Suirbhé maidir le Dearcadh Cailíní 2015

Suirbhé maidir le Dearcadh Cailíní 2015

alt

An tseachtain seo thug Girl Guiding UK torthaí an tSuirbhé a rinne siad ar Dhearcadh Cailíní 2015. Iarradh a gcuid tuairimí ar 1,574 cailín agus bean óg idir 7-21 sa suirbhé ar raon saincheisteanna – ina measc bhí idir shláinte agus fholláine agus chúrsaí caidrimh agus shlite beatha.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Girl Guiding, Julie Bentley: ‘Tugann torthaí Shuirbhé na bliana seo maidir le Dearcadh Cailíní rabhadh láidir dúinn faoi chomh leochaileach is atá cailíní sa Ríocht Aontaithe.

‘Ní mór dúinn tacaíocht a fháil ó chinnteoirí chun comhrá a thosú faoi na hábhair imní atá ag cailíní. Má éistimid le cailíní, is féidir linn oibriú le chéile chun dul i ngleic le bunchúiseanna a gcuid anacair – agus ligean dóibh a gcumas a bhaint amach.’

 

PercentageGraphics_2015_46

 

(Íomhá ó Girl Guiding UK)

 

Seo roinnt de na príomhthorthaí ón suirbhé:

  • Deir beirt as gach cúigear cailíní idir 11 agus 21 gur theastaigh cúnamh pearsanta uathu lena meabhairshláinte (37%). Téann sé sin i méid nuair a théann siad in aois – i measc cailíní idir 11 agus 16 bliana d’aois is ionann an figiúr agus 28%, ach tá sé beagnach ag a leath (46%) ina measc siúd idir 17-21 bliain d’aois.
  • Deir 82% de chailíní idir 11 agus 21 nach bhfeiceann daoine fásta go bhfuil siad faoi bhrú.
  • Deir cailíní idir 13-21 bliain d’aois go bhfuil saincheisteanna meabhairshláinte, cibearbhulaíocht agus cúrsaí fostaíochta ar an ábhar imní is mó atá ag daoine óga sa lá atá inniu ann; dar leo gurb iad tógáil drugaí, alcól agus caitheamh tobac na rