.ie\\\/ga\\\/\",\"name\":\"Webwise\",\"description\":\"The Irish Internet Safety Awareness Centre\",\"potentialAction\":[{\"@type\":\"SearchAction\",\"target\":{\"@type\":\"EntryPoint\",\"urlTemplate\":\"https:\\\/\\\/www.webwise.ie\\\/ga\\\/?s={search_term_string}\"},\"query-input\":{\"@type\":\"PropertyValueSpecification\",\"valueRequired\":true,\"valueName\":\"search_term_string\"}}],\"inLanguage\":\"en-GA\"},{\"@type\":\"Person\",\"@id\":\"https:\\\/\\\/www.webwise.ie\\\/ga\\\/#\\\/schema\\\/person\\\/2aebf6c758ede44564a52c2108c29bc8\",\"name\":\"catriona2\",\"image\":{\"@type\":\"ImageObject\",\"inLanguage\":\"en-GA\",\"@id\":\"https:\\\/\\\/secure.gravatar.com\\\/avatar\\\/a96c2a42718343462c502cf0c0d73c75dca9b8ff8b21b5f6fc54ebf0b06c40a2?s=96&d=mm&r=g\",\"url\":\"https:\\\/\\\/secure.gravatar.com\\\/avatar\\\/a96c2a42718343462c502cf0c0d73c75dca9b8ff8b21b5f6fc54ebf0b06c40a2?s=96&d=mm&r=g\",\"contentUrl\":\"https:\\\/\\\/secure.gravatar.com\\\/avatar\\\/a96c2a42718343462c502cf0c0d73c75dca9b8ff8b21b5f6fc54ebf0b06c40a2?s=96&d=mm&r=g\",\"caption\":\"catriona2\"},\"url\":\"https:\\\/\\\/www.webwise.ie\\\/ga\\\/author\\\/catriona2\\\/\"}]}<\/script>\n<!-- \/ Yoast SEO plugin. -->","yoast_head_json":{"title":"10 dT\u00e9ama na Saor\u00e1nachta Digit\u00ed -","description":"Le bheith ina saor\u00e1naigh dhigiteacha chumasacha, n\u00ed m\u00f3r an t-eolas agus na scileanna riachtanacha a bheith ag daoine \u00f3ga.","robots":{"index":"index","follow":"follow","max-snippet":"max-snippet:-1","max-image-preview":"max-image-preview:large","max-video-preview":"max-video-preview:-1"},"canonical":"https:\/\/www.webwise.ie\/ga\/muinteoiri-ga\/10-dteama-na-saoranachta-digiti\/","og_locale":"en_US","og_type":"article","og_title":"10 dT\u00e9ama na Saor\u00e1nachta Digit\u00ed -","og_description":"Le bheith ina saor\u00e1naigh dhigiteacha chumasacha, n\u00ed m\u00f3r an t-eolas agus na scileanna riachtanacha a bheith ag daoine \u00f3ga.","og_url":"https:\/\/www.webwise.ie\/ga\/muinteoiri-ga\/10-dteama-na-saoranachta-digiti\/","og_site_name":"Webwise.ie","article_publisher":"https:\/\/www.facebook.com\/Webwise\/","article_published_time":"2021-03-12T17:11:59+00:00","og_image":[{"width":760,"height":360,"url":"https:\/\/www.webwise.ie\/wp-content\/uploads\/2020\/07\/img7531.jpg","type":"image\/jpeg"}],"author":"catriona2","twitter_misc":{"Written by":"catriona2","Est. reading time":"7 minutes"},"schema":{"@context":"https:\/\/schema.org","@graph":[{"@type":"Article","@id":"https:\/\/www.webwise.ie\/ga\/muinteoiri-ga\/10-dteama-na-saoranachta-digiti\/#article","isPartOf":{"@id":"https:\/\/www.webwise.ie\/ga\/muinteoiri-ga\/10-dteama-na-saoranachta-digiti\/"},"author":{"name":"catriona2","@id":"https:\/\/www.webwise.ie\/ga\/#\/schema\/person\/2aebf6c758ede44564a52c2108c29bc8"},"headline":"10 dT\u00e9ama na Saor\u00e1nachta Digit\u00ed","datePublished":"2021-03-12T17:11:59+00:00","mainEntityOfPage":{"@id":"https:\/\/www.webwise.ie\/ga\/muinteoiri-ga\/10-dteama-na-saoranachta-digiti\/"},"wordCount":1402,"image":{"@id":"https:\/\/www.webwise.ie\/ga\/muinteoiri-ga\/10-dteama-na-saoranachta-digiti\/#primaryimage"},"thumbnailUrl":"https:\/\/www.webwise.ie\/wp-content\/uploads\/2020\/07\/img7531.jpg","keywords":["All Aboard for DigiTown","Comhairle na hEorpa","Saor\u00e1nach Digiteach","saor\u00e1nacht dhigiteach"],"articleSection":["Comhairle do