Skip to content

Beidh an Lá le haghaidh Idirlíon níos Sábháilte ar siúl Dé Máirt an 10 Feabhra 2026. Beidh an ceiliúradh bunaithe ar an téama, “Feasach ar IS: Sábháilte, Cliste agus i gCeannas” Tá teicneolaíocht IS giniúnach ina cuid de go leor de na huirlisí agus ardáin a úsáideann leanaí agus daoine óga gach lá, idir na meáin shóisialta agus innill chuardaigh. Cé go gcuirtear buntáistí suimiúla ar fáil leis na teicneolaíochtaí sin, baineann rioscaí casta leo freisin lena gcuirtear dúshlán roimh chreataí sábháilteachta ar líne atá ann cheana féin. Ar an Lá seo le haghaidh Idirlíon níos Sábháilte, táimid ag spreagadh leanaí agus daoine óga chun a bheith Feasach ar IS: Sábháilte, Cliste agus i gCeannas. Is é an aidhm leanaí a chumhachtú leis na scileanna agus leis an eolas chun a mbealach a dhéanamh trí IS go sábháilte agus go freagrach. Tabharfar chun suntais san fheachtas an treoir phraiticiúil agus na hacmhainní atá ar fáil do scoileanna agus do thuismitheoirí chun tacú le leanaí na scileanna sin a fhorbairt.

Caithfidh lámh a bheith ag gach duine in idirlíon níos sábháilte a chruthú. Is féidir le scoileanna, tuismitheoirí agus daoine óga rochtain a fháil ar réimse leathan acmhainní agus smaointe gníomhaíochta saor in aisce chun páirt a ghlacadh, lena n-áirítear ceachtanna SID2026 saor in aisce maidir le Feasach ar IS: Sábháilte, Cliste agus i gCeannas do bhunscoileanna agus d’iar-bhunscoileanna, chomh maith le tacaíochtaí nua do thuismitheoirí amhail ‘Treoir do Thuismitheoirí maidir le IS Giniúnach’. Tabhair cuairt ar Mhol Webwise don Lá le haghaidh Idirlíon níos Sábháilte

Comhordaíonn Ionad na hÉireann um Fheasacht ar Shábháilteacht Idirlín an Lá le haghaidh Idirlíon níos Sábháilte in Éirinn, comhpháirtíocht idir Webwise, ISPCC, Comhairle Náisiúnta na dTuismitheoirí, agus Irish Internet Hotline, a sholáthraíonn réimse seirbhísí sábháilteachta comhlántacha ar líne, lena n-áirítear ionad oideachais agus feasachta, línte cabhrach do leanaí agus do thuismitheoirí agus beolíne. Comhordaíonn an Roinn Dlí agus Cirt an tIonad agus cómhaoiníonn an tAontas Eorpach é.

Imeacht um Lá le haghaidh Idirlíon níos Sábháilte 2026

Feasach ar IS – Sábháilte, Cliste agus i gCeannas

Arna óstáil sa Roinn Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce, tugann imeacht Lá an Idirlín Níos Sábháilte 2026 príomhpháirtithe leasmhara le chéile chun iniúchadh a dhéanamh ar bhealaí chun cuidiú le leanaí agus daoine óga bheith sábháilte agus freagrach i ndomhan casta a bhfuil tionchar níos mó agus níos mó á imirt ag uirlisí IS agus teicneolaíocht dhigiteach orthu. Díreofar sa phlé ar bhealaí chun leanaí a chosaint ar líne, déanfar machnamh ann ar staid reatha IS giniúnach, agus ar deireadh chun leanaí agus daoine óga a chumhachtú chun déanamh go maith sa domhan digiteach trí rannpháirtíocht ghníomhach agus oideachas.

Beidh sé ar siúl ar an 10 Feabhra agus beidh sé á óstáil ag Gavan Reilly (Virgin Media), agus tabharfaidh an Dr Mhairi Aitken spreagaitheasc; tá Dr Mhairi Aitken ina Comhalta Sinsearach Eitice in Institiúid Alan Turing (institiúid náisiúnta na Ríochta Aontaithe le haghaidh IS agus eolaíocht sonraí). Beidh ionchuir ann freisin ón gCoimisinéir Sábháilteachta Ar Líne; Niamh Hodnett (Coimisiún na Meán), ón Ollamh Sonia Livingstone – London School of Economics and Political Science, ón

Dr Claudette Pretorius, Ollamh Cúnta i Scoil na hEolaíochta Ríomhaireachta i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath (COBÁC), ó Mark Smyth, Síceolaí Cliniciúil Sinsearach, ó Róisín Ingle (Tuismitheoir agus Iriseoir), ón Dr. Barry Scannell – Comhpháirtí, ó William Fry LLP, ó Anthony Kilcoyne (Oide, Teicneolaíocht san Oideachas) agus ó chomhaltaí de Phainéal Chomhairleach na nÓg de chuid Webwise.

