Cad is Tumblr ann?

Cad is Tumblr ann?

Tumblr, déan comhrá agus comhroinn íomhánna, téacs, físeán, fuaim

Cad is Tumblr ann?

Mar a deir siad féin, “ligeann Tumblr duit rud ar bith a chomhroinnt gan stró. Postáil téacs, grianghraif, athfhriotail, naisc, ceol agus físeáin ó do bhrabhsálaí, do ghuthán, do dheasc, do ríomhphost nó ó cibé áit ina bhfuil tú.” Is cumasc é idir láithreán líonraithe shóisialta (ar nós Facebook agus Twitter) agus blag. Deirtear go minic gur ‘micreabhlag’ é mar go bpostálann daoine sleachta gairide téacs agus mearghrianghraif de ghnáth in ionad na n-iontrálacha níos faide atá cosúil le dialann a fhaightear i mblaganna níos traidisiúnta.

Is cosúil go bhfuil an-éileamh i measc daoine óga ar Tumblr agus úsáideann iad siúd atá san aoisghrúpa 13-25 bliain d’aois é níos mó ná Facebook. Déanta na fírinne, ní mór duit a bheith níos sine ná trí bliana déag d’aois chun clárú le haghaidh bhlag Tumblr. Má tá tú ábalta an figiúr seo a chreidiúint, rinneadh 6.6 billiún amharc leathanaigh ar Tumblr i mí an Mhárta 2013.

Agus breis agus 108 milliún blag ar leith á n-óstáil aige faoi láthair, tá fáil ar Tumblr ó go luath sa bhliain 2007. Tá sé á thuairisciú (Bealtaine 2013) go nglacfaidh Yahoo! éadáil Tumblr ar $1.1 billiún.

 

Conas a úsáideann Leanaí Tumblr?

Is é éiteas Tumblr spreagadh a thabhairt d’úsáideoirí a n-inneachar féin a chruthú agus idirghníomhú le daoine ar a nós féin. Bíonn déagóirí ag glacadh go mór leis; baineann siad úsáid as lena spéiseanna a leanúint agus leo féin a chur in iúl. Tá sé furasta cuntais chomhroinnte a bhunú le haghaidh postálacha comhoibríocha agus is féidir cead a thabhairt d’úsáideoirí eile Tumblr postáil chuig do bhlag. Inseoidh úsáideoirí Tumblr duit go n-éascaíonn sé cur in iúl níos cruthaithí ná na láithreáin mhóra eile líonraithe shóisialta.

Go bunúsach, cruthaíonn daoine óga leathanach Gréasáin atá mar chnuasach de na rudaí go léir is mhaith leo. Is féidir leo íomhánna, gearrthóga ceoil agus téacs a phostáil agus athbhlagáil a dhéanamh ó fhothaí eile Tumblr a mheasann siad a bheith spéisiúil. Oiriúnaíonn siad cuma agus mothú a leathanaigh phearsanta le go léiríonn sé a bpearsantacht. Déanann an chuid is mó d’úsáideoirí Tumblr topaicí áirithe a bhfuil spéis acu iontu a leanúint agus coinneáil ar an eolas fúthu. Chomh maith leis sin, tá sé an-éasca idirghníomhú le húsáideoirí eile Tumblr agus trácht ar a mblaganna agus roinnt dá bpostálacha a chomhroinnt ar do phróifíl féin. Mar thoradh air seo, is breá le déagóirí atá ag plé le coincheapa féiniúlachta agus ag féachaint le dáimh a bheith acu le daoine atá cosúil leo féin é.

Is gnáthleathanach Tumblr é seo Sampla de bhlag Tumblr

 

An méid nach mór a bheith ar eolas ag Tuismitheoirí faoi Tumblr

Meastar go bhfuil Tumblr níos cruthaithí ná foirmeacha eile de na meáin shóisialta, agus tá daoine a bhfuil spéis acu ina ngné ealaíonta a chur in iúl ag glacadh le fonnmhar leis. Tá míbhuntáistí ag baint leis an saibhreas seo d’inneachar cruthaitheach. Tá sé fíor-éasca teacht ar phornagrafaíocht chrua ar an láithreán toisc gur ardán é Tumblr atá go hiomlán oscailte agus neamhscagtha. Ní dhéanann ceanncheathrú Tumblr scagadh ná modhnóireacht ar bhlaganna Tumblr ar bhealach ar bith. Ciallaíonn sé seo go bhféadfadh aon duine a úsáideann an láithreán teacht ar inneachar gránna, lena n-áirítear pornagrafaíocht agus ábhar gáirsiúil eile.

Tá gach blag Tumblr ar fáil go poiblí de réir a réamhshocraithe agus uathghintear blag poiblí a luaithe is a chumraítear próifíl Tumblr. Ach is féidir an dara blag a thosú agus é sin a choinneáil príobháideach. Tugann croí cruthaitheach Tumblr spreagadh d’úsáideoirí idirghníomhú le chéile agus trácht ar a mblaganna faoi seach. Mura n-oireann sé seo duit, is féidir bac a chur le húsáideoirí eile idirghníomhú leat ar Tumblr. Ní féidir leat cosc a chur orthu amharc ar do bhlag, áfach.

Éascaíonn Tumblr postáil thallannach le roinnt aipeanna éagsúla ar fáil ar ghléasanna soghluaiste. Bíonn aire ag teastáil chun a chinntiú nach bhfuil tionchar teagmhasach ag post tallannach ar shaincheisteanna príobháideachais/clú. Mar thoradh ar Tumblr, tháinig méadú ollmhór ar an macasamhlú inneachair (íomhánna agus téacs) agus ar an gcomhroinnt inneachair gan comhaontuithe cóipchirt a bheith i bhfeidhm. D’fhéadfadh siad seo a bheith ina saincheisteanna do mhúinteoirí a mbeadh fonn orthu Tumblr a úsáid sa rang mar thionscadal comhoibríoch.