Cad é mar a mhúchaim Clibeáil/Gnúis-Aitheantas ar Facebook?

Cad é mar a mhúchaim Clibeáil/Gnúis-Aitheantas ar Facebook?

Agus leathadh an Idirlín ann, tá an díospóireacht mhór a bhaineann le príobháideachas pearsanta faoi lán seoil fós. Agus ní raibh díospóireacht ar bith chomh suaiteach leis an bplé a bhaineann le fás leanúnach Facebook, an suíomh gréasáin líonraithe shóisialta atá lonnaithe in California.

Mar gheall ar an leibhéal úsáideoirí – beagnach 800 milliún de réir shaineolaithe an tionscadail – baineann daoine úsáid as Facebook chun eolas pearsanta a roinnt, lena n-áirítear grianghraif.

Sa ré dhigiteach seo, bíonn daoine óga a d’fhás aníos leis an Idirlíon ag roinnt níos mó agus níos mó le cairde ar líne agus is minic a chuirtear ina leith nach mbíonn siad cúramach go leor maidir le príobháideachas.

In 2012, i ndiaidh do Facebook bogearraí gnúis-aitheantais a thabhairt isteach ar an suíomh, agus i ndiaidh dóibh Face.com, cuideachta gnúis-aitheantais a cheannach, cuireadh lasóg sa bharrach maidir leis an díospóireacht ar phríobháideachas ar an suíomh.

Ní feidhm a rá go bhfuil gnúis-aitheanas, gan cead úsáideora, an-chonspóideach maidir leis na ceisteanna príobháideachais a bhaineann leis.

Cad is Clibeáil agus Gnúis-Aitheantas ann?

Baineann gné clibeála molta Facebook úsáid as bogearraí gnúis-aitheantais chun úsáideoirí eile a aithint de réir mar a dhéantar grianghraif a uaslódáil ar an suíomh.

Spreagann sé cairde an úsáideora ansin chun iad a chlibeáil ionas gur féidir le daoine eile iad a aithint go furasta agus an grianghraf a fheiceáil.

Mar a tharla cheana le nuashonruithe ar Facebook, cuireadh an ghné seo isteach mar réamhshocrú – níor iarradh ar dhaoine faoi aois diúltú dó fiú.

Cad é mar is féidir liom diúltú do Chlibeáil?

Más mian leat diúltú don chlibeáil mholta, is féidir leat na céimeanna simplí seo a leanas:

  • Roghnaigh Socruithe Príobháideachais ó do Chlár Cuntais ar an taobh uachtarach ar dheis de leathanach Facebook ar bith.
socruithe príobháideachas facebook
  • Anois cliceáil ar an nasc Athraigh Socruithe sa mhír Roinnt ar Facebook ar an leathanach.
athraigh socruithe facebook
  • Scrollaigh síos chuig an mír Rudaí atá ag Roinnt ag daoine eile den leathanach Cuir Socruithe in Oiriúint agus cliceáil an cnaipe Cuir Socruithe in Eagar sa tsraith Mol Grianghraif díomsa do Chairde.
socruithe grianghraf facebook
  • Roghnaigh Díchumasaithe ón liosta anuas agus cliceáil OK.

Nuair a bhíonn sé seo déanta agat, ní dhéanfar thú a chlibeáil go huathoibríoch i ngrianghraif ar bith a dhéanann do chairde a uaslódáil.