Cúrsaí i Sábháilteacht Idirlín do Mhúinteoirí OSPS na Sraithe Sóisearaí

Cúrsaí i Sábháilteacht Idirlín do Mhúinteoirí OSPS na Sraithe Sóisearaí

pdst-logo

An múinteoir OSPS na Sraithe Sóisearaí thú atá ag iarraidh dul i ngleic le Cibearbhulaíocht agus le Sábháilteacht Idirlín sa seomra ranga i mbliana? Tá an t-ádh leat mar tá foireann SFGM – OSPS  ag óstáil réimse cúrsaí saor in aisce an fómhar seo ar fud na hÉireann, lena n-áirítear ceann maidir le  Sábháilteacht Idirlín agus Cibearbhulaíocht – i gcomhthéacs OSPS.

Bheadh an cúrsa lae seo díreach ceart duit má tá sé i gceist agat   Paca Uirlisí Frithbhulaíochta #Up2Us a úsáid ach go gceapann tú go dteastaíonn rud beag faisnéise eile uait sula bpléann tú domhan trína chéile na meán sóisialta le rang. Tá an cúrsa saor in aisce do gach múinteoir OSPS agus beidh sé ar siúl in ionaid éagsúla ar fud na tíre. Féach thíos chun dátaí cúrsaí agus sonraí le bheith páirteach a fháil.

Maidir le Foireann SFGM – OSPS

Is cuid d’fhoireann SFGM – Sláinte agus Folláine í Foireann SFGM – OSPS. Cuireann sí seirbhísí forbartha gairmiúla leanúnaí ar fáil do mhúinteoirí OSPS, trí chúrsaí inseirbhíse éagsúla agus oiliúint scoilbhunaithe ar ábhair cosúil le “OCG na Sraithe Sóisearaí” agus “Sábháilteacht Phearsanta”.

Is é OSPS an chuid sin den churaclam a thacaíonn le forbairt phearsanta, sláinte agus folláine daoine óga agus a chuidíonn leo caidrimh thacúla a chruthú agus a chothabháil. Clár atá in OSPS in iar-bhunscoileanna do dhaltaí na Sraithe Sóisearaí a chuireann le taithí gach páiste ag leibhéal Bunscoile.

Cúrsaí atá ag teacht aníos i bhfómhar 2015

up2us

Sábháilteacht Idirlín agus Cibearbhulaíocht – i gComhthéacs OSPS

Méadóidh an cúrsa seo tuiscint rannpháirtithe ar úsáid shábháilte na meán sóisialta agus ar chosc cibearbhulaíochta. Cuirfear acmhainn #Up2Us faoi bhráid rannpháirtithe. Istigh sa phaca uirlisí gheobhaidh tú gníomhaíochtaí chun dul i ngleic leis an mbulaíocht, greamáin ildaite agus soláthairtí chun feachtais phóstaeir idirghníomhaigh a chruthú. San áireamh chomh maith tá  Lámhleabhar do Mhúinteoirí ar Fhrithbhulaíocht de chuid #Up2Us ina bhfuil smaointe faoi cheachtanna do OSPS na Sraithe Sóisearaí.

Dáta an Chúrsa: 17/11/2015

Ionad:  Ionad Oideachais Chill Chainnigh

 

Dáta an Chúrsa: 18/11/2015

Ionad: Ionad Oideachais Dhún na nGall

 

Dáta an Chúrsa: 19/11/2015

Ionad: Ionad Oideachais Luimnigh

 

Dáta an Chúrsa: 19/11/2015

Ionad: Ionad Oideachais Dhroim Conrach

 

Dáta an Chúrsa: 19/11/2015

Ionad: Ionad Oideachais Chorcaí

Tabhair cuairt ar shuíomh OSPS chun cúrsa a chur in áirithe: sphe.ie/coursedetails