Lá na Sábháilteachta Idirlín, 2017 in Éirinn

Lá na Sábháilteachta Idirlín, 2017 in Éirinn

Is é inniu an ceathrú bliain déag de Lá na Sábháilteachta Idirlín, agus is é gairm chun gnímh na bliana seo ná, ‘Teastaíonn athrú: Tar le chéile le haghaidh Idirlíon Níos Fearr’. Tá os cionn 70,000 duine óg ó os cionn 400 scoile agus grúpaí óga ar fud na hÉireann ag teacht le chéile le haghaidh idirlíon níos fearr inniu! Rapcheol, póstaeir, ballaí gealltanais, díospóireachtaí, cóid ar líne, preabchaiféanna faoi shábháilteacht Idirlín… níl ansin ach blaiseadh beag dá bhfuil á dhéanamh ag daoine óga inniu chun idirlíon níos fearr a chur chun cinn! Breathnaigh ar a bhfuil ar siúl ar fud na hÉireann do Lá na Sábháilteachta Idirlín ar ár léarscáil imeachtaí.



Webwise le haghaidh Tuismitheoirí





Mar aon le cuidiú le scoileanna agus le heagraíochtaí úsáid shábháilte an idirlín a chur chun cinn, inniu seolfaidh Webwise Mol nua Tuismitheoireachta ar líne: Webwise le haghaidh Tuismitheoirí ina dtabharfar comhairle agus eolas praiticiúil do thuismitheoirí a chuideoidh leo dul i ngleic le haon imní atá orthu faoi na rudaí éagsúla a bhíonn os comhair a gcuid leanaí ar líne. Tá saineolas ar an mol nua ó ghairmithe éagsúla, lena n-áirítear John Sharry (Síciteiripeoir Leanaí agus Teaghlaigh) agus Colman Noctor (Síciteiripeoir Leanaí agus Ógánach), agus tairgtear leideanna áisiúla ann chun comhrá a thosú agus tugtar leideanna chun sábháilteacht idirlín a bhainistiú sa bhaile.

Breathnaigh ar an mol nua ar líne anseo: webwise.ie/parents/

Treoir do Thuismitheoirí maidir le hIdirlíon Níos Fearr


Lá na Sábháilteachta Idirlín in Éirinn

Chun tacaíocht a thabhairt do sheoladh an mhoil nua do thuismitheoirí, seolfaidh Webwise Treoir do Thuismitheoirí maidir le hidirlíon níos fearr inniu chomh maith. Cabhróidh an leabhrán seo le tuismitheoirí cabhrú lena gcuid leanaí taithí dhearfach a bheith acu ar líne. Soláthraíonn sé faisnéis, comhairle agus ábhair thosaigh chomhrá faoi na buntáistí agus na rioscaí a gcaithfidh siad a bheith eolach orthu nuair atá an t-idirlíon in úsáid acu. Áirítear ar na topaicí ar a ndearnadh iniúchadh sa treoir, cibearbhulaíocht, tréimhse ar líne, gnéastéacsáil, na meáin shóisialta agus pornagrafaíocht ar líne.

Íoslódáil an treoir anseo: webwise.ie/download/

Íoslódáil an leagan Gaeilge anseo: Webwise/tuismitheoirí/gaeilge

Comórtas Snap Lá na Sábháilteachta Idirlín


Lá na Sábháilteachta Idirlín, 2017

Le tacú leis na céadta gníomhaíocht a bheidh ar siúl ar fud na hÉireann i mbliana do Lá na Sábháilteachta Idirlín, sheol Webwise comórtas grianghraif chun an duais mhór de phacáiste ceamara GoPro a bhuachan. Tá an comórtas oscailte do dhuine ar bith atá ag déanamh ceiliúradh ar Lá na Sábháilteachta Idirlín. Le seans a bheith agat an duais a bhuachan, comhroinn grianghraf ar Facebook, Twitter nó Instagram leis an hais-chlib #Up2Us ina dtaispeántar céard atá ar siúl agat chun Lá na Sábháilteachta Idirlín a cheiliúradh. Gheobhaidh buaiteoir na duaise móire pacáiste ceamara GoPro agus gheobhaidh an triúr sa dara háit ceamara Fuji Instax an duine.

Cuir isteach ar an gcomórtas anseo: saferinternetday.ie/competitions/