10 dTéama na Saoránachta Digití

10 dTéama na Saoránachta Digití

A bhuí le teicneolaíochtaí digiteacha agus trí bheith ar líne, tá an deis ag daoine óga rudaí a fhoghlaim is a chruthú mar aon leis an deis a bheith ag imirt, ag nascadh, ag bualadh le chéile agus ag foghlaim. Is éard atá i gceist le saoránacht dhigiteach an cumas a bheith agat páirt dhearfach agus ghníomhach a ghlacadh sa tsochaí tríd an teicneolaíocht dhigiteach a úsáid. Má tá daoine óga le bheith ina saoránaigh dhigiteacha chumasacha, ní mór an t-eolas agus na scileanna riachtanacha a bheith acu. Ar na hinniúlachtaí atá de dhíth, ní mór na scileanna digiteacha a bheith agat chun faisnéis ar líne a mheas, ní mór feasacht an tomhaltachais ar líne a bheith agat mar aon le tuiscint ar shaincheisteanna príobháideachais agus slándála. Ina measc siúd freisin, áirítear inniúlachtaí ginearálta na saoránachta ar nós meas agus comhbhá i leith a chéile.

Cad iad 10 dTéama na Saoránachta Digití?

Má tá daoine óga le bheith ina saoránaigh dhigiteacha chumasacha, ní mór dóibh roinnt inniúlachtaí a fhorbairt. Tá 10 dtéama/réimse sainaitheanta ag Grúpa Saineolaithe de chuid Comhairle na hEorpa um Oideachas Saoránachta Digití chun na hinniúlachtaí atá le forbairt ag Saoránaigh Dhigiteacha a shainmhíniú. Tá idir luachanna, scileanna, mheonta, eolas agus tuiscint chriticiúil i ngach ceann de na téamaí sin.

Rangaítear na téamaí i dtrí phríomhchatagóir:

  • Bheith ar líne
  • Folláine ar líne
  • Cearta ar líne

 

Seo a leanas 10 dTéama na Saoránachta Digití atá curtha sna trí chatagóir sin:

Bheith ar líne

  • Rochtain agus Cuimsiú

Baineann sé sin le rochtain ar an timpeallacht dhigiteach agus áirítear ann réimse inniúlachtaí a bhaineann ní hamháin leis na cineálacha éagsúla eisiamh ar líne a shárú, ach freisin leis na scileanna atá de dhíth ag saoránaigh amach anseo chun bheith rannpháirteach i spásanna digiteacha atá ar oscailt do gach cineál tuairim mhionlaigh nó tuairimí éagsúla.

  • Foghlaim agus Cruthaitheacht

Baineann sé sin leis an bhfonn atá ar dhaoine agus leis an meon atá acu i leith na foghlama i dtimpeallachtaí digiteacha ar feadh an tsaoil, ar mhaithe le cineálacha éagsúla cruthaitheachta a fhorbairt mar aon lena gcur in iúl, le huirlisí agus i gcomhthéacsanna éagsúla. Clúdaítear ann inniúlachtaí na forbartha pearsanta agus gairmiúla ar mhaithe le saoránaigh a ullmhú chun aghaidh a thabhairt go muiníneach cumasach, agus ar bhealaí éagsúla, ar na dúshláin a bhaineann le sochaithe atá ar maos sa teicneolaíocht.

  • Na Meáin agus Litearthacht Faisnéise

Baineann sé sin leis an gcumas a bheith in ann ciall a bhaint as faisnéis ar na meáin dhigiteacha, an fhaisnéis sin a thuiscint, agus a bheith in ann cruthaitheacht a chur in iúl trí na meáin sin, a bhuí le smaointeoireacht chriticiúil. Is rud é sin, litearthacht ar na meáin agus litearthacht faisnéise, nach mór a fhorbairt trí oideachas agus trí bheith ag plé ar bhonn leanúnach leis an timpeallacht mórthimpeall orainn: tá sé ríthábhachtach dul níos faide ná “a bheith in ann” meán nó dhó a úsáid, mar shampla, nó a bheith “ar an eolas” faoi rud. Ní mór don saoránach digiteach meon a fhorbairt lena mbaineann sé/sí úsáid as smaointeoireacht chriticiúil mar bhonn le bheith rannpháirteach go bríoch agus go héifeachtach ina phobal/pobal fein.

 

Folláine ar líne

  • Cúrsaí Eitice agus Comhbhá

Baineann an réimse seo le hiompar agus le hidirghníomhú eiticiúil idir dhaoine ar líne bunaithe ar scileanna ar nós an cumas a bheith in ann mothúcháin agus dearcthaí daoine eile a aithint agus a thuiscint. Is bunriachtanas é an comhbhá i ndáil le hidirghníomhú dearfach ar líne agus i ndáil leis na féidearthachtaí atá ar fáil tríd an domhan digiteach a thabhairt faoi deara.

