Skip to content

KeyboardDoiciméad tábhachtach é Polasaí Úsáide Inghlactha (AUP) a rialaíonn an úsáid a bhaineann daltaí as an Idirlíon ar scoil agus a chlúdaíonn réimse leathan saincheisteanna a bhaineann le cearta, freagrachtaí agus pribhléidí – chomh maith le smachtbhannaí – a bhaineann le húsáid ríomhairí.

De réir mar a éiríonn teicneolaíochtaí nua tábhachtach sna scoileanna, forbraíodh AUPanna go príomha chun úsáid shábháilte fhreagrach as an Idirlíon a chur chun cinn le haghaidh gach páirtí leasmhar scoile.

Tá roinnt ailt éagsúla ag Webwise a d’fhéadfadh cuidiú leat tuiscint a fháil ar cad is AUP ann, conas AUP a réiteach chomh maith le CCanna faoi AUPanna. Tá teimpléid de AUPanna le fáil anseo freisin.

Déanfaimid plé anseo ar an bhfáth a bhfuil sé tábhachtach AUP do scoile a nuashonrú.

Ag cinntiú go bhfuil do AUP Reatha agus Éifeachtach

Le go mbeidh do AUP éifeachtach, caithfidh sé a bheith in oiriúint do riachtanais aonair do scoile.

Beidh easpa ábharthachta, úinéireachta agus údaráis le sonrú mura ndéantar ach ainm na scoile a chur ar theimpléad an pholasaí, agus d’fhéadfadh do scoil a bheith nochta do rioscaí dlí dá bharr.

Nuair a chuirtear an t-iomluas atá faoi na hathruithe teicneolaíochta san áireamh, is tábhachtach go dtabharfar aird air seo in AUP do scoile.

D’fhonn é seo a dhéanamh, bí cinnte go ndéantar athbhreithniú agus nuashonrú ar pholasaí na scoile go rialta chun rioscaí agus dúshláin a chur san áireamh de réir mar a thagann siad aníos.

Seo a leanas roinnt sárleideanna ó Webwise maidir le AUP do scoile a nuashonrú agus a chothabháil:

Faigheann treochtaí nua Idirlín greim ar phobail scoile le linn gach scoilbhliana.

Cibé acu suíomh gréasáin líonraithe shóisialta nó nós eile Idirlín a bhíonn i gceist, ní deacair aird na bpáistí a tharraingt ar na treochtaí seo.

Sin an fáth a bhfuil sé ríthábhachtach go bhfuil AUP solúbtha ag do scoil a d’fhéadfaí a nuashonrú mar fhreagairt ar dhúshláin teicneolaíochta a chruthaíonn na treochtaí nua seo.