FÉACH: Siompóisiam ar Ghnéastéacsáil agus ar na hIarmhairtí do Scoileanna

FÉACH: Siompóisiam ar Ghnéastéacsáil agus ar na hIarmhairtí do Scoileanna

Chun seoladh Lá na Sábháilteachta Idirlín 2016 a chomóradh, bhí Webwise, an tionscnamh sábháilteachta idirlín de chuid na Seirbhíse um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí, i mbun siompóisiam ar Ghnéastéacsáil agus ar na hIarmhairtí do Scoileanna.

Ba é aidhm an tsiompóisiam tacú le scoileanna chun déileáil leis na saincheisteanna casta a bhaineann le híomhánna gáirsiúla de mhionaoisigh a chruthaíonn siad féin. Bhí ionchuir ann ó shaineolaithe curaclaim, beartais, dlí agus fhorfheidhmiú an dlí.

Labhair saineolaithe dlí, fhorfheidhmiú an dlí agus beartais ar ghnéastéacsáil i measc mionaoiseach

Thug Brian Hallissey BL léargas ar an gcreat dlíthiúil a bhaineann le gnéastéacsáil agus thug sé cuntas ar rudaí tábhachtacha nach mór do scoileanna a chur san áireamh nuair a bhíonn siad ag déileáil le heachtraí gnéastéacsála. Labhair an Ceannfort Colette Quinn, Stiúrthóir an Chláir Athstiúrtha don Óige,   faoin gcaoi a láimhseálann an Garda Síochána cásanna de ghnéastéacsáil i scoileanna agus conas a fhorfheidhmítear an dlí nuair a bhíonn mionaoisigh i gceist.

Labhair Helen Ryan, Rúnaí an Cheardchumainn do Scoláirí Meánscoile na hÉireann, faoin  bhfaisnéis agus faoin tacaíocht nach mór do dhaoine óga a fháil maidir le gnéastéacsáil.

D’impigh Helen Ryan ón gCeardchumann do Scoláirí Meánscoile na hÉireann ar cheannairí scoileanna agus ar lucht déanta beartais comhrá a chur ar bun faoin méid is féidir a dhéanamh faoi ghnéastéacsáil neamhthoilteanach díobhálach.

Labhair an Coimisinéir um Athchóiriú an Dlí, Finola Flanagan, faoi ngá atá ann an dlí coiriúil agus sibhialta a nuashonrú agus a oiriúnú chun déileáil go héifeachtach le gnéastéacsáil agus le hiarmhairtí eile ar an drochuair a tharlaíonn mar gheall ar theicneolaíochtaí nua. Chuir Brian Murray, Ceann Foirne Sláinte agus Folláine le SFGM, Taisceadáin i láthair, an acmhainn nua ó SFGM ar chomhroinnt íomhánna gáirsiúla a chruthaigh duine féin agus a seoladh ag an ócáid.

Bhí an láithreoir Newstalk, Orla Barry, ina  cathaoirleach ar phlé painéil ar conas déileáil le gnéastéacsáil i scoileanna. Bhí múinteoirí ranga as Coláiste Pobail Chonfaí agus as Coláiste Pháirc Mhucrois  rannpháirteach sa phlé seo le hionadaithe as NAPD, JMB agus SFGM.

Clár Oibre an tSiompóisiam ar Ghnéastéacsáil agus ar na hIarmhairtí do Scoileanna

Am Teideal Cainteoir
10:00 Fáilte! Orla Barry
10:05 Seoladh Taisceadáin, acmhainn nua do scoileanna maidir le híomhánna gáirsiúla a chruthaigh an duine féin a chomhroinnt Ciara O’Donnell (SFGM)
10:10 An dlí maidir le gnéastéacsáil: comaoineacha tábhachtacha do scoileanna Brian Hallissey BL
10:25 Conas a fhorfheidhmítear an dlí i gcásanna gnéastéacsála ina bhfuil mionaoisigh i gceist An Ceannfort Colette Quinn (An Garda Síochána)
10:40 An fhaisnéis agus an tacaíocht nach mór do dhaoine óga a bheith acu maidir le gnéastéacsáil Helen Ryan (An Ceardchumann do Scoláirí Meánscoile na hÉireann)
10:45 Ag déileáil le gnéastéacsáil i scoileanna Plé painéil agus Orla Barry ina cathaoirleach
11:00 An gá an dlí coiriúil agus sibhialta a chur in oiriúint chun déileáil le gnéastéacsáil? Finola Flanagan (An Coimisinéir um Athchóiriú an Dlí)
11:10 Feasacht agus cosc ar ghnéastéacsáil tríd an gcuraclam OSPS Brian Murray (SFGM)
11:20 Ceisteanna Coitianta leis na saineolaithe