Filleadh ar Scoil: Acmhainní Sábháilteachta Idirlín do Mhúinteoirí

Filleadh ar Scoil: Acmhainní Sábháilteachta Idirlín do Mhúinteoirí

BeSafeBeWebwiseMainPic

Beidh cuimhne againn ar go leor rudaí i samhradh na bliana 2012. Na Cluichí Oilimpeacha Drochimirt na hÉireann i gcomórtas Euro 2012. Agus, ar ndóigh, an aimsir.

Ach anois agus scoilbhliain nua os ár gcomhair amach, tá sé in am do mhúinteoirí na laethanta fliucha sin a chur taobh thiar díobh agus luí isteach arís ar an obair.

Agus tú ag fáil faoi réir le fáilte a chur roimh dhream nua daltaí, is mian le Webwise tathant ort machnamh a dhéanamh ar na hacmhainní múinteoireachta atá againn le haghaidh sábháilteacht Idirlín.

Mar is eol dúinn uile, bíonn líon na ndaltaí a thagann ar an Idirlíon ag méadú i gcónaí mar gheall ar dhul chun cinn suntasach na teicneolaíochta.

Sin é an fáth a bhfuil sé ríthábhachtach a chinntiú go mbainfidh siad an tairbhe is fearr is féidir as an Idirlíon gan taithí neamhoiriúnach a fháil air agus trioblóid a tharraingt orthu féin.

Seo iad na príomhacmhainní atá againn a fhéadfaidh tú a roinnt le do rang lena chinntiú go mbeidh scileanna sábháilteachta Idirlín den scoth acu.

Lámhleabhar Webwise do Mhúinteoirí Bunscoile

[gview file=”http://webwise.ie/wp-content/uploads/2014/06/WebwisePrimaryProgramme.pdf”]

Leabhrán is ea Clár Bunscoile Webwise ina dtugtar cabhair do mhúinteoirí OSPS chun úsáid shábháilte fhreagrach as an Idirlíon a mhúineadh.

Ba iad Webwise agus Bí Sábháilte (an Clár um Chosc ar Mhí-Úsáid Páistí) a rinne an Clár a fhorbairt. Frances Fitzgerald, an tAire Leanaí agus Gnóthaí Óige, a sheol an Clár i mí Feabhra.

Ceapadh é chun dul i ngleic níos mó le gnéithe de na cuspóirí sa churaclam OSPS a bhaineann le sábháilteacht phearsanta agus oideachas na meán, nach gclúdaíonn acmhainní eile.

Dírítear sa chéad chuid den acmhainn ar na scileanna a theastaíonn chun an tIdirlíon a scimeáil amhail cuardach éifeachtach sábháilte a dhéanamh, íomhánna a íoslódáil agus an t-ábhar ar líne atá iontaofa a oibriú amach.

Caitear súil sa dara cuid den leabhrán ar na scileanna a theastaíonn chun cumarsáid a dhéanamh go sábháilte agus go héifeachtach ar líne nó i dteachtaireacht téacs agus ar shaincheisteanna a bhaineann le faisnéis phearsanta a roinnt ar líne, leis an tslí a gcaitear le daoine eile i gceart, le cibearbhulaíocht agus leis an tslí ar féidir déileáil le turscar.

//:Be SAFE_Be WEBWISE://

Acmhainn teagaisc is ea Be Safe Be Webwise a bhfuil sé mar aidhm aige scileanna sábháilteacht Idirlín i measc daoine óga a chur chun cinn.

Forbraíodh é le bheith mar chuid den churaclam Oideachais Shóisialta, Phearsanta agus Sláinte (OSPS) agus dearadh é chun daoine óga a chumasú le bheith ina n-úsáideoirí sábháilte, éifeachtacha agus neamhspleácha Idirlín ar feadh a saoil.BeSafeBeWebwiseSide

D’fhorbair an tIonad Náisiúnta do Theicneolaíocht san Oideachas é i gcomhar le Seirbhís Tacaíochta OSPS agus príomhacmhainn é maidir le sábháilteacht Idirlín do mhúinteoirí OSPS.

Dearadh an acmhainn chun deis a thabhairt do dhaltaí a gcuid tuairimí agus a gcuid sábháilteachta a fhiosrú agus iad ag baint úsáide as an Idirlíon.

Áirítear leis an acmhainn roinnt príomhcheachtanna ina bpléitear le raon réimsí tábhachtacha.

I measc na n-ábhar a chuimsítear tá cibearbhulaíocht, cearta agus freagrachtaí ar líne, príobháideachas ar líne, chomh maith le tacaí chun an tábhacht a bhaineann le feasacht chriticiúil ar an Idirlíon a mhúineadh do dhaltaí.

Tá gluais de théarmaí Idirlín ann freisin, atá úsáideach do mhúinteoir ar bith nach bhfuil go hiomlán ar an eolas faoi chuid de na treochtaí Idirlín.

Tá póstaeir ann freisin is féidir le múinteoirí a thaispeáint ina seomraí ranga a chinntíonn go gcuirtear príomhtheachtaireacht na hacmhainne in iúl go soiléir.

ThinkB4UClick

TB4UCBToS

Baineann an t-aos óg úsáid as an Idirlíon gach lá. Corruair, déanann siad dearmad gur féidir le haon duine a ndeir siad ar shuíomhanna líonraithe shóisialta agus i seomraí comhrá a fheiceáil am ar bith.

Sin an fáth a ndearnadh an acmhainn, ThinkB4UClick, a fhorbairt – le cuidiú le múinteoirí cúnamh a thabhairt do dhaltaí saincheisteanna príobháideachais ar líne a fhiosrú.

Ceapadh ThinkB4UClick i gcomhair múinteoirí OSPS don Teastas Sóisearach agus seoladh é i mí Dheireadh Fómhair 2009.

Déantar plé ann ar roinnt réimsí Idirlín agus tugtar aghaidh ar phríobháideachas ar líne ó thaobh ceart agus freagrachtaí ar líne de.

Baintear úsáid as modhanna gníomhacha chun plé a spreagadh. Ligeann ThinkB4UClick do dhaltaí an dóigh a dtéann na saincheisteanna i gcion orthu go pearsanta a mheas.

Nuair a bhíonn sé curtha i gcrích acu, beidh a fhios ag daltaí an dóigh lena gcearta ar líne a léiriú agus an dóigh le meas a léiriú ar chearta a gcomhscoláirí i dtimpeallacht dhomhanda ardteicneolaíochta.

InSafe Back2School 2012

Ná déan dearmad ach oiread ar fheachtas féiríní InSafe Back2School 2012.

Is é InSafe an líonra Eorpach d’ionaid sábháilteachta Idirlín agus tá acmhainní iontacha á gcur ar fáil aige i mbliana i gcomhthráth le múinteoirí agus daltaí a bheith ag filleadh ar scoil.

Ag tosú ar an 3 Meán Fómhair, cuirfear acmhainn amháin ar fáil gach lá den tseachtain sin.

Léigh tuilleadh faoi seo ó InSafe agus cláraigh anseo.