Línte Cabhracha

I ré na ríomhchumarsáide láithrí, is deas é go bhfuil seirbhísí níos traidisiúnta éisteachta agus comhairle ann; seirbhísí níos pearsanta iad seo b’fhéidir.

Tugann Líne Chabhrach na Leanaí, seirbhís éisteachta Chumann na hÉireann um Chosaint Leanaí agus líne chabhrach Chomhairle Náisiúnta na dTuismitheoirí deis do dhaoine óga agus do thuismitheoirí araon labhairt faoina bhfiosrúcháin nó faoina mbuarthaí le foireann oilte.

Tugaimid an fhaisnéis ábhartha duit anseo faoin dá sheirbhís fóin.

Líne Chabhrach na Leanaí

Seirbhís rúnda fóin, ar líne agus fón póca í Líne Chabhrach na Leanaí. Tá sí saor in aisce agus pléann sí le pobal óg na hÉireann atá faoi bhun 18 mbliana déag d’aois.

Tugann sí seirbhís éisteachta oscailte atá saor ó bhreithiúnas do dhéagóirí agus do pháistí. Oibrithe deonacha ar cuireadh oiliúint ghairmiúil orthu atá ina bun.

Tá Líne Chabhrach na Leanaí go hiomlán faoi rún. Glacann siad na mílte glao, ríomhphost agus teachtaireacht téacs gach seachtain ó pháistí as gach cearn den tír. Tig leis na páistí dul i dteagmháil leis na hoibrithe deonacha gan ainm ar bith a lua.

Tá sé de chuspóir ag an tseirbhís an t-aos óg a chumasú agus a chosaint agus tacaíocht a thabhairt dóibh beag beann ar an abar ina bhfuil siad.

Tá oibrithe deonacha Líne Chabhrach na Leanaí réidh le héisteacht i gcónaí is cuma cén deacracht atá ag páiste, fiú mura bhfuil ach céile comhrá uathu.

Tá sí saor in aisce. Tá sí saor ó bhreithiúnas. Agus tá sí faoi rún.

Féadtar glaoch a chur ar Líne Chabhrach na Leanaí ar 1800 666666. Is féidir leat teachtaireacht téacs a sheoladh ach an focal ‘talk’ a chur chuig 50101. Tá roghanna comhrá gréasáin ar fáil ar shuíomh gréasáin na seirbhíse.

Líne Chabhrach Chomhairle Náisiúnta na dTuismitheoirí

Ní saol réchúiseach é saol an tuismitheora. Ach tá cúnamh ann ar fáil.

Seirbhís fóin faoi rún í líne chabhrach Chomhairle Náisiúnta na dTuismitheoirí (NPC) do thuismitheoirí a bhfuil imní orthu faoi ghné ar bith d’oideachas a bpáiste.

Éisteann a hoifigigh oilte, tugann siad comhairle agus tugann siad tacaíocht i réimsí éagsúla.

Bíonn sí ar oscailt ó Luan go Céadaoin idir 10am agus 5pm, agus idir 10am agus 4pm Déardaoin agus Dé hAoine. Déanfaidh an líne chabhrach plé ar cheisteanna nó ar ábhar buartha ar bith atá ag cur as duit.

San am a chuaigh thart, d’fhiafraigh tuismitheoirí imníocha dínn faoin mbulaíocht, faoi shábháilteacht scoile agus faoi shaincheisteanna obair bhaile. Tá pearsanra oilte an NPC réidh le do ghlaoch a fhreagairt is cuma cad is ábhar leis.

Má theastaíonn uait dul i dteagmháil leis an NPC, cuir glaoch ar 01-8874477 nó cuir ríomhphost chuig helpline@npc.ie.