Mínithe: Céard is nuacht bhréagach ann?

Mínithe: Céard is nuacht bhréagach ann?

Céard is nuacht bhréagach ann?


D’fhéadfadh go mbeadh an chuma ar go leor rudaí a léifeá ar líne go mbeidís fíor, scéalta a fheictear i d’fhotha meáin sóisialta ach go háirithe, ach is minic nach amhlaidh. Is é atá i nuacht bhréagach ná nuacht, scéalta nó cleasa a cruthaíodh chun eolas mícheart a thabhairt do léitheoirí nó an dallamullóg a chur orthu d’aon ghnó. Is gnách go gcumtar na scéalta sin chun tionchar a imirt ar thuairimí daoine, dearcadh polaitiúil a bhrú, nó mearbhall a chur ar dhaoine agus is minic gur gnó brabúsach é d’fhoilsitheoirí ar líne. Is féidir le scéalta nuachta bréagaí an dallamullóg a chur ar dhaoine trí bhreathnú cosúil le suíomhanna Idirlín iontaofa nó úsáid a bhaint as ainmneacha agus seoltaí gréasáin cosúil leo siúd atá ag eagraíochtaí nuachta creidiúnacha.

Dar le Martina Chapman (Saineolaí ar Litearthacht sna Meáin), tá trí ghné ag baint le nuacht bhréagach; ‘Amhras, eolas míchruinn agus ionramháil’.

 

Teacht chun cinn na Nuachta Bréagaí


Ní rud nua é nuacht bhréagach ach tá sé ina ábhar mór cainte i 2017. Ba ghnách go bhfaighimis ár nuacht ó fhoinsí, iriseoirí agus meáin iontaofa a bhfuil ceangal orthu cloí le cóid chleachtais dhéine. Leis an idirlíon, áfach, tá bealach úrnua ann le heolas agus nuacht a fhoilsiú, a roinnt agus a léamh agus gan mórán rialachán ná caighdeáin eagarthóireachta ag baint leis.

Anois faigheann go leor daoine nuacht ó shuíomhanna agus líonraí meáin sóisialta agus is minic gur féidir leis bheith deacair a rá an bhfuil scéalta inchreidte nó nach bhfuil. Gnéithe eile a chuir leis an méadú ar scéalta nuachta bréagaí nó cleasa ná an iomarca eolais agus easpa tuisceana go ginearálta faoin gcaoi a n-oibríonn an t-idirlíon. Is féidir le suíomhanna meáin sóisialta ról mór a imirt maidir le scéalta den chineál sin a scaipeadh chuig níos mó daoine.

Eacnamaíocht na cúlchainte atá fabhrach do na meáin shóisialta, úrnuacht, luas agus “oiriúnacht do roinnt” Simeon Yates

 

Cineálacha Nuachta Bréagaí


Bíonn tuairimí difriúla ag daoine maidir le cineálacha nuachta bréagaí a aithint Nuair atá ábhar á mheas ar líne, áfach, tá go leor cineálacha nuachta bréagaí nó míthreoraí nach mór dúinn bheith feasach fúthu. Áirítear leo siúd:

1. Clicmhealladh

Is é atá iontu siúd ná scéalta a chumtar d’aon ghnó chun níos mó cuairteoirí a tharraingt chuig suíomh Idirlín agus chun ioncam ó fhógraíocht a mhéadú do shuíomhanna. I scéalta clicmheallta baintear úsáid as ceannlínte gáifeacha chun aird a tharraingt agus chun níos mó daoine a spreagadh le cliceáil ar shuíomh Idirlín an fhoilsitheora, ach is gnách go mbíonn an fhírinne nó an cruinneas thíos leis.

nuacht bhréagach

2. Bolscaireacht                                                                                             

Scéalta a chumtar chun an dallamullóg a chur ar an lucht léite d’aon ghnó, chun dearcadh claonta nó cúis nó aidhm pholaitiúil áirithe a chur chun cinn.

