Moltaí Beartais ó Pháistí an AE ar Líne

Moltaí Beartais ó Pháistí an AE ar Líne

Cur chuige nua le haghaidh sábháilteacht Pháistí an AE ar Líne?

Na páistí a bhíonn ag dul ar líne na laethanta seo, tá siad níos óige ná riamh agus ag baint úsáid níos minice as an teicneolaíocht mhóibíleach, úsáid nach féidir le daoine fásta maoirseacht a dhéanamh uirthi go héasca. Tá sé ríthábhachtach go dtabharfaidh an lucht déanta beartas aghaidh air seo ar bhealach úr. Féachann Tuarascáil Pháistí an AE ar Líne 2010 le comhairle chothrom le dáta a chur ar an lucht déanta beartas faoin gcaoi ar féidir oideachas a chur ar pháistí faoin mbaol a bhaineann leis an Idirlíon, mar shampla an bhulaíocht, an phornagrafaíocht agus teagmháil mhíchuí le daoine eile, agus páistí a chosaint orthu sin.

Páistí Éireannacha ar Líne

Tá páistí in Éirinn mar chuid den chatagóir tíortha sin ar a dtugtar “beagán úsáide, baol áirithe”.   Tá siad drogallach roimh an mbaol agus níl siad chomh nuálach céanna, mar úsáideoirí Idirlín, lena macasamhla sa chuid is mó de thíortha na hEorpa. Sin in ainneoin torthaí a léiríonn go bhfuil an úsáid a bhaineann páistí in Éirinn as an Idirlíon os cionn an mheáin.  Mar shampla:

  • Úsáid an Idirlín sa bhaile  (87% in Éirinn vs. 62% san AE)
  • Teacht ar an Idirlíon go móibíleach  (46% in Éirinn vs. 31% san AE)
  • Dul ar líne trí chonsóil chluichí  (44% in Éirinn vs. 26% san AE)

Ní bhíonn páistí in Éirinn páirteach san oiread céanna gníomhaíochtaí ar líne agus tá siad thíos ag bun na “dréimire deiseanna”, rud ba cheart d’oideachasóirí agus don lucht déanta beartas díriú air.

Dúirt an Dr Brian O’Neill, Ceann Scoil na Meán ag Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath:

“I bhfianaise a thábhachtaí atá an earnáil teicneolaíochta faisnéise do gheilleagar na hÉireann, mar a bhfuil ceanncheathrúna Eorpacha de chuid de na gnólachtaí teicneolaíochta is ceannródaíche ar domhan lonnaithe, tá sé bunriachtanach go gcuirfear an bonneagar oideachais ar bharr an chláir oibre mar aon leis na beartais a thacóidh linn an oiread deiseanna agus is féidir a chur ar fáil do chách sa tsochaí faisnéise. Go sonrach, is é an rialálaí craolacháin atá freagrach faoi láthair as litearthacht sna meáin a chur chun cinn, ach is gá go gcuimseofaí an domhan ar líne trí chéile san fhreagracht sin.”

Is í an tOllamh Sonia Livingstone as Scoil Eacnamaíochta agus Eolaíochta Polaitiúla Londan a bhí i gceannas an tionscadail. Dúirt sí:

“Tá imní le sonrú sa dioscúrsa poiblí faoin úsáid a bhaineann páistí as teicneolaíocht nua agus tá ceannlínte nuachta nach bhfuil cothrom tomhaiste agus éiginnteacht na ndaoine ina taobh tar éis cur leis an imní sin. Is minic a bhíonn an fhianaise múchta ag an bhfaitíos agus an scanradh. Ba cheart don léargas tosaigh a thugann fianaise Pháistí an AE ar Líne dúinn a bheith ina threoir do scoileanna, tuismitheoirí, an rialtas, an tsochaí shibhialta, earnáil na tionsclaíochta agus páistí iad féin le go n-oibreoidh siad as lámh a chéile chun cothromaíocht a aimsiú idir an baol agus na deiseanna uile a bhaineann leis an teicneolaíocht nua. Leagann ár gcuid taighde tosaíochtaí le haghaidh na hiarrachta athnuaite seo atá bunaithe ar fhianaise.”

Is féidir an tuarascáil iomlán a íoslódáil ó www.eukidsonline.net.

Achoimre ar phríomh-mholtaí Pháistí an AE ar Líne.