Clár

10.15am: Tae/Caife agus Clárú

11.00am: Fáilte

11.10am: Feasach ar IS: Sábháilte, Cliste agus i gCeannas – Réamhrá ó Phainéal Chomhairleach na nÓg de chuid Webwise

11.30am: Spreagaitheasc: An Dr Mhairi Aitken; Comhalta Sinsearach Eitice ag Institiúid Alan Turing

12.05pm: IS Giniúnach – ‘A Reality Check’– Plé Painéil Aíonna: an Dr Claudette Pretorius, Ollamh Cúnta i Scoil na hEolaíochta Ríomhaireachta i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath (COBÁC), Mark Smyth; Síceolaí Cliniciúil Sinsearach; Róisín Ingle (Tuismitheoir agus Iriseoir), Comhalta de Phainéal Chomhairleach na nÓg de chuid Webwise.

12.40pm: Sábháilte, Cliste agus i gCeannas. An Cosán Chun Cinn – An tOllamh Sonia Livingstone

12.50pm: Sábháilte, Cliste agus i gCeannas. An Cosán Chun Cinn – Plé Painéil Aíonna: Niamh Hodnett (Coimisinéir Sábháilteachta Ar Líne; Coimisiún na Meán), an tOllamh Sonia Livingstone; London School of Economics (réamhthaifeadta), an Dr. Barry Scannell, Comhpháirtí, William Fry LLP, Anthony Kilcoyne (Oide, Teicneolaíocht san Oideachas), Comhaltaí de Phainéal Chomhairleach na nÓg de chuid Webwise.

1.20pm: Tráchtanna deiridh agus cur i gcrích

1.30pm: Lón agus sólaistí

Tabhair do d’aire go bhfuil an clárú dúnta anois.

Conas Páirt a Ghlacadh sa Lá le haghaidh Idirlíon níos Sábháilte

Cláraigh mar Thacadóir don Lá le haghaidh Idirlíon níos Sábháilte Glac páirt leis na céadta scoil agus eagraíocht ar fud na hÉireann a chláraigh a dtacaíocht don Lá le haghaidh Idirlíon níos Sábháilte. Trí chlárú, beidh tú le feiceáil ar an léarscáil idirghníomhach imeachtaí don Lá le haghaidh Idirlíon níos Sábháilte lena gceiliúrfar na gníomhaíochtaí iontacha go léir a bheidh ar siúl ar fud na tíre! Úsáid Ceachtanna a bhaineann leis an Lá le haghaidh Idirlíon níos Sábháilte

Dírítear ceachtanna nua, atá ar fáil do bhunscoileanna agus d’iar-bhunscoileanna araon, ar theicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn lena n-áirítear IS Giniúnach agus Botaí Comhrá. Foghlaimeoidh na scoláirí faoi IS Giniúnach, na buntáistí agus na rioscaí a bhaineann leis agus a úsáid shábháilte fhreagrach. Forbraíodh na hacmhainní nua sin i gcomhar le hOllscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Is féidir le scoileanna réimse ábhair eile sábháilteachta ar líne a fhiosrú freisin trí chuir i láthair scriptithe, atá deartha go sonrach chun tacú le scoláirí atá ag glacadh páirt sa Lá le haghaidh Idirlíon níos Sábháilte. https://www.webwise.ie/saferinternetday/sid-presentations/

Comhairle agus Acmhainní do Thuismitheoirí a Thabhairt chun Solais Tuismitheoirí agus cúramóirí a spreagadh chun cuairt a thabhairt ar Mhol Webwise do Thuismitheoirí chun comhairle agus eolas iontaofa a fháil. Foilseofar ar Webwise freisin Treoir do Thuismitheoirí maidir le IS Giniúnach i mí Feabhra, a thacóidh le teaghlaigh a mbealach a dhéanamh trí IS go sábháilte agus go muiníneach.

Tabhair cuairt ar Mhol an Lae le haghaidh Idirlíon níos Sábháilte

Faigh tuilleadh eolais faoi Imeacht na bPáirtithe Leasmhara don Lá le haghaidh Idirlíon níos Sábháilte, Clár Oiliúna na nAmbasadóirí Óige don Lá le haghaidh Idirlíon níos Sábháilte agus a lán acmhainní agus smaointe trí chuairt a thabhairt ar Lá le haghaidh Idirlíon níos Sábháilte Webwise.

Cuidigh leis an scéal a scaipeadh! Íoslódáil ár bPacáiste um Thacadóirí Meán Sóisialta don Lá le haghaidh Idirlíon níos Sábháilte, ina bhfuil príomhtheachtaireachtaí agus sócmhainní réidh le húsáid ar féidir leat a roinnt go héasca le do lucht spéise féin.