Webwise: Eolas Fúinn

Tionscnamh um shábháilteacht Idirlín é Webwise a bhfuil mar aidhm aige feasacht a mhúscailt ar shaincheisteanna sábháilteachta ar líne agus ar dhea-chleachtas i measc daltaí, a dtuismitheoirí agus a múinteoirí.

Is é Webwise Ionad na hÉireann um Fheasacht ar Shábháilteacht Idirlín arna mhaoiniú ag an Roinn Oideachais agus Scileanna agus ag an gClár um Idirlíon níos Sábháilte de chuid an AE. Is comhaltaí sinn de ghréasán Insafe.

Cuibhreannas é tionscadal SaferInternetIE (SII) ina bhfuil comhpháirtithe tionscail, oideachais, leas páistí agus rialtais a sholáthraíonn feidhmeanna agus gníomhaíochtaí feasachta, beolíne agus líne chabhrach i bPoblacht na hÉireann.

Tá sé mar aidhm ag an tionscadal, arna chomhardú ag an Oifig Sábháilteachta Idirlín, tionscnaimh náisiúnta a fhorbairt chun úsáid níos sábháilte as na meáin leictreonacha a chur chun cinn agus chun iad siúd is mó i mbaol, go háirithe páistí, a chosaint níos mó in aghaidh na ngnéithe diúltacha den Idirlíon.

Webwise,
Ionad Invent,
Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath,
Baile Átha Cliath 9,
Éire.
internetsafety@ncte.ie

Idirlíon níos Sábháilte, Éire

Cuibhreannas é tionscadal SaferInternetIE (SII) ina bhfuil comhpháirtithe tionscail, oideachais, leas páistí agus rialtais a sholáthraíonn feidhmeanna agus gníomhaíochtaí feasachta ar Idirlíon níos Sábháilte, beolíne agus líne chabhrach do Phoblacht na hÉireann.

Is iad na comhpháirtithe sa chuibhreannas Webwise, Líne Chabhrach na Leanaí, Comhairle Náisiúnta na dTuismitheoirí agus Cumann Soláthróirí Seirbhísí Idirlín na hÉireann.

Comhordaíonn an Oifig Sábháilteachta Idirlín (OIS) é chun tionscnaimh náisiúnta a fhorbairt chun úsáid níos sábháilte na meán leictreonach a chur chun cinn agus chun iad siúd is mó i mbaol, go háirithe páistí, a chosaint níos mó in aghaidh na ngnéithe diúltacha den Idirlíon.

Cuireann an cuibhreannas seo leis an taithí a gnóthaíodh sna tionscadail maidir le hIdirlíon níos Sábháilte a bhí fíor-rathúil ach neamhspleách a reáchtáladh roimhe seo.

Go hachomair, déanfar an méid seo a leanas sa tionscadal:

  • Cruthófar gníomhartha náisiúnta um Idirlín níos Sábháilte atá go mór os comhair an phobail agus a ndéanfar comhordú maith orthu. Beidh na gníomhartha seo inbhuanaithe sa todhchaí, de réir mar a bheidh teicneolaíochtaí agus úsáidí nua do na meáin ag forbairt i gcónaí.
  • Forbrófar ábhair agus cláir fheasachta chun a chinntiú go dtuigfidh páistí, múinteoirí agus tuismitheoirí na tairbhí agus na rioscaí a ghabhann leis an Idirlíon. Tabharfar comhairle iontu freisin faoin riachtanas maidir le hábhar neamhdhleathach nó ábhar díobhálach a thuairisciú má thagtar air, agus tabharfar treoir iontu faoin dóigh leis seo a dhéanamh.
  • Soláthrófar seirbhís ghairmiúil comhairleoireachta 24 uair sa lá, seacht lá na seachtaine, chun comhairle agus treoir a thabhairt do pháistí a gcuirfidh aon rud ar an Idirlíon isteach orthu.
  • Oibreofar seirbhís bheolíne Idirlín de réir na gcaighdeán is gairmiúla agus is féidir, a mbeidh an pobal muiníneach aisti chun tuairisciú rúnda gan ainm a dhéanamh ar ábhar nó ar ghníomhaíochtaí ar an Idirlíon a cheaptar a bheith neamhdhleathach.