  1. Tá sé de cheart ag páistí a bheith cosanta agus sábháilte ar líne, ach caithfidh siad a bheith freagrach freisin as iad féin a choinneáil sábháilte agus meas a bheith acu ar chearta daoine eile ar an Idirlíon.
  2. Tá sé tábhachtach go leagfaidh an lucht déanta beartas tuilleadh béime ar dheiseanna do pháistí ar líne.
  3. Ní mór díriú as an nua ar shábháilteacht úsáideoirí óga ar an Idirlíon.
  4. Ba chóir teachtaireachtaí sábháilteachta a chur in oiriúint do bhealaí nua rochtana.
  5. Tá tacaíocht oideachais agus litearthacht dhigiteach ag teastáil dóibh siúd nach ndreapann an ‘dréimire deiseanna’.
  6. Ba chóir ábhar dearfach do pháistí ar líne a bheith ina thosaíocht beartais.
  7. Tá gá le scileanna sábháilteachta digití chun teacht aniar a chothú i bpáistí ar líne.
  8. Ní mór dóibh siúd a sholáthraíonn seirbhís líonraithe shóisialta a chinntiú go gcuirfidh siad an chosaint is láidre is féidir ar fáil le haghaidh cuntais mionaoiseach.
  9. Ba chóir feasacht ar bhaol an Idirlín a ardú ar bhealach cothrom tomhaiste agus a dhíriú go speisialta orthu siúd is mó atá i mbaol dochair.
  10. Ní mór feasacht tuismitheoirí ar bhaol an Idirlín agus ar an tsábháilteacht ar líne a fheabhsú.
  11. Ní mór freagairt go stuama don chaoi a bhfuil ábhar gnéis ar fáil do dhaoine óga ar líne agus ba chóir díriú orthu siúd is dóchúla a bheith i ngátar nó i mbaol dochair aige.
  12. Caithfear freagairt go mothálach don bhulaíocht agus aird chothrom a dhíriú uirthi ar líne agus as líne.
  13. Is gá do thuismitheoirí a bheith níos feasaí faoi pháistí a bheith ag bualadh as líne le daoine ar chuir siad aithne orthu ar líne.
  14. Caithfidh an lucht déanta beartas a bheith ar an airdeall faoi chineálacha nua baoil ar pháistí agus ar dhaoine óga, go háirithe iad siúd a eascraíonn as teagmháil idir piaraí.
  15. Mar chuid den ardú feasachta, ba cheart teachtaireachtaí sábháilteachta a chur amach ina leagtar béim ar straitéisí éifeachtachta déileála agus tacaí sóisialta, mar shampla bheith ag labhairt le tuismitheoirí, le cairde agus le múinteoirí agus ag úsáid uirlisí ar líne.
  16. Ba chóir go mbeadh scileanna praiticiúla idirghabhála do thuismitheoirí mar chuid den iarracht uileghabhálach feasacht a ardú ina measc ar an mbaol agus ar na ceisteanna sábháilteachta a bhaineann leis an Idirlíon.
  17. Maidir le bogearraí rialúcháin do thuismitheoirí, ní mór dóibh riachtanais, eolas agus suimeanna tuismitheoirí a chur san áireamh le go mbainfear úsáid níos mó astu agus go dtiocfar ar réitigh theicniúla níos éifeachtaí.
  18. Déanann múinteoirí cuid mhór idirghabhála ach d’fhéadfaidís níos mó fós a dhéanamh, óir tá mionlach mór de pháistí ann nach sroicheann treoir a múinteoirí iad. Tá acmhainní ag scoileanna le gach páiste a shroicheadh, mar sin is ceart go nglacfaidh siad de chúram orthu formhór na hoibre a dhéanamh chun teagmháil a dhéanamh leo siúd is deacra a shroicheadh.
  19. Ba chóir d’fhoinsí in earnáil na tionsclaíochta a bheith réamhghníomhach chun feasacht ar an tsábháilteacht ar líne a chothú agus chun oideachas sábháilteachta a chur chun cinn go breá soiléir agus ar bhealach a mbeifear in ann teacht go héasca air.

 

An Litearthacht Dhigiteach – Moltaí don Lucht Déanta Beartas Oideachais

Má tá fáil níos forleithne ar leathanbhanda i dtír, tá an baol ar líne níos mó dá réir, ní na deiseanna. Tuigtear as sin nach leor iarrachtaí an lucht déanta beartas chun déileáil leis an mbaol méadaithe sin. I dtíortha ina bhfaigheann páistí oideachais níos airde nó ina bhfuil teacht níos fearr acu ar ríomhairí sa seomra ranga, tá a gcuid scileanna digiteacha níos fearr dá bharr. Imríonn an t-oideachas tionchar dearfach mar sin ar scileanna agus ar litearthacht dhigiteach chomh maith leis an tsaoránacht, agus ba cheart go dtabharfaí tacaíocht dó sin i ngach tír.

Tags: