Déileáil le Cibearbhulaíocht ar Scoil

Déileáil le Cibearbhulaíocht ar Scoil

Tá scoileanna na hÉireann tar éis dul i dtaithí ar an mbulaíocht agus ar an dóigh le déileáil léi. Tráth atá gné amháin den bhulaíocht á maolú, áfach, seans go bhfuil saghas bulaíochta níos contúirtí ag teacht chun cinn.

Tá an chibearbhulaíocht, nó bulaíocht a imirt ar dhuine trí úsáid a bhaint as an teicneolaíocht, ag éirí i bhfad níos coitianta ná na cineálacha traidisiúnta bulaíochta. Is é an tIdirlíon an ármhá.

Baineann dúshláin nua leis an gcibearbhulaíocht agus toisc go sáraíonn an bhulaíocht ar líne timpeallacht na scoile, tá ceisteanna ag mórán páirtithe leasmhara scoile faoin dóigh a bhféadfaí dul i ngleic léi.

Tugaimid breac-chuntas anseo ar an bhfáth a bhfuil an chibearbhulaíocht chomh forleathan sin agus tugaimid comhairle do scoileanna faoin dóigh a bhféadfaí dul i ngleic léi.

Cén Fáth a nDéantar Cibearbhulaíocht?

Is beag bulaí atá ábalta an chúis atá lena ngníomhartha a mhíniú. Tá nithe áirithe a spreagann na gníomhartha seo. Tabharfaidh tú an méid seo faoi deara nuair a thagann tú ar chásanna cibearbhulaíochta.

Is tábhachtach a chuimhneamh nach ndéantar an uile theachtaireacht mhioscaiseach a phostáiltear ar líne a shainmhíniú mar bhulaíocht. Cásanna aonuaire a bhíonn ann corruair. Is cibearbhulaíocht a bhíonn i gceist nuair a bhíonn feachtas faidréiseach ar bun i gcoinne duine amháin.

Titeann a lán cibearbhulaíochta amach nuair nach mbíonn páistí buartha faoi na hiarmhairtí. Tá roinnt bulaithe den tuairim gur “pleidhcíocht” nó “greannaíocht” é seoladh teachtaireachtaí seachas bulaíocht, agus ní thuigeann siad go bhféadfadh sé cur isteach ar dhuine.

Cúis mhór leis an gcibearbhulaíocht is ea go gceapann bulaithe nach mbéarfar orthu. Tugann neamhainmníocht an Idirlín cumhacht do bhulaithe agus síleann siad nach bhféadfaí iad a aimsiú dá thairbhe.

Mar a tharlaíonn le bulaíocht thraidisiúnta, d’fhéadfadh brú ó chairde cibearbhulaíocht a spreagadh freisin.

Ina theannta sin, ní thuigeann roinnt daltaí gurb ionann postáil ar líne agus saghas foilsitheoireachta. Tá roinnt daoine óga den tuairim nach ionann an tIdirlíon agus ‘an fíorshaol’ fiú. Dá bhrí sin, creideann páistí nach bhféadfaí iad a iomardú as a ndéanann siad ar líne.

Tionchar na Cibearbhulaíochta

Is ionann tionchar na cibearbhulaíochta agus na gnáthbhulaíochta.

Tarlaíonn na rudaí seo a leanas do mhórán páistí a fhaigheann an iliomad teachtaireachtaí mioscaiseacha: tagann laghdú ar a ngráid scoile; bíonn lagmheas orthu féin; ní bhíonn suim acu sna rudaí céanna; dúlagar.

D’fhéadfadh tionchar ní ba thromchúisí a bheith ag cibearbhulaíocht ar leas páiste, áfach.

Mar gheall ar an dóigh agus ar an áit a dtiteann sí amach – ar an Idirlíon – d’fhéadfaí cibearbhulaíocht a imirt ar pháistí i gcónaí nuair a bhíonn siad ar líne, ina mbaile freisin.

Ní hamháin go bhfuil sé deacair í a stopadh ar scoil, ach is féidir le bulaithe teacht ar dhaoine san aon áit amháin ar cheart go mbeidís slán inti. Ina theannta sin, d’fhéadfadh íospartaigh a mhothú nach bhféadfaí éalú ón mbulaíocht choíche.

Is gnách go mbíonn an chibearbhulaíocht ina gníomh níos tromchúisí. Deir an t-aos óg rudaí ar líne go minic nach ndéarfaidís os comhair duine go brách.

Níos measa ná sin, d’fhéadfaí teachtaireachtaí a chur i measc pobail i bhfad níos fairsinge de thoradh na cibearbhulaíochta. Taobh istigh de chúpla clic, is féidir grianghraf náireach nó postáil mhioscaiseach a roinnt ar fud suíomh gréasáin le go mbeidh scoil iomlán in ann iad a fheiceáil.

Sna cásanna is tromchúisí, d’fhéadfadh an chibearbhulaíocht cur le mothúcháin féinmharaithe agus féindochair.

Freagairt don Chibearbhulaíocht

Téann scoileanna i ngleic le bulaíocht cheana féin trí bheartais agus trí nósanna imeachta frithbhulaíochta, ach cruthaíonn cibearbhulaíocht dúshláin nua, faoi mar a luadh.