Mh\u00fainteoir\u00ed","M\u00fainteoir\u00ed"],"inLanguage":"en-GA"},{"@type":"WebPage","@id":"https:\/\/www.webwise.ie\/ga\/muinteoiri-ga\/10-dteama-na-saoranachta-digiti\/","url":"https:\/\/www.webwise.ie\/ga\/muinteoiri-ga\/10-dteama-na-saoranachta-digiti\/","name":"10 dT\u00e9ama na Saor\u00e1nachta Digit\u00ed -","isPartOf":{"@id":"https:\/\/www.webwise.ie\/ga\/#website"},"primaryImageOfPage":{"@id":"https:\/\/www.webwise.ie\/ga\/muinteoiri-ga\/10-dteama-na-saoranachta-digiti\/#primaryimage"},"image":{"@id":"https:\/\/www.webwise.ie\/ga\/muinteoiri-ga\/10-dteama-na-saoranachta-digiti\/#primaryimage"},"thumbnailUrl":"https:\/\/www.webwise.ie\/wp-content\/uploads\/2020\/07\/img7531.jpg","datePublished":"2021-03-12T17:11:59+00:00","author":{"@id":"https:\/\/www.webwise.ie\/ga\/#\/schema\/person\/2aebf6c758ede44564a52c2108c29bc8"},"description":"Le bheith ina saor\u00e1naigh dhigiteacha chumasacha, n\u00ed m\u00f3r an t-eolas agus na scileanna riachtanacha a bheith ag daoine \u00f3ga.","breadcrumb":{"@id":"https:\/\/www.webwise.ie\/ga\/muinteoiri-ga\/10-dteama-na-saoranachta-digiti\/#breadcrumb"},"inLanguage":"en-GA","potentialAction":[{"@type":"ReadAction","target":["https:\/\/www.webwise.ie\/ga\/muinteoiri-ga\/10-dteama-na-saoranachta-digiti\/"]}]},{"@type":"ImageObject","inLanguage":"en-GA","@id":"https:\/\/www.webwise.ie\/ga\/muinteoiri-ga\/10-dteama-na-saoranachta-digiti\/#primaryimage","url":"https:\/\/www.webwise.ie\/wp-content\/uploads\/2020\/07\/img7531.jpg","contentUrl":"https:\/\/www.webwise.ie\/wp-content\/uploads\/2020\/07\/img7531.jpg","width":760,"height":360},{"@type":"BreadcrumbList","@id":"https:\/\/www.webwise.ie\/ga\/muinteoiri-ga\/10-dteama-na-saoranachta-digiti\/#breadcrumb","itemListElement":[{"@type":"ListItem","position":1,"name":"Home","item":"https:\/\/www.webwise.ie\/ga\/"},{"@type":"ListItem","position":2,"name":"10 dT\u00e9ama na Saor\u00e1nachta Digit\u00ed"}]},{"@type":"WebSite","@id":"https:\/\/www.webwise.ie\/ga\/#website","url":"https:\/\/www.webwise.ie\/ga\/","name":"Webwise","description":"The Irish Internet Safety Awareness Centre","potentialAction":[{"@type":"SearchAction","target":{"@type":"EntryPoint","urlTemplate":"https:\/\/www.webwise.ie\/ga\/?s={search_term_string}"},"query-input":{"@type":"PropertyValueSpecification","valueRequired":true,"valueName":"search_term_string"}}],"inLanguage":"en-GA"},{"@type":"Person","@id":"https:\/\/www.webwise.ie\/ga\/#\/schema\/person\/2aebf6c758ede44564a52c2108c29bc8","name":"catriona2","image":{"@type":"ImageObject","inLanguage":"en-GA","@id":"https:\/\/secure.gravatar.com\/avatar\/a96c2a42718343462c502cf0c0d73c75dca9b8ff8b21b5f6fc54ebf0b06c40a2?s=96&d=mm&r=g","url":"https:\/\/secure.gravatar.com\/avatar\/a96c2a42718343462c502cf0c0d73c75dca9b8ff8b21b5f6fc54ebf0b06c40a2?s=96&d=mm&r=g","contentUrl":"https:\/\/secure.gravatar.com\/avatar\/a96c2a42718343462c502cf0c0d73c75dca9b8ff8b21b5f6fc54ebf0b06c40a2?s=96&d=mm&r=g","caption":"catriona2"},"url":"https:\/\/www.webwise.ie\/ga\/author\/catriona2\/"}]}},"spectra_custom_meta":{"_encloseme":["1"],"_wpml_word_count":["{\"total\":0,\"to_translate\":{\"en\":1229,\"ga\":1229}}"],"_wpml_media_duplicate":["1"],"_wpml_media_featured":["1"],"_yoast_wpseo_primary_category":["7"],"_top_nav_excluded":[""],"_cms_nav_minihome":[""],"_yoast_wpseo_metadesc":["Le bheith ina saor\u00e1naigh dhigiteacha chumasacha, n\u00ed m\u00f3r an t-eolas agus na scileanna riachtanacha a bheith