Cruthaigh Feachtas Frithbhulaíochta le Leathanaigh Facebook

Feachtas Frithbhulaíochta

Cruthaigh Feachtas Frithbhulaíochta le Leathanaigh Facebook

Feachtas Frithbhulaíochta

Téigh i ngleic le bulaíocht i do scoil le feachtas Frithbhulaíochta. Tabharfaidh an treoir seo atá SAOR IN AISCE treoracha céim ar chéim duit faoi conas Facebook a úsáid i do scoil ionas go mbeidh scoláirí in ann gabháil do ghníomh sóisialta ar líne.

Cad is Leathanaigh Facebook ann?

Is do ghnólachtaí, brandaí agus eagraíochtaí iad na Leathanaigh lena scéalta a roinnt agus nascadh le daoine. Cosúil le próifílí Facebook, is féidir leat Leathanaigh a chur in oiriúint trí scéalta a fhoilsiú, imeachtaí a thionól, comhairle a thabhairt agus go leor eile. Gheobhaidh duine ar bith a bhfuil dúil acu i do Leathanach, lena n-áirítear cairde an duine sin, na scéalta is déanaí ina bhfotha nuachta ar ábhar nua ar bith a phostálfar ar an Leathanach ábhartha. Is féidir leat Leathanach a chruthú agus a bhainistiú ó chuntas Facebook. Is féidir le níos mó ná duine amháin do Leathanach a bhainistiú agus is féidir leat ceadanna éagsúla a shocrú do gach duine ag brath ar an mbaint atá acu leis an Leathanach.

Conas is féidir le Leathanaigh Facebook dul chun tairbhe mo scoile?

  • Guth ar líne a thabhairt do na scoláirí i do scoilse
  • Pobal scoile ar líne a fhorbairt ina ndéanfar na gníomhaíochtaí, na cultúir agus na daoine a chomhdhéanann an scoil a léiriú agus a chur chun cinn ar líne
  • A thabhairt chun suntais sa phobal i gcoitinne, lena n-áirítear tuismitheoirí nua agus na tuismitheoirí a bhíonn deacair a shroicheadh, go bhfuil do scoil i ndáiríre faoi bhulaíocht agus go bhfuil bearta coisctheacha i bhfeidhm chun timpeallacht shábháilte foghlama a chruthú do scoláirí
  • Freastal ar riachtanais na gcineálacha éagsúla foghlaimeoirí
  • Na scoláirí a spreagadh le bheith ina saoránaigh fhreagracha, ghníomhacha ar líne. Bain úsáid as Leathanaigh Facebook chun aird a tharraingt ar an tábhacht a bhaineann le tacaíocht a thabhairt dá chéile agus caitheamh lena chéile ar líne le meas agus chun an chaoi ar féidir an t-ardán a úsáid ar bhealach dearfach a léiriú
  • Na gníomhaíochtaí frithbhulaíochta atá á ndéanamh ag na scoláirí ar scoil a chur chun cinn tríd an ardán chun feasacht a ardú i measc phobal na scoile agus a rannpháirtíocht a mhéadú
  • Cuidiú le scoláirí scileanna tábhachta a fhorbairt don 21ú haois maidir leis na meáin shóisialta agus dul i mbun feachtais
  • Oiliúint a chur ar na scoláirí agus a n-aird a tharraingt trí spás agus ardán a bhfuil eolas acu air
  • Úsáid dhearfach na meán sóisialta a thabhairt chun suntais
  • Feasacht a ardú faoi na líonraí tacaíochta atá ar fáil do dhaoine óga laistigh de scoileanna agus lasmuigh díobh agus faisnéis agus comhairle thábhachtach a chur ar fáil do daoine óga leochaileacha nó aonaracha.
  • Tionchar a bheith agat ar iompraíocht na scoláirí trí bheith ar líne

Íoslódáil an cháipéis anseo: Facebook Activism Guide

Le haghaidh tuilleadh eolais téigh chuig: facebook.antibullyingpro.com/