Think B4U Click as Gaeilge

Think B4U Click as Gaeilge

Acmhainn fhíorthábhachtach í seo a chuidíonn leat a thábhachtaí atá príobháideachas ar líne a mhúineadh do na daltaí agus tá sí ar fáil anois i nGaeilge.

Áis ríthábhachtach é Think B4U Click a thaispeánann don aos óg an dóigh chun iad féin agus a bhfaisnéis phearsanta a chosaint sa ré dhigiteach.

Ba é an tIonad Náisiúnta don Teicneolaíocht san Oideachas agus an Chomhairle um Chearta an Duine a d’fhorbair an áis seo i gcomhar leis an tSeirbhís Tacaíochta don Dara Leibhéal agus leis an Aonad Forbartha Curaclaim.

Tugann daoine áirithe “an Ghlúin Facebook” ar aos óg na linne seo. Caithfidh daoine óga an príobháideachas a thuiscint in ardteicneolaíocht na cumarsáide meandraí atá i mbun síorathrú.

Is é Think B4U Click an chéad acmhainn oideachasúil dá shamhail. Tá sé dírithe ar dhaltaí meánscoile a dhéanann staidéar ar OSSP don Teastas Sóisearach.

Tá bileoga gníomhaíochta don seomra ranga san áireamh ann chun ceist an phríobháideachais ar líne a fhiosrú ó thaobh cearta agus freagrachtaí ar líne de.

Tabharfaidh an áis seo cúnamh do na daltaí a bheith críonna ar líne toisc go gcuirtear ina luí orthu go bhfuil roinnt faisnéise ar líne, ar shuíomhanna gréasáin ar nós Facebook, ‘poiblí’ de réir réamhshocrú.

Déanfaidh na daltaí, ach staidéar a dhéanamh ar an áis seo, na príomh-shaincheisteanna uile a bhaineann le príobháideachas a fhiosrú agus beidh tuiscint níos fearr acu ar an dóigh a n-oibríonn roinnt faisnéise ar líne.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, téigh chuig suíomh gréasáin na bhfoilseachán trí chliceáil anseo.