  • Sláinte agus Folláine

Cónaíonn saoránaigh dhigiteacha ar líne agus as líne araon. Dá bhrí sin, ní leor scileanna bunúsacha na hinniúlachta digití. Tá réimse meonta, scileanna, luachanna agus eolais de dhíth ag daoine le go mbeadh tuiscint acu ar shaincheisteanna a bhaineann le sláinte agus folláine. Is éard atá i gceist leis an tsláinte agus an fholláine i ndomhan atá ar maos sa teicneolaíocht ná feasacht a bheith agat faoi na saincheisteanna agus na deiseanna ar féidir tionchar a bheith acu ar fholláine, lena n-áirítear ach gan a bheith teoranta díobh seo: andúil ar líne, eirgeanamaíocht agus staidiúir, ró-úsáid gléasanna digiteacha agus soghluaiste.

  • Láithreacht ar líne agus Cumarsáid

Baineann an réimse seo le forbairt tréithe pearsanta agus idirphearsanta a thacaíonn le saoránaigh dhigiteacha láithreacht agus féiniúlacht ar líne a thógáil agus a chothabháil mar aon le hidirghníomhú dearfach, ciallmhar agus seasmhach ar líne. Áirítear ann inniúlachtaí amhail cumarsáid ar líne agus idirghníomhú le daoine eile ar spásanna sóisialta fíorúla mar aon le sonraí agus rianta an duine a bhainistiú.

 

Cearta Ar Líne

  • Rannpháirtíocht Ghníomhach

Baineann an rannpháirtíocht ghníomhach leis na hinniúlachtaí atá de dhíth ag saoránaigh le go mbeidh siad go hiomlán feasach faoi conas idirghníomhú a dhéanamh laistigh de na timpeallachtaí digiteacha a mbíonn siad iontu ar mhaithe le cinntí freagracha a dhéanamh agus, ag an am céanna, a bheith rannpháirteach go gníomhach agus go dearfach sna cultúir dhaonlathacha ina bhfuil cónaí orthu.

  • Cearta agus Freagrachtaí

Sa chaoi cheannann chéanna a bhfuil cearta ag saoránaigh agus freagrachtaí orthu sa domhan fisiceach, tá cearta áirithe ag saoránaigh dhigiteacha sa domhan ar líne agus tá freagrachtaí orthu freisin. Tá cearta príobháideachais, slándála, rochtana agus cuimsithe ag saoránaigh dhigiteacha, an ceart ar shaoirse cainte agus níos mó. Mar sin féin, gabhann freagrachtaí leis na cearta sin, freagrachtaí a bhaineann le cúrsaí eitice agus comhbhá agus freagrachtaí eile maidir le timpeallacht dhigiteach atá sábháilte agus freagrach a chinntiú do chách.

  • Príobháideachas agus Slándáil

Baineann dhá choincheap éagsúla leis an réimse seo: Baineann príobháideachas go príomha le cosaint phearsanta do shonraí féin agus shonraí daoine eile ar líne agus baineann Slándáil níos mó le feasacht an duine faoi ghníomhartha agus iompar ar líne. Áirítear sa réimse seo inniúlachtaí ar nós faisnéis phearsanta agus faisnéis daoine eile a chomhroinntear ar líne a bhainistiú mar ba cheart nó deileáil leis an tslándáil ar líne (mar shampla trí úsáid scagairí nascleanúna, pasfhocail, bogearraí frithvíreas agus balla dóiteán) ionas gur féidir cásanna dainseáracha nó droch-chásanna a sheachaint.

  • Feasacht Tomhaltachais

Is timpeallacht é an t-idirlíon a bhaineann leis an iliomad gnéithe, amhail na meáin shóisialta nó spásanna sóisialta fíorúla eile, rud a fhágtar go minic go gciallaíonn bheith i do shaoránach digiteach agus bheith i do thomhaltóir chomh maith. Is ceann de na hinniúlachtaí atá de dhíth ag daoine chun neamhspleáchas a chothabháil mar shaoránaigh dhigiteacha é tuiscint a bheith acu ar na himpleachtaí a bhaineann leis na críocha tráchtála atá le feiceáil ar roinnt mhaith spásanna ar líne.

Foinse: Lámhleabhar Oideachais um Shaoránacht Dhigiteach de chuid Chomhairle na hEorpa

Acmhainní Úsáideacha

All Aboard for DigiTown – Conaire foghlama do pháistí idir 9-12 maidir le conas a bheith i do shaoránach digiteach cliste.