nuacht bhréagach


3. Aoir/Scigaithris

Foilsíonn go leor suíomhanna Idirlín agus cuntais meáin sóisialta scéalta nuachta bréagaí ar mhaithe le siamsaíocht agus scigaithris. Mar shampla; The Onion, Waterford Whispers, The Daily Mash, etc.

nuacht bhréagach


4. Iriseoireacht Mhíchúramach

Uaireanta d’fhéadfadh go bhfoilseodh tuairisceoirí nó iriseoirí scéal agus eolas mí-iontaofa acu nó gan na fíorais go léir a sheiceáil agus d’fhéadfadh go gcuirfí an lucht léite amú ag an scéal sin. Mar shampla i rith thoghchán S.A.M, d’fhoilsigh an díoltóir éadaí Urban Outfitters Eolaí ar Lá an Toghcháin, agus bhí eolas mícheart san eolaí agus é ráite le vótálaithe go mbeadh ‘cárta clárúcháin vótálaí uathu’. Níl sé sin riachtanach le haghaidh vótála i stát ar bith i S.A.M.


5. Ceannlínte Míthreoracha

Is féidir scéalta nach bhfuil go hiomlán bréagach a chur as a riocht agus úsáid á baint as ceannlínte míthreoracha nó gáifeacha. Is féidir leis na cineálacha sin nuachta scaipeadh go tapa ar shuíomhanna meáin sóisialta áit nach dtaispeántar ach ceannlínte agus giotaí beaga ón alt iomlán ar fhothaí nuachta an lucht léite.

nuacht bhréagach


6. Nuacht Leataobhach/Claonta

Tarraingítear go leor daoine chuig nuacht nó scéalta a dhearbhaíonn a gcuid creideamh nó claontachtaí féin agus is féidir le nuacht bhréagach teacht i dtír ar na claontachtaí sin. Is gnách go dtaispeánann suíomhanna Idirlín meáin sóisialta scéalta agus ailt a measann siad go dtaitneoidh siad linn ar bhonn ár gcuid cuardach pearsantaithe.

nuacht bhréagach

Samhail Ghnó na Nuachta Bréagaí


Leis an idirlíon agus na meáin shóisialta tá sé an-éasca do dhuine ar bith ábhar a fhoilsiú ar shuíomh Idirlín, bhlag nó phróifíl meáin sóisialta agus is féidir leo lucht léite mór a bhaint amach. Anois go bhfuil an oiread sin daoine ag fáil nuachta ó shuíomhanna meáin sóisialta, tá buntáiste ag go leor cruthaitheoirí/foilsitheoirí ábhair.

Is féidir le nuacht bhréagach bheith an-bhrabúsach mar ghnó, agus í ag gineadh shuimeanna móra ioncaim ó fhógraíocht le haghaidh foilsitheoirí a chruthaíonn agus a fhoilsíonn scéalta a scaipeann go mear ar fud an bhaill. Amhail is mó cliceanna a dhéantar ar scéal, is ea is mó airgid a dhéanann foilsitheoirí ar líne trí ioncam ó fhógraíocht agus is ardán idéalach iad na meáin shóisialta do go leor foilsitheoirí chun ábhar a roinnt agus trácht gréasáin a stiúradh.

Nuacht Bhréagach, Na Meáin Shóisialta, agus an Bolgán Scagtha


In alt deireanach ar litearthacht sna meáin, thug Hugh Linehan an méid seo a leanas faoi deara; “Ní léitear go héighníomhach a thuilleadh na scéalta sna meáin – cruthaítear iad, roinntear iad, tugtar ordóg dóibh, déantar trácht orthu, ionsaítear agus cosnaítear iad ar go leor bealaí ag na milliúin duine. Agus tá na halgartaim a úsáideann na cuideachtaí teicneolaíochta is cumhachtaí – Google agus Facebook ach go háirithe – ceaptha ar bhealach fíorchliste chun na seirbhísí sin a dhéanamh pearsanta agus a chur in oiriúint do phróifíl gach úsáideora.”