ag daoine \u00f3ga."],"_yoast_wpseo_focuskw":["Saor\u00e1nacht dhigiteach"],"_thumbnail_id":["32055"],"_uag_page_assets":["a:9:{s:3:\"css\";s:0:\"\";s:2:\"js\";s:0:\"\";s:18:\"current_block_list\";a:1:{i:0;s:12:\"core\/heading\";}s:8:\"uag_flag\";b:0;s:11:\"uag_version\";s:10:\"1777569934\";s:6:\"gfonts\";a:0:{}s:10:\"gfonts_url\";s:0:\"\";s:12:\"gfonts_files\";a:0:{}s:14:\"uag_faq_layout\";b:0;}"]},"uagb_featured_image_src":{"full":["https:\/\/www.webwise.ie\/wp-content\/uploads\/2020\/07\/img7531.jpg",760,360,false],"thumbnail":["https:\/\/www.webwise.ie\/wp-content\/uploads\/2020\/07\/img7531-190x190.jpg",190,190,true],"medium":["https:\/\/www.webwise.ie\/wp-content\/uploads\/2020\/07\/img7531-300x142.jpg",300,142,true],"medium_large":["https:\/\/www.webwise.ie\/wp-content\/uploads\/2020\/07\/img7531.jpg",640,303,false],"large":["https:\/\/www.webwise.ie\/wp-content\/uploads\/2020\/07\/img7531.jpg",640,303,false],"listing-thumbnail":["https:\/\/www.webwise.ie\/wp-content\/uploads\/2020\/07\/img7531.jpg",760,360,false],"listing-location-thumbnail":["https:\/\/www.webwise.ie\/wp-content\/uploads\/2020\/07\/img7531.jpg",150,71,false],"1536x1536":["https:\/\/www.webwise.ie\/wp-content\/uploads\/2020\/07\/img7531.jpg",760,360,false],"2048x2048":["https:\/\/www.webwise.ie\/wp-content\/uploads\/2020\/07\/img7531.jpg",760,360,false],"gform-image-choice-sm":["https:\/\/www.webwise.ie\/wp-content\/uploads\/2020\/07\/img7531.jpg",300,142,false],"gform-image-choice-md":["https:\/\/www.webwise.ie\/wp-content\/uploads\/2020\/07\/img7531.jpg",400,189,false],"gform-image-choice-lg":["https:\/\/www.webwise.ie\/wp-content\/uploads\/2020\/07\/img7531.jpg",600,284,false]},"uagb_author_info":{"display_name":"catriona2","author_link":"https:\/\/www.webwise.ie\/ga\/author\/catriona2\/"},"uagb_comment_info":0,"uagb_excerpt":"A bhu\u00ed le teicneola\u00edochta\u00ed digiteacha agus tr\u00ed bheith ar l\u00edne, t\u00e1 an deis ag daoine \u00f3ga ruda\u00ed a fhoghlaim is a chruth\u00fa mar aon leis an deis a bheith ag imirt, ag nascadh, ag bualadh le ch\u00e9ile agus ag foghlaim. Is \u00e9ard at\u00e1 i gceist le saor\u00e1nacht dhigiteach an cumas a bheith agat p\u00e1irt dhearfach&hellip;","_links":{"self":[{"href":"https:\/\/www.webwise.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/46178","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/www.webwise.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/www.webwise.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/www.webwise.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/users\/365"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/www.webwise.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=46178"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/www.webwise.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/46178\/revisions"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/www.webwise.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media\/32055"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/www.webwise.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=46178"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/www.webwise.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=46178"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/www.webwise.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=46178"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}