Scoileanna, Bulaíocht agus Cibearbhulaíocht

Scoileanna, Bulaíocht agus Cibearbhulaíocht

Tá an bhulaíocht agus an chibearbhulaíocht mar an dá thaobh den bhonn céanna. Tá baint acu lena chéile agus léiríonn siad cuid mhór de na patrúin, de na saintréithe agus de na modhanna céanna. Bíonn tionchar ollmhór acu araon, idir fhisiciúil agus mheabhrach, ar íospartaigh.

Ceist chasta í ceist na bulaíochta a sháraíonn timpeallacht na scoile.

Is ríthábhachtach é an t-oideachas ar dhóigh níos forleithne, sa bhaile agus sa phobal araon. Níl sé réasúnta an fhreagracht as réiteach na cibearbhulaíochta a leagan ar na scoileanna amháin. Caithfidh tuismitheoirí, soláthróirí seirbhíse agus an t-aos óg iad féin bearta cosanta a ghlacadh.

Cineálacha Difriúla Ciaptha ar Líne

  • IMEAGLÚ PEARSANTA: Áirítear leis seo teachtaireachtaí bagracha téacs a fháil, nótaí tráchta maslacha agus bagracha a phostáil ar phróifíl an íospartaigh nó ar shuíomhanna gréasáin eile, nó teachtaireachtaí meandracha bagracha a sheoladh.
  • LÉIRIÚ DUINE: Áirítear leis seo próifílí agus leathanaigh ghréasáin bhréagacha a chruthú do dhaoine, nó rochtain a fháil ar phróifíl nó ar chuntas teachtaireachtaí meandracha duine le teagmháil a dhéanamh le daoine eile ag ligean orthu féin gurb iadsan úinéir an chuntais nó na próifíle.
  • EISIAIMH: Áirítear leis seo cosc a chur ar dhuine a bheith páirteach i ngrúpa coitianta nó i bpobal, ar nós grúpa scoile nó ranga ar Bebo, duine a bhaint de liostaí cairdis, agus/nó ‘feidhmeanna neamhairde’ a úsáid.
  • UIRÍSLIÚ PEARSANTA: Áirítear leis seo íomhánna nó físeáin a phostáil ar mhaithe le náire a chur ar dhuine, úsáideoirí ag roinnt agus ag postáil íomhánna nó físeán d’íospartaigh agus drochíde nó uirísliú á n-imirt orthu as líne, nó úsáideoirí ag roinnt teachtaireachtaí pearsanta ar nós ríomhphost nó teachaireachtaí téacs le níos mó daoine ná mar a theastaíonn ón seoltóir.
  • TUAIRISCIÚ BRÉAGACH: San áireamh anseo tá tuairiscí bréagacha a thabhairt don soláthróir seirbhíse nó tuairiscí a thabhairt i leith úsáideoirí eile i dtaobh a gcuid iompraíochta le go scriosfaí cuntas nó suíomh gréasáin an duine sin.

Conas atá an Chibearbhulaíocht Difriúil?

  • Is minic a bhíonn an chumarsáid idir an t-aos óg folaithe ó dhaoine fásta. Is treise é seo ar líne, áit a mbíonn siad i mbun cumarsáide ar dhóigheanna nach bhfuil daoine fásta ar an eolas fúthu agus atá saor ó mhaoirseacht.
  • Tig le daoine óga dul i bhfolach na neamhainmníochta ar an Idirlíon nuair a bhíonn siad ar líne.
  • Is é an difríocht mhór idir teachtaireachtaí mioscaiseacha a scríobh ar chúl leabhar scoile agus iad a phostáil ar an Idirlíon ná gur féidir le níos mó daoine na teachtaireachtaí a fheiceáil ar an toirt beagnach ar líne.
  • Is gnách nach mbíonn daoine óga a chuireann teachtaireachtaí ar an Idirlíon chomh freagrach as a gcuid gníomhartha ar líne agus a bhíonn siad san ‘fhíorshaol’.
  • Is minic a bhíonn an saghas iompraíochta seo lasmuigh de raon na scoile toisc gur féidir leis tarlú taobh amuigh den scoil ar ríomhairí baile nó ar fhóin phóca.
  • Bíonn eagla ar dhaoine óga go minic caint le daoine eile faoin mbulaíocht a dhéantar orthu mar go mbíonn imní orthu go n-éireoidh an bhulaíocht níos measa má nochtann siad an ciapadh.
  • Bíonn faitíos orthu freisin go hiondúil cásanna bulaíochta a thuairisciú de bharr go mbíonn siad buartha go dtógfaidh daoine fásta a bhfón póca, a ríomhaire agus/nó a rochtain Idirlín uathu.
  • I móramh na gcásanna, bíonn aithne ag na cibearbhulaithe ar a gcuid íospartach, ach ní i gcónaí a bhíonn a fhios ag na híospartaigh cé hiad na cibearbhulaithe. Mar gheall air seo, scoitear na híospartaigh i dtimpeallachtaí scoile agus ní bhíonn muinín acu as a gcomhscoláirí.
  • Tá teicneolaíochtaí cumarsáide le sonrú sna ceithre aird. Mar thoradh air seo, féadfaidh an chibearbhulaíocht tarlú áit ar bith ag tráth ar bith agus i gcás mórán páistí, ní tearmann é an baile a thuilleadh ón mbulaíocht.

Déileáil le Cibearbhulaíocht

Ba chóir go mbeadh cosc ar bhulaíocht ina bhunchuid de Chód Iompraíochta agus Araíonachta san uile bhunscoil agus mheánscoil.

Luaitear sna hImlitreacha seo: Ba chóir na Cóid Iompraíochta i scoileanna a bhreithniú i gcomhthéacs na scoile mar phobal ina bhfuil cóimheas, comhoibriú agus ceartas aiceanta le sonrú go tréan.

