Bí páirteach in Ógphainéal Webwise

Bí páirteach in Ógphainéal Webwise

Ógphainéal Webwise

An scoláire iar-bhunscoile thú a bhfuil  go leor smaointe agat faoi conas dul i ngleic le cibearbhulaíocht agus le hiompar díobhálach ar líne? Más  ea, ba bhreá linn cloisteáil uait anseo ag Webwise!

Deis do dhéagóirí dul ar Ógphainéal Webwise

Táimid ag earcú déagóirí fud fad na hÉireann faoi láthair le bheith ar Ógphainéal Webwise. Táimid ag iarraidh ar dhéagóirí, na daoine a bhfuil a fhios acu i ndáiríre cé chomh contúirteach is atá an t-idirlíon agus cé chomh trína chéile is féidir le déagóirí a bheith mar gheall air, seasamh suas agus labhairt amach i gcoinne mí-úsáidí sábháilteachta ar líne agus é sin a dhéanamh tríd an Ógphainéal. Ar labhairt amach dóibh déanfaimid cinnte go gcloisfear na tuairimí sin ar leibhéal náisiúnta agus Eorpach, ionas go bhfaighidh daoine óga deis labhartha faoi na rudaí a chuireann isteach orthusan.

Tugann Ógphainéal Webwise deis do dhaoine óga tionchar a imirt ar na rudaí a chuireann isteach orthu

Beidh 30 ball ar Ógphainéal Comhairleach de chuid Idirlíon níos Sábháilte, Éire agus casfaidh siad le chéile faoi thrí sa bhliain acadúil 2015/16. Beidh ról gníomhach ag an bpainéal maidir le feachtas feasachta náisiúnta Lá na Sábháilteachta Idirlín a fhorbairt.

Cabhraíonn Ógphainéal Webwise chun feachtais feasachta sábháilteachta Idirlín a fhorbairt

Íocfaidh Webwise as na costais taistil a bheidh ar bhaill an phainéil as freastal ar an Ógphainéal agus beidh na cruinnithe go léir den Ógphainéal ar bun de réir Bheartas Cosanta Leanaí Webwise.

Cuirtear fáilte roimh scoláirí dara leibhéal is cuma cén aois iad chun iarratas a dhéanamh a bheith mar bhaill den phainéal. I mbliana tá spéis ar leith againn daoine a bhaineann úsáid as an idirlíon ar bhealaí difriúla agus cruthaitheacha a chur san áireamh. Ba bhreá linn forbróirí, dearthóirí agus blagálaithe óga a chur san áireamh ar ár bpainéal agus ar ndóigh polaiteoirí agus iriseoirí ar líne an lae amárach. Ba bhreá linn cloisteáil freisin ó dhaoine a bhfuil taithí phearsanta acu féin ar mhí-úsáid ar líne agus thar aon ní eile, ó dhaoine atá dírithe ar dhul i ngleic le saincheisteanna sábháilteachta ar líne.

Is féidir le scoláirí iarratas a dhéanamh ar bhallraíocht ar an Ógphainéal ach an fhoirm iarratais seo a sheoladh isteach faoi Dé hAoine, an 11 Meán Fómhair 2015. Breathnófar ar gach iarratas agus beidh na scoláirí is mó a léiríonn díograis agus spéis i sábháilteacht Idirlín agus in úsáid na teicneolaíochta trí chéile ar an bpainéal.