Mód Sábháilteachta YouTube

Mód Sábháilteachta YouTube

Teastaíonn uainn uile go mbeidh ár bpáistí sábháilte ar líne. Teastaíonn uainn freisin go bhfoghlaimeoidh siad rudaí nua ar líne.

Suíomh é YouTube a d’fhéadfadh daoine óga mórán a fhoghlaim air. Suíomh gréasáin é atá lán le físeáin. Uaslódálann gnáthdhaoine, cuideachtaí agus eagraíochtaí na milliúin uair de phíosaí scannáin gach lá.

Cé gur beag an fiúntas atá ag cuid mhór den ábhar air, is iomaí físeán agus scannán atá air a d’fhéadfadh cur leis an bhfoghlaim sa seomra ranga i réimse ábhar.

Ar a shon sin, tá ábhar air freisin ar le haghaidh daoine fásta amháin é agus b’fhearr linn nach bhfeicfeadh ár bpáistí a leithéid.

Cad is Mód Sábháilteachta YouTube ann?

Socrú é an mód sábháilteachta a thugann deis do na húsáideoirí bac a chur ar ábhar do dhaoine fásta.

Socrú “liostáil roghnach” é, rud a chiallaíonn nach mbeidh feidhm aige nó go gcasann tú ar siúl é.

Scagann an socrú torthaí cuardaigh chun físeáin a bhaint ina bhfuil ábhar do dhaoine fásta nó físeáin lena ngabhann srian aoise. Mar thoradh air seo, ní thiocfaidh a leithéid d’ábhar aníos i gcuardaigh físeáin, i bhfíseáin ghaolmhara, i seinnliostaí, i seónna ná i míreanna scannáin.

Cé nach bhfuil aon chóras scagtha 100% cruinn, molann Webwise do thuismitheoirí páistí óga an ghné seo a chumasú.

Conas a Chasaim Mód Sábháilteachta YouTube air?

Seo a leanas físeán a chuireamar le chéile chun cabhair a thabhairt duit leis an bpróiseas.

  1. Scrollaigh síos go dtí an buntásc ar leathanach físeáin ar bith ar YouTube, áit a bhfuil do theanga reatha, do láthair, agus do shocruithe mód sábháilteachta le feiceáil [feic thíos]
  2. Is féidir do shocruithe mód sábháilteachta a athrú ach Off a chliceáil
  3. Roghnaigh an cnaipe raidió On ansin agus cliceáil Save chun an ghné shábháilteachta seo a chumasú

Tá mód sábháilteachta YouTube ar siúl agat anois.

Má tá cuntas Gmail nó YouTube agat, tig leat an socrú seo a ghlasáil. Ní bheidh duine ar bith eile ábalta é a athrú dá bharr.

Conas a Chuirim mo Shocruithe faoi Ghlas?

  1. Oscail painéal cumraíochta an mhóid sábháilteachta sa bhuntásc trí scrollú síos agus ‘Safety Mode’ a chliceáil: On
  2. Ansin cliceáil Sign in in aice leis an gcnaipe Save
  3. Logáil isteach chuig do chuntas Google
  4. Scrollaigh síos go dtí an buntásc arís agus cliceáil Save and Lock Safety Mode on This Browser

Tá mód sábháilteachta YouTube glasáilte anois agat ar an mbrabhsálaí seo.

Beidh ort tabhairt faoi na céimeanna céanna ar na brabhsálaithe eile atá suiteáilte ar do ghléas.

Ná déan dearmad síniú amach as do chuntas nuair a bhíonn tú réidh.