Comhairle do Mhúinteoirí Maidir le Líonrú Sóisialta

Comhairle do Mhúinteoirí Maidir le Líonrú Sóisialta

Comhairle do Mhúinteoirí Maidir le Líonrú Sóisialta

Sa lá atá inniu ann, baineann beagnach gach duine a bhfuil rochtain acu ar an Idirlíon úsáid as líonrú sóisialta de shaghas éigin. Is cuma cé acu múinteoirí, daltaí nó tuismitheoirí a bhíonn i gceist, tá athrú mór tagtha ar an dóigh a ndéanaimid teagmháil lena chéile le deich mbliana anuas.

Mar gheall ar an úsáid leanúnach atá á baint as Facebook agus Twitter, bíonn deacrachtaí ag múinteoirí a choimeádann próifíl ar na suíomhanna gréasáin seo. Is dócha go bhfuil roinnt mhaith ceisteanna á gcur agat ort féin. Cad ba chóir dom a dhéanamh má fhaighim iarratas ar chairdeas ó dhalta? Ar chóir dom ligean do mo dhaltaí mé a leanúint ar Twitter?

I mí an Mheithimh 2012, d’eisigh an Chomhairle Mhúinteoireachta, an eagraíocht a rialaíonn an ghairm in Éirinn, Cód Iompair nuashonraithe mar fhreagra ar na dúshláin seo.

Cé gur bhain scoileanna áirithe úsáid rathúil as líonrú sóisialta ar mhaithe le cúrsaí oideachasúla, d’eisigh an Chomhairle Mhúinteoireachta comhairle do mhúinteoirí faoin úsáid phearsanta a bhaineann siad as suíomhanna den chineál seo.

Deirtear sa Chód Iompair nuashonraithe nár chóir do mhúinteoirí cairdeas a dhéanamh le daltaí ar Facebook nó ar ardáin eile líonraithe shóisialta.

Iarrtar ar mhúinteoirí in Alt 3.7 maidir le hiompar proifisiúnta a áirithiú go mbíonn cumarsáid ar bith le daltaí nó mic léinn, comhghleacaithe, múinteoirí, bainistíocht na scoile agus daoine eile iomchuí, lena n-áirítear cumarsáid trí na meáin leictreonacha, ar nós ríomhphoist, téacsála agus suíomhanna líonraithe shóisialta.

Rinneadh an Cód Iompair a nuashonrú mar gheall ar an imní a bhí ag teacht chun tosaigh i scoileanna maidir leis an méadú ar bhulaíocht agus leis an bhfás ar theachtaireachtaí agus íomhánna míchuí atá á bpostáil ar shuíomhanna gréasáin líonraithe shóisialta.

I mí na Bealtaine 2012, díbríodh mic léinn as scoil amháin as siocair gur phostáil siad líomhaintí bréagacha faoi mhúinteoir ar Facebook.

Dúirt Ruairí Quinn, an tAire Oideachais, níos déanaí gur dhoiligh leis a mheas go bhfuil sé iomchuí do mhúinteoirí nó d’fhoireann eile na scoile cumarsáid a dhéanamh lena ndaltaí trí shuíomhanna gréasáin líonraithe shóisialta.

Cén Tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag na Meáin Shóisialta ar Mhúinteoirí?

Mar mhúinteoir, ní mór duit a bheith ar an eolas faoin dóigh ar féidir tionchar a bheith ag an líonrú sóisialta ar do shaol gairmiúil.

Comhairle do Mhúinteoirí Maidir le Líonrú Sóisialta

Baineann cuid mhór againn úsáid as Facebook chun eolas, grianghraif agus teachtaireachtaí a roinnt. Ba chóir duit fiafraí díot féin i gcás pictiúr díot féin ón tsaoire a bhí agat le gairid, nó, grianghraif díot ar oíche amuigh atá clibeáilte ag cara, an bhfuil sé oiriúnach go bhfeicfeadh daltaí iad?

Trí chairdeas a dhéanamh le daltaí, thig leat tú féin a nochtadh do theagmháil neamhiarrtha agus an fhéidearthacht ann go bhféadfaí líomhaintí maidir le teagmháil mhíchuí nó le hiompar míchuí a dhéanamh i do leith.

Creideann Webwise gur chóir duit caitheamh le do chuid postálacha ar fad mar phostálacha poiblí, mar gurb é sin nádúr suíomhanna gréasáin líonraithe shóisialta: is fóraim phoiblí iad.

Fiú mura bhfuil tú mar chara le daltaí, is féidir le duine ar bith do chuid bíogaíola nó postálacha ar Facebook a fheiceáil mura bhfuil do chuid socruithe príobháideachais faoi smacht agat.

Smaoineamh iontach is ea rialuithe maithe príobháideachais a shocrú ar shuíomhanna líonraithe shóisialta.

Cén Cineál Socruithe Príobháideachais ar Chóir Dom Amharc Orthu?

Ar Facebook, is féidir leat cúpla rud a dhéanamh chun úsáid shábháilte agus phríobháideach a dhaingniú. Chun do chuid socruithe príobháideachais a athrú cliceáil ar an tsaighead anuas san áit a bhíonn d’ainm sa chúinne uachtarach ar thaobh na láimhe deise den scáileán.

Rud amháin a d’fhéadfaí a dhéanamh ná rogha a dhéanamh gan clibeáil íomhá agus gnúisaitheantas a cheadú; d’fhéadfadh íomhánna díotsa a bheith ar fáil go poiblí gan do chead ná eolas roimh ré leo seo.

Lena chinntiú go bhfuil na hathruithe cuí curtha i bhfeidhm agat mar is ceart, cliceáil ar an rogha “Féach Air Seo Mar” chun an dóigh a bhfeiceann strainséirí do phróifíl a fheiceáil.

Cibé suíomh a roghnaíonn tú, cuimhnigh gur gné phoiblí é rudaí a phostáil ar ghréasáin shóisialta.

Déan do mhachnamh i gcónaí sula ndéanann tú rud ar bith a phostáil ar líne mar má roinneann tú eolas le daoine eile ní bheidh aon smacht agat air níos mó.

Cuimhnigh ar na ceithre ghné a bhaineann leis na meáin dhigiteacha:

  1. Tá siad inchuardaigh – is féidir le duine ar bith, am ar bith agus áit ar bith é a aimsiú
  2. Tá siad buan – is féidir le duine ar bith (fiú príomhoide na scoile) é a aimsiú sa lá atá inniu ann, amárach, nó i gceann 30 bliain ina dhiaidh seo
  3. Is féidir iad a chóipeáil – nuair a aimsítear é, is féidir é a chóipeáil, a roinnt agus a athrú
  4. Tá lucht féachana domhanda dofheicthe acu – fiú má tá do leathanach príobháideach, ní féidir leat a bheith cinnte an roinnfidh cara leat do chuid eolais. Níl aon smacht agat ar an méid a dhéanann do chairde leis.