Scileanna Litearthachta Digití a Fhorbairt

litearthacht dhigiteach

Scileanna Litearthachta Digití a Fhorbairt

Cad is Litearthacht Dhigiteach ann?


Tagraíonn Litearthacht dhigiteach do shraith inniúlachtaí ar leith a chuireann ar do chumas feidhmiú agus bheith páirteach go hiomlán i ndomhan digiteach. 

Meastar na laethanta seo gur dúchasaigh dhigiteacha iad scoláirí, atá in ann an teicneolaíocht a úsáid go héifeachtúil agus go héasca. Mar sin féin, tá sé chomh tábhachtach céanna múineadh do scoláirí le bheith ina saoránaigh dhigiteacha. Gníomhaíonn saoránach digiteach go cuí agus go heiticiúil i dtimpeallacht ar líne. Ní mór go mbeidís in ann coimhlintí a réiteach, ábhar a aimsiú go heiticiúil agus idirghníomhú leis an domhan níos leithne ar bhealach freagrach. 

Féach ar an bhfíseán áisiúil seo ar an gcúis a bhfuil sé tábhachtach am a chaitheamh ag forbairt scileanna litearthachta digití le do chuid scoláirí.





Le bheith liteartha go digiteach caithfidh tú a bheith in ann ábhar a nascleanúint, a mheas agus a chruthú ag úsáid gach cineál teicneolaíochtaí digiteacha, mar shampla, fóin chliste, ríomhairí glúine agus ríomhairí.

Sa tsraith seo, féachfaimid ar ocht gcomhpháirt na litearthachta digití agus tabharfaimid ocht dtreoir ghearra duit ar conas na scileanna tábhachtacha sin a mhúineadh do do chuid scoláirí.

Athraíonn an litearthacht dhigiteach de shíor de réir mar a thagann teicneolaíochtaí níos nuaí ar an bhfód, dá bhrí sin áirítear leis, ach níl sé teoranta do:

 

    • scileanna teicniúla praiticiúla

 

    • scileanna comhoibrithe

 

    • scileanna sóisialta agus cultúrtha

 

    • smaointeoireacht chriticiúil

 

 

Treoracha


litearthacht-dhigiteachtes.com

Tabharfaidh an tsraith nua seo treoir duit maidir le gach inniúlacht: 

 

    1. Smaointeoireacht Chriticiúil i nDomhan Digiteach

 

    1. Scileanna Sábháilteachta ar Líne

 

    1. Tuiscint Chultúrtha agus Shóisialta

 

    1. Comhoibriú

 

    1. Aimsigh Faisnéis

 

    1. Cumarsáid

 

    1. Cruthaitheacht

 

    1. Scileanna Praiticiúla agus Feidhmiúla

 


Foilseofar an chuid eile de na treoracha i ndiaidh Lá na Sábháilteachta Idirlín, 2018, a bheidh ar siúl an 6 Feabhra. 

Tabharfaidh siad sin tuilleadh faisnéise duit ar gach scil agus leideanna maidir le hinniúlachtaí digiteacha a chomhtháthú le do scoláirí. 

Anuas air sin, beidh fáil agat ar ár ngrafaicí faisnéise atá éasca le húsáid agus atá ar fáil lena n-íoslódáil agus lena bpriontáil.