
Tá ábhair imní thromchúiseacha léirithe ag saineolaithe maidir le hinfhaighteacht Uirlisí nó Aipeanna a úsáideann intleacht shaorga (IS) chun éadaí a bhaint go digiteach i ngrianghraif, rud a chruthaíonn íomhánna noicht bréige. Soláthróimid roinnt faisnéis thábhachtach anseo do scoileanna agus do thuismitheoirí/chaomhnóirí agus d’íospartaigh ionchasacha lena mbaineann.
Leitheadúlacht
Le sonraí ón Internet Watch Foundation (IWF), faightear tuairiscí go bhfuil méadú níos mó ná dúbailte tagtha ar Ábhar Mí-Úsáide Gnéasaí Leanaí (CSAM) a ghintear le IS le bliain anuas, ag méadú ó 199 in 2024 go 426 in 2025. D’fhoilsigh Internet Matters The New Face of Digital Abuse freisin, tuarascáil ina ndéantar iniúchadh ar iomadú na ndomhainbhrionnuithe noicht (Íomhánna nó físeáin gháirsiúla a ghintear le IS) agus eispéiris leanaí maidir leo.
Tugadh roinnt saincheisteanna tábhachtacha chun suntais sa tuarascáil a bhaineann le domhainbhrionnuithe noicht:
- Tá uirlisí ‘nochta’ ar fáil go forleathan ar líne, agus feictear iad i dtorthaí inneall cuardaigh príomhshrutha, agus chomh maith leis sin tá siad saor agus éasca le húsáid.
- Is mná agus cailíní atá i bhformhór mór na ndomhainbhrionnuithe[AS1] noicht.
- Tharla domhainbhrionnú noicht do 13% de leanaí cheana féin, rud a chruthaigh eagla agus imní i measc leanaí.
Ardaíodh go leor ábhair imní le déanaí faoi dhaoine aonair a ndeachaigh mí-úsáid as an intleachta shaorga ar ardáin meán sóisialta i gcion orthu, go háirithe i gcás inar úsáideadh uirlisí IS chun íomhánna gnéasaithe sintéiseacha de dhaoine aonair a chruthú, mionaoisigh san áireamh.
Céard is aipeanna nochta ann?
Uirlisí IS is ea aipeanna nochta a chruthaíonn íomhánna gnéasacha sintéiseacha de dhaoine aonair agus a úsáideann IS chun na héadaí a bhaint de dhaoine ag baint úsáid as a ngrianghraif atá ar fáil go poiblí. Cé nach fíoríomhanna iad na híomhánna sin, tá siad an-áititheach agus déanann siad fíordhochar. Ar an drochuair, tá cuid de na huirlisí ar fáil go héasca anois agus níl aon bhearta sábháilteachta á bhforfheidhmiú i gceart.
Cad a deirtear sa Dlí?
Tá sé mídhleathach íomhánna pearsanta nár tugadh toiliú ina leith (lena n-áirítear íomhánna a Ghintear le IS a roinnt, agus tá sé mídhleathach ábhar a bhaineann le mí-úsáid ghnéasach leanaí a ghiniúint. Faoin Acht um Gháinneáil ar Leanaí agus Pornagrafaíocht Leanaí, 1998, d’fhéadfaí príosúnacht nó fíneáil a ghearradh ar dhuine a tháirgeann agus a scaipeann ábhar mí-úsáide gnéasaí leanaí d’aon ghnó. Má bhíonn ball den phobal buartha faoi íomhánna a roinneadh ar líne, ba chóir dó/di é sin a thuairisciú don Gharda Síochána. Is féidir tuairiscí a chur faoi bhráid Bheolíne Idirlín na hÉireann; Hotline.ie freisin.
Molaimid d’úsáideoirí freisin ábhar mídhleathach a thuairisciú don ardán ar líne ar chonaic siad é air agus do Choimisiún na Meán. Faoinár gCreat Sábháilteachta Ar Líne, tá oibleagáid ar ardáin beart a dhéanamh maidir le tuairiscí ar ábhar mídhleathach.
Cad is féidir le scoileanna nó tuismitheoirí a bhfuil imní orthu a dhéanamh?
Molaimid do scoileanna agus do thuismitheoirí a bheith cúramach faoin dóigh a ndéileálfaidh siad le haon phlé ar an ábhar le daoine óga, díriú ar straitéisí coisctheacha, cuidiú agus tacaíocht a lorg, agus gan aon ardáin fhéideartha a ainmniú chun nach gcuirfí ardáin chun cinn i measc scoláirí nó nach dtreorófaí iad chuig ardáin trí thimpiste.
Na himpleachtaí dlíthiúla a thuiscint
Tá sé tábhachtach go mbeadh a fhios ag daoine óga go bhfuil sé mídhleathach íomhánna pearsanta nár tugadh toiliú ina leith a roinnt, agus go bhfuil sé mídhleathach ábhar a bhaineann le mí-úsáid ghnéasach leanaí a ghiniúint (lena n-áirítear íomhánna a ghintear le IS). Is féidir le scoileanna úsáid a bhaint as ábhair Cheacht Dlí Coco (leaganacha an 1ú-2ú bliain, 3ú– 5ú bliain).
Príobháideacht agus Cosc
Cuir i gcuimhne do scoláirí cé chomh tábhachtach agus atá sé a bpríobháideacht a chosaint ar líne, cuntais a shocrú go príobháideach, agus liostaí leantóirí a athbhreithniú agus a laghdú go cairde móra. Tá sé tábhachtach freisin a chur i gcuimhne do scoláirí gur féidir le beagnach gach uile dhuine aon íomhá/físeán nó píosa fuaime a fhoilsítear ar líne a chur in eagar nó a mhí-úsáid. Is féidir le scoileanna ceannaireacht a thabhairt le dea-shampla freisin trí athbhreithniú a dhéanamh ar a gcleachtais féin maidir le príobháideacht agus roinnt. D’fhoilsigh an DPC “Foireann Uirlisí um Chosaint Sonraí do Scoileanna” le déanaí ina bhfuil treoir shonrach maidir le grianghraif de scoláirí agus tá sé le fáil anseo: https://dataprotection.ie/en/dpc-guidance/data-protection-toolkit-schools.
Iompraíocht Mheasúil Ar Líne
Bain úsáid as ábhair Cheacht Dlí Coco chun labhairt le scoláirí faoi mheas agus toiliú ar líne. B’fhéidir gur am maith é freisin lena sheiceáil an bhfuil do AUP cothrom le dáta agus an léiríonn sé ábhair imní maidir le cruthú agus mí-úsáid Uirlisí IS. Tá treoir maidir le Ceisteanna AUP IS le fáil anseo: https://www.webwise.ie/aup-2/
Cuidiú agus Tacaíocht
Cuir i gcuimhne do dhaoine óga agus cuir ar a suaimhneas iad go bhfuil tacaíocht agus cuidiú ar fáil i gcónaí. Ba chóir do dhaoine óga cuidiú agus comhairle a iarraidh ar dhuine fásta iontaofa (tuismitheoir/caomhnóir, múinteoir) i gcónaí. Má tá a fhios agat go bhfuil duine ina (h)íospartach, tuairiscigh é sin don Gharda Síochána, is féidir leat tuairisc a dhéanamh chuig hotline.ie freisin, agus mholfaimis duit aon ábhar mídhleathach a thuairisciú don ardán ar líne ar chonaic tú é air agus do Choimisiún na Meán. Beidh beartais i gcoinne mí-úsáid íomhánna pearsanta ag formhór na n-ardán meán sóisialta, lena n-áirítear íomhánna gnéasacha a ghintear le IS agus ábhar mídhleathach lena n-áirítear ábhar mí-úsáide gnéasaí leanaí. Is féidir le scoileanna atá ag déileáil le haon teagmhais fhéideartha féachaint ar threoir ar lch.29 den acmhainn Taisceadán agus do bheartais um chumhdach leanaí agus um chosaint leanaí a bhaineann le do scoil a sheiceáil. Tá ceisteanna úsáideacha maidir le déileáil le teagmhais ar fáil ón gCoimisinéir um Shábháilteacht ar líne anseo freisin:
Ábhair Phlé do Thuismitheoirí
Chomh maith leis an gcomhairle thuas, is maith is fiú é labhairt go rialta le do leanbh agus a mheabhrú dó/di gur féidir leis/léi labhairt leat má tá imní orthu faoi rud ar bith. Seo roinnt ábhair phlé thábhachtacha.
Labhair faoi na rioscaí a bhaineann le híomhánna a roinnt ar líne agus cuir i gcuimhne do do dhéagóir nach bhfuil mórán smacht againn ar cad a tharlóidh don íomhá nó don fhíseán sin nuair a phostálaimid rud éigin ar líne. D’fhéadfadh sé a bheith éasca freisin íomhánna a chur in eagar agus a ionramháil i ngan fhios dúinn.
Labhair faoi mheas, muinín agus toiliú. Cuir i gcuimhne do do dhéagóir nach bhfuil sé ceart choíche íomhánna de dhuine a ghiniúint, a roinnt nó a phostáil gan toiliú a fháil uaidh/uaithi. Léirigh meas do dhaoine eile ar líne agus tabhair aire dóibh.
Bíodh eolas agat ar na haipeanna agus na hardáin a úsáideann do dhéagóirí, agus cuir i gcuimhne dó/di athbhreithniú a dhéanamh ar na socruithe príobháideachta, na huirlisí tuairiscithe a thuiscint agus smaoineamh ar theagmhálaithe leantóirí a laghdú go cairde móra amháin.
Cuir i gcuimhne do do leanbh, is cuma céard a tharlóidh, gur féidir leis/léi labhairt leat faoi aon rud a bhfuil imní nó buairt orthu faoi rud éigin a tharla dó/di ar líne. Tá tacaíocht ar fáil ó Líne Chabhrach na Leanaí freisin.
Is féidir le tuismitheoirí comhairle a fháil freisin ó Líne Chabhrach Chomhairle Náisiúnta na dTuismitheoirí.
Tá tuilleadh comhairle agus tacaíochta do theaghlaigh ar fáil ó: webwise.ie/parents/agus ISPCC Digital Ready Hub.
Tacaíocht agus Cuidiú
An Garda Síochána
Beolíne Idirlín na hÉireann
Coimisiún na Meán
Líne Chabhrach na Leanaí – ISPCC
Comhairle Náisiúnta na dTuismitheoirí
Séanadh: Ní hionann an fhaisnéis san alt seo agus comhairle dlí. Moltar do scoileanna agus do Thuismitheoirí/Chaomhnóirí fógra a thabhairt do na Gardaí agus comhairle dlí shonrach a iarraidh nuair a thagann cásanna den chineál sin chun cinn.