Nuair a théann muid ar líne nó nuair a logálann muid isteach i líonra meáin sóisialta is gnách go dtaispeántar nuacht, ailt nó ábhar dúinn atá bunaithe ar ár gcuid cuardach féin ar líne. Is gnách go léiríonn an cineál sin ábhair na rudaí a thaitníonn linn, ár gcuid tuairimí agus creideamh féin agus mar sin ní bhíonn muid nochta do dhearcaí ná tuairimí difriúla. Is minic a thugtar bolgán scagtha air sin.

Cad is féidir linn a dhéanamh maidir le nuacht bhréagach?


Tá sé fógartha ag Google agus Facebook go bhfuil siad chun bearta nua a ghlacadh le dul i ngleic le nuacht bhréagach trí uirlisí nua a thabhairt isteach chun í a thuairisciú nó bratach a chur léi. Freisin tá suíomhanna um sheiceáil fíoras cruthaithe ag eagraíochtaí meáin ar nós BBC agus Channel 4. Cé gur rudaí dearfacha iad na forbairtí sin, is scileanna riachtanacha iad litearthacht sna meáin digiteacha agus bheith in ann eolas a mheas go criticiúil le haghaidh aon duine a úsáideann an t-idirlíon agus daoine óga ach go háirithe.

Mar gheall ar an raidhse eolais atá ar fáil ar líne agus an méadú ar nuacht bhréagach is gá bheith in ann smaoineamh go criticiúil. Is gá do leanaí smaointeoireacht chriticiúil a fhorbairt agus iad an-óg. Is scil ríthábhachtach é seo le forbairt ag daoine óga agus iad ag dul isteach san oideachas tríú leibhéal agus ag ullmhú i gcomhair an ionaid oibre.

Conas is féidir nuacht bhréagach a aithint?


Tá roinnt rudaí ar féidir a bheith ag faire amach dóibh agus ábhar ar líne á mheas.

 

    1. Féach arís air                                                                           
      Seiceáil foinse an scéil, an aithníonn tú an suíomh Idirlín? An foinse inchreidte/iontaofa é? Mura bhfuil cur amach agat ar an suíomh Idirlín, féach sa chuid ‘eolas fúinn’ chun níos mó eolais a fháil faoin údar.

 

 

 

    1. Féach taobh thiar den cheannlíne
      Seiceáil an t-alt iomlán, úsáidtear ceannlínte gáifeacha nó creathnacha i go leor scéalta nuachta bréagaí chun aird a tharraingt. Is minic go mbíonn ceannlínte do scéalta nuachta bréagaí scríofa i gceannlitreacha amháin agus go n-úsáidtear comharthaí uaillbhreasa iontu.

 

 

 

    1. Seiceáil na foinsí eile
      An bhfuil soláthraithe nuachta/meáin eile ag tuairisciú ar an scéal? An bhfuil aon fhoinsí luaite sa scéal? Má tá, seiceáil an bhfuil siad iontaofa nó go deimhin más ann dóibh ar chor ar bith!

 

 

 

    1. Seiceáil na fíorais
      Is minic go mbíonn dátaí míchearta nó amlínte athraithe i scéalta nuachta bréagaí. Is maith an smaoineamh é freisin seiceáil cathain a foilsíodh an t-alt, an scéal nuachta reatha nó seanscéal é?

 

 

 

    1. Seiceáil do chuid claontachtaí
      An bhfuil do chuid tuairimí nó creideamh féin ag dul i bhfeidhm ar do bhreithiúnas ar alt nó tuairisc nuachta?

 

 

 

    1. An scéal grinn atá ann?
      Bíonn an-tóir ar shuíomhanna Idirlín aoracha ar líne ach uaireanta ní léir an scéal atá ann nó an é go bhfuil an t-údar ag magadh nó ag déanamh scigaithrise…Seiceáil an suíomh Idirlín, an bhfuil aithne air mar shuíomh ar a gcumtar scéalta greannmhara?

 


Na fíorais a sheiceáil le haghaidh suíomhanna

Snopes: snopes.com/

PolitiFact: politifact.com

Fact Check: factcheck.org/

BBC Reality Check: bbc.com/news/reality-check

Channel 4 Fact Check: channel4.com/news/factcheck