Pictiúir a Phostáil ar Shuíomh Gréasáin do Scoile

Pictiúir a Phostáil ar Shuíomh Gréasáin do Scoile

Réimse amháin é glacadh, foilsiú agus roinnt íomhánna ina raibh réabhlóid sa dóigh a dtiteann an próiseas iomlán amach de thoradh athruithe teicneolaíochta.

Ní chaithfidh tú dul go réalóir le rolla scannáin níos mó agus fanacht go dtí go bpriontálfar do chuid pictiúr.

Sa lá atá inniu ann, is féidir grianghraif a ghlacadh agus a fhoilsiú tar éis cúpla clic simplí ar cheamaraí digiteacha agus ar fhóin cheamara ardsonraíochta.

Cé go ngabhann tairbhí ollmhóra le híomháú digiteach maidir le cúrsaí foghlama, tá roinnt rioscaí ann freisin ar cheart go mbeadh do scoil eolach orthu.

Féadfaidh na pictiúir a bheith ar líne go brách de thoradh roinnt agus postáil íomhánna digiteacha ar an Idirlíon, bíodh sé ar shuíomh gréasáin na scoile nó ar phróifíl líonraithe shóisialta.

Cé go mb’fhéidir go mbeidh fonn ort éachtaí ranga nó saothar do dhaltaí a cheiliúradh, saincheisteanna iad seo ar cheart duit cuimhneamh orthu.

Is tábhachtach go gcuireann do scoil beartais i bhfeidhm sa réimse faoi leith seo.

Cad iad na Saincheisteanna atá i gCeist?

In ainneoin an chuspóra i dtaobh an oideachais, d’fhéadfadh íomhánna náire a chur ar dhuine sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, cé nach mbeadh sé i gceist é seo a dhéanamh.

Cé gur dóchúil nach dtarlódh a leithéid, d’fhéadfadh fostóirí amach anseo cuardach Idirlín a dhéanamh agus teacht ar íomhánna arbh fhearr le fostaí ionchasach iad a bheith ina rún.

D’fhéadfadh íomhánna náire a chur ar dhuine cé nach mbeadh sé i gceist é seo a dhéanamh

Ná déan dearmad go bhféadfadh corr a bheith duine ar bith íomhá a chuirtear ar líne a chur in eagar nó drochúsáid a bhaint aisti.

Sa bhreis air sin, caithfidh scoileanna a bheith cúramach le linn dóibh pictiúir a phostáil d’fhonn a gcuid daltaí a chosaint, de thoradh clibeáil grianghraf – a aithníonn daoine san íomhá gan a dtoiliú a fháil roimh ré – agus teicneolaíocht aitheanta aghaidhe.

Mar gheall ar rialacháin um chosaint sonraí – arna rialú ag an Acht um Chosaint Sonraí (Leasú), 2003, ag an Acht um Chosaint Sonraí, 1988 agus ag an Acht um Fhístaifeadtaí, 1989 – tá roinnt saincheisteanna le cur san áireamh freisin nuair a dhéantar íomhánna de dhaoine óga a fhoilsiú.

Cad is féidir le mo Scoil a Dhéanamh?

Féadfaidh tú an chiall a úsáid i do scoil lena chinntiú go bhfuil grianghraif á n-úsáid go sábháilte.

Ba cheart go ndíreodh pictiúir ar bith ar ghníomhaíochtaí grúpa seachas ar dhaoine aonair. Ba chóir grianghraif ghrúpa a roghnú i gcónaí in áit pictiúr ina dtaispeántar aghaidh iomlán páistí aonair.

Níor cheart go mbainfí úsáid as ainmneacha, go háirithe ainmneacha iomlána. Má bhainfí úsáid astu, ba cheart iad a scaradh ó na híomhánna.

B’fhiú go mór breithniú a dhéanamh ar ghailearaithe físeán agus grianghraf a chur faoi ghlas ar chóras ICT na scoile, ionas nach mbeidh daoine in ann é a úsáid gan toiliú a fháil.

Sa mhullach air sin, ba chóir go mbeadh Polasaí Úsáide Inghlactha (AUP) ag do scoil. Mura bhfuil AUP ag do scoil, ba cheart don scoil tús a chur leis an bpróiseas chun ceann a réiteach lom díreach.

Rialaíonn AUPanna úsáid an Idirlín agus ICT ar scoil agus tá siad fíorthábhactach chun dea-scileanna sábháilteachta ar líne a chinntiú.

Seo a leanas roinnt leideanna le cur san áireamh san AUP i dtaca le híomhánna scoile:

  • Cuirfidh an fhoireann oideachas ar na daltaí faoi na rioscaí a ghabhann le tógáil, úsáid, roinnt, foilsiú agus dáileadh íomhánna. Go háirithe, aithneoidh múinteoirí na rioscaí a ghabhann le foilsiú a gcuid íomhánna féin ar an Idirlíon.
  • Tá cead ag an bhfoireann íomhánna digiteacha/físeáin a ghlacadh mar thacaíocht do spriocanna oideachasúla, ach caithfidh siad cloí le beartais na scoile maidir le dáileadh na n-íomhánna sin, ar cheart iad a ghlacadh le trealamh na scoile amháin.
  • Nuair atá íomhánna digiteacha/físeáin á nglacadh, bí cinnte go bhfuil cóiriú cuí ar na daltaí agus nach bhfuil siad ag gabháil de ghníomhaíochtaí a d’fhéadfadh droch-cháil a tharraingt ar na daoine nó ar an scoil.
  • Níl cead ag daltaí íomhánna de dhaoine eile a ghlacadh, a úsáid, a roinnt ná a fhoilsiú gan toiliú a fháil.
  • Roghnófar pictiúir ina bhfuil daltaí agus a fhoilseofar ar shuíomh gréasáin na scoile, nó in áit ar bith eile, go cúramach agus comhlíonfaidh siad treoir dea-chleachtais maidir le húsáid íomhánna.
  • Ní bhainfear úsáid as ainmneacha iomlána na ndaltaí áit ar bith ar shuíomh gréasáin ná ar bhlag, go háirithe in éineacht le grianghraif.
  • Gheofar cead i scríbhinn ó thuismitheoirí nó ó chúramóirí sula bhfoilseofar grianghraif de dhaltaí ar shuíomh gréasáin na scoile.
  • Ní féidir saothar daltaí a fhoilsiú ach amháin le cead an dalta agus na dtuismitheoirí nó na gcúramóirí.