Polasaithe Úsáide Inghlactha Ceisteanna Coitianta: Freagraí ar do Cheisteanna

Polasaithe Úsáide Inghlactha Ceisteanna Coitianta: Freagraí ar do Cheisteanna

Cad is Polasaí Úsáide Inghlactha (AUP) ann?

Is doiciméad é Polasaí Úsáide Inghlactha, a shíníonn daltaí agus a dtuismitheoirí, a gcaomhnóirí nó a gcúramóirí. Déantar mionsonrú ann faoi na bealaí inar féidir, agus nach féidir, úsáid a bhaint as an Idirlíon, as fóin phóca agus as gléasanna lena mbaineann in bhur scoil.

Cén fáth a dteastaíonn AUP ó scoileanna?/

Cuireann cur chuige i ndáil le polasaí aontaithe dea-chleachtas chun cinn, chomh maith le húsáid Idirlín atá freagrach agus sábháilte. Is uirlis iontach é an Gréasán le haghaidh foghlama, ach bíonn ábhar contúirteach ann freisin agus d’fhéadfaí mí-úsáid a bhaint as. Is é sin an fáth go bhfuil sé ríthábhachtach go mbunódh scoileanna Polasaí Úsáide Inghlactha a thabharfaidh aghaidh ar gach ceart, pribhléid, freagracht agus smachtbhanna a bhaineann le húsáid ríomhaire. Cuireann sé cosaint dhlíthiúil ar fáil don scoil freisin.

Cé hiad na daoine a fhorbraíonn AUP

Ba cheart go mbeadh páirtithe leasmhara uile na scoile gníomhach i gceapadh an pholasaí Idirlín – múinteoirí, daltaí, boird bhainistíochta, tuismitheoirí agus caomhnóirí. Ach go príomha, féadfaidh múinteoir an obair a thosú le grúpa nó le coiste comhordacháin a chur le chéile, agus cuireann siadsan tús leis an bpróiseas ansin.

Cad iad na saincheisteanna ar cheart a imscrúdú sula scríobhtar AUP?

Tá go leor ceisteanna ar cheart machnamh a dhéanamh orthu roimh thús a chur le AUP don scoil. Tá sé tábhachtach go ndéanfar measúnú ar neart saincheisteanna ar nós conas a dhéanfar bainistíocht ar úsáid ríomhphoist, an rochtain a bheidh ar sheomraí comhrá agus smachtbhannaí a d’fhéadfaí a chur i gcás go sáraítear an polasaí.

Cad iad na heilimintí ar chóir a bheith san áireamh in AUP na scoile?

Beidh gach scoil difriúil bunaithe ar an úsáid ICT (teicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide) atá acu agus ar aon pholasaí a d’fhéadfadh a bheith acu cheana féin. Ach go ginearálta, tá roinnt réimsí a ndéantar polasaí fúthu i bhformhór na scoileanna. Mar shampla, is smaoineamh maith é mír a chur isteach faoi rialacha ag rialú bradaíola agus úsáid saothar duine eile ar líne, chomh maith le gealltanas a fháil ó dhaltaí go gcoimeádfaidh siad eolas pearsanta príobháideach nuair a bheidh siad ar líne. Is réimsí tábhachtacha iad freisin na rialacha maidir le cibearbhulaíocht a thuairisciú agus iarrachtaí ar ábhar míchuí a fháil ón Idirlíon.

Conas a chuirfidh mé ina luí ar thuismitheoirí agus ar dhaltaí an AUP a shíniú?

Ba cheart go seolfaí Polasaithe Úsáide Inghlactha agus foirmeacha ceada Idirlín chuig tuismitheoirí/caomhnóirí agus daltaí lena síniú. Ní mór athbhreithniú agus nuashonrú a dhéanamh ar na foirmeacha seo ar bhonn rialta, chomh maith le síniú na bpáirtithe leasmhara a fháil. Ba chóir go dtabharfadh an comhfhreagras míniú ar an bhfáth go bhfuil gá le AUP agus ar an tábhacht a bhaineann le rannpháirteachas na bpáirtithe leasmhara uile i bpolasaí ICT na scoile.

Sháraigh dalta ár bPolasaí Úsáide Inghlactha, cad a dhéanfaidh mé?

Ba cheart go mbeadh déileáil le sárú an pholasaí leagtha amach cheana féin mar chuid de do AUP. Is dócha mar sin go bhfuil céimeanna áirithe ar fáil duit le leanúint chun déileáil leis an gcás. Go deimhin, ainmnítear duine ar leith chun déileáil leis na sáruithe i bhformhór na AUPanna. Féadtar déileáil le mionteagmhais trí rabhaidh a thabhairt nó trí smachtbhannaí éadroma a chur, ach d’fhéadfaí pionóis níos troime a ghearradh i gcás sáruithe tromchúiseacha. Tá sé ríthábhachtach freisin go mbeadh Polasaí Úsáide Inghlactha na scoile an- soiléir ag mionsonrú na smachtbhannaí a d’fhéadfadh a chur, mar chabhródh sé le cosaint dhlíthiúil a chur ar fáil don scoil.

Cé chomh minic ar chóir athbhreithniú/nuashonrú a dhéanamh ar an bpolasaí?

Chomh luath is a dhaingníonn an bord bainistíochta é, ba chóir tosú amach le hathbhreithniú a dhéanamh ar do AUP thar thréimhsí gearra, abair gach trí seachtaine mar shampla. De réir mar a dhéantar neadú ar an bpolasaí, féadfaidh an t-athbhreithniú ar dhoiciméid an pholasaí a laghdú, agus é sin a dhéanamh ar bhonn níos fadtéarmaí. Tá sé tábhachtach, áfach, tréimhsí áirithe a leagan síos don athbhreithniú. De réir mar a fhorbraíonn an teicneolaíocht i dtólamh tagann nósanna, forbairtí agus bagairtí nua chun cinn. Tá sé ríthábhachtach mar sin go gcoimeádfaidh tú tú féin ar an eolas faoi na hábhair atá ag teacht chun cinn lena chinntiú go mbeidh úsáid an Idirlín sábháilte do chách.

Má bhíonn ceist agat ar mhaith leat freagra uirthi déan teagmháil linn anseo ar internetsafety@ncte.ie.