Tugtar le fios go follasach i dtaighde idirnáisiúnta a ríthábhachtaí atá Beartas Scoile ina sonraítear bearta ar leith le déileáil le hiompraíocht bhulaíochta faoi chuimsiú an chreata maidir le Cód Iompraíochta agus Araíonachta iomlán na scoile.

Meastar go bhféadfadh cód den sórt seo, a chuirfí le chéile agus i ngníomh i gceart, a bheith mar an beart is fearr chun dul i ngleic leis an mbulaíocht sna scoileanna.

Cosc

Cé go dtuigtear go mbíonn ról mór ag tosca baile chun cosc a chur ar an mbulaíocht, is ríthábhachtach é ról na scoile maidir le hobair choisctheach agus níor cheart é seo a ligean i ndearmad.

Neartóidh tionscnaimh scoile iarrachtaí dearfacha nó cuideoidh siad leis an ngníomhú in aghaidh iarrachtaí mírathúla tuismitheoirí nó caomhnóirí chun iompraíocht dho-ghlactha a rialú.

Comhairle Thábhachtach do Pháistí:

//: Ná Freagair teachtaireachtaí a chuireann isteach ort nó a chiapann thú. Cé go dteastódh uait freagra a thabhairt orthu, is é sin go díreach a theastaíonn ón seoltóir chomh maith. Beidh áthas orthu gur éirigh leo cur isteach ort agus imní a chur ort. Is ag iarraidh tú a chur soir atá siad, ná tabhair an deis sin dóibh. Má thugann tú freagra níos mailísí orthu, beidh a fhios acu gur chuir siad isteach ort. Is é sin atá uathu. D’fhéadfaidís gearán a dhéanamh fút fiú!

//:Coimeád an Teachtaireacht: Ní gá é a léamh, ach coimeád mar sin féin é. Má fhaigheann tú teachtaireachtaí a chuireann isteach ort ar bhonn rialta, beidh an fhianaise ag teastáil uait chun cabhair a fháil. Beidh an fhianaise ó úinéirí suíomhanna gréasáin, ó chuideachtaí fón póca agus ó na Gardaí le go mbeidh siad ábalta teacht i gcabhair ort.

//:Cuir Bac ar an Seoltóir: Ní chaithfidh tú cur suas leis an gciapadh sin! Má fhaigheann tú teachtaireachtaí ar do phróifíl Bebo nó ar MSN a chuireann isteach ort, is féidir cosc a chur ar an duine sin tríd an gcnaipe chun bac a chur ar an duine a bhrú (‘block button’). Is féidir bac a chur ar uimhir fóin daoine ar roinnt fóin phóca. Seans go mbeidh ort an lámhleabhar a léamh nó iarraidh ar dhuine fásta cúnamh a thabhairt duit chun é seo a dhéanamh. Is gnách nach mbíonn líonraí fón póca in ann bac a chur ar uimhreacha ach tabharfaidh siad cúnamh duit chun d’uimhir fóin a athrú. Ba chóir go mbeadh an tseirbhís sin saor in aisce, ach b’fhéidir go gcuirfeadh an gréasán fón póca roinnt ceisteanna ort ar dtús.

//:Labhair le Duine a bhfuil Muinín agat as/aisti Labhair le do thuismitheoirí, le cairde nó le duine a bhfuil muinín agat as/aisti; is é sin an chéad chéim is féidir a ghlacadh chun dul i ngleic le deacracht ar bith. I gcás teachtaireachtaí bulaíochta ar scoil, ba cheart duit labhairt le múinteoir, a bhfuil muinín agat as/aisti, nó le treoirchomhairleoir. Má theastaíonn uait labhairt le duine láithreach, cuir glao ar Líne Chabhrach na Leanaí ag 1800 66 66 66.

//:Déan Deacrachtaí a Thuairisciú do na daoine ar féidir leo rud éigin a dhéanamh faoi. Is féidir leat smacht a fháil – ná glac le hábhar gránna ach déan é a thuairisciú nuair a thagann tú air. Cuireann suíomhanna freagracha gréasáin agus oibritheoirí freagracha fón póca dóigheanna ar fáil dá gcuid úsáideoirí chun ábhar ar nós pornagrafaíochta, bulaíochta nó ábhar gránna eile a thuairisciú.

Tuilleadh Céimeanna le Cur san Áireamh

Céim 1: Tuairiscigh don Suíomh Gréasáin nó don Oibritheoir Fón Póca

Má chuirtear ábhar goilliúnach nó ábhar gránna ar shuíomh gréasáin nó má dhéantar é a scaipeadh trí fhón phóca, ba cheart duit dul i dteagmháil le húinéirí na seirbhíse i dtús báire. Mura n-éiríonn leis seo, ba cheart duit tabhairt faoi Chéim 2.

Céim 2: Tuairiscigh Saincheisteanna Tromchúiseacha

Ba chóir cásanna tromchúiseacha a d’fhéadfadh a bheith neamhdhleathach a thuairisciú do na Gardaí nó do Hotline.ie. I measc na gcásanna neamhdhleathacha tá gáirsiúlacht ghnéasach mhíchuí, ráitis chiníocha nó bulaíocht dhianseasmhach. Is féidir na cásanna seo a thuairisciú gan ainm do http://www.hotline.ie – caitear leis an uile thuairisc go dáiríre agus tugtar an t-eolas do na Gardaí más cuí. Má tá bulaíocht á himirt ort ar d’fhón póca, cuir scairt ar an oibritheoir fón póca agus tig leosan d’uimhir fóin a athrú.

Tuilleadh faisnéise:

www.education.ie