Is féidir le múinteoir nó le ball foirne scoile céimeanna a thógáil sa chath i gcoinne na bulaíochta ar líne.

  • Tacaíocht: Tabhair tacaíocht agus muinín don duine ar a bhfuil bulaíocht á himirt. Inis dó/di go ndearna sé/sí an rud ceart nuair a thuairiscigh sé/sí an bhulaíocht. Tabhair misneach don pháiste cabhair a iarraidh ó na tuismitheoirí, ón gcomhairleoir scoile, ón bpríomhoide nó ó na múinteoirí. Bí cinnte go bhfuil a fhios aige/aici go bhfuil tacaíocht ar fáil.
  • Fianaise: Tabhair cúnamh don pháiste fianaise ábhartha a choimeád le haghaidh imscrúduithe. Is féidir é seo a dhéanamh ach seatanna den scáileáin a ghlacadh nó leathanaigh Ghréasáin a phriontáil. Bí cinnte nach scriostar teachtaireachtaí gutháin.
  • Tabhair eolas: Tabhair comhairle don pháiste lena chinntiú nach dtarlóidh sé arís. D’fhéadfá a leanas a mholadh: pasfhocail a athrú; sonraí teagmhála a athrú; próifílí ar shuíomhanna líonraithe shóisialta a bhacadh; nó drochíde ar líne a thuairisciú.
  • Ná lorg díoltas: Bí cinnte nach lorgaíonn an duine óg díoltas ná nach bhfreagraíonn siad na teachtaireachtaí.
  • Príobháideachas: Iarr ar an bpáiste faisnéis phearsanta a choimeád príobháideach ar an Idirlíon.
  • Imscrúdú: Is gá imscrúdú iomlán a dhéanamh ar an éileamh cibearbhulaíochta. Má tá déantóir na coire ar eolas, iarr orthu na ráitis nó na postálacha maslacha a bhaint. Ba cheart an uile thaifead a choimeád mar chuid den imscrúdú.
  • Tuairiscigh: Ní mór drochíde ar láithreáin líonraithe shóisialta nó i dteachtaireachtaí téacs a thuairisciú do na suíomhanna gréasáin agus do sholáthróirí seirbhíse an fhóin phóca.
  • Treoirlínte: Tá roinnt doiciméid bheartais ag do scoil ar féidir leat dul i gcomhairle leo. I measc na ndoiciméad seo tá an Polasaí Úsáide Inghlactha, beartais Frithbhulaíochta agus beartais Iompraíochta agus Araíonachta.

Cibearbhulaíocht a Chosc i do Scoil

Ní bheidh sé furasta cibearbhulaíocht a chosc. Is deacair í a rialú toisc go dtarlaíonn sí ar an Idirlíon.

Is é an dóigh is fearr chun í a chosc ná caitheamh léi mar shaincheist i bpobal iomlán na scoile agus caitheamh léi mar shaghas eile bulaíochta i mbeartas frithbhulaíochta na scoile.

Bí cinnte go bhfuil a fhios ag do dhaltaí uile nach bhfuil bulaíocht ceart agus nach gcuirfear suas léi, is cuma cén saghas bulaíochta atá i gceist.

Mar chuid d’iarrachtaí chun dul i ngleic leis an tsaincheist, ba cheart duit feasacht ar AUPanna na scoile agus ar smachtbhannaí na scoile má bhaintear mí-úsáid as ICT a chur chun cinn freisin.

Is iomaí rud is féidir leat a chur ina luí ar do dhaltaí, mar shampla, a gcuid ceart agus freagrachtaí ar líne a mhúineadh dóibh agus a chinntiú go bhfuil a fhios acu nach áit phríobháideach é an tIdirlíon.

Caithfidh páirtithe leasmhara na scoile freisin úsáid dhearfach na teicneolaíochta a chur chun cinn. Plé dea-bhéasaíocht Idirlín agus saincheisteanna sábháilteachta pearsanta le do dhaltaí agus tabhair eolas dóibh ina leith.

Príomhtheachtaireacht amháin eile is ea atmaisféar “scaoil leis” a spreagadh ionas go ndéanfaidh daltaí an chibearbhulaíocht a thuairisciú nuair a fheiceann siad í. Leis an méid seo a dhéanamh, is féidir le do scoil bealaí éagsúla a phoibliú maidir leis an dóigh chun an chibearbhulaíocht a thuairisciú, d’fhonn muinín a thabhairt do na finnéithe.

Ní mór beartais frithbhulaíochta a nuashonrú go rialta agus ní mór iad a leasú freisin d’fhonn déileáil le cibearbhulaíocht de réir mar a thagann sí chun cinn. Tabharfaidh sé seo bun láidir do do scoil ó thaobh imscrúduithe agus smachtbhannaí de.

Is é an rud is tábhachtaí a thiocfadh leat a dhéanamh, áfach, ná daltaí a spreagadh le cairde a dhéanamh agus atmaisféar dearfach tacaíochta a chur chun cinn sa scoil, a chinnteoidh nach rachaidh an chibearbhulaíocht ó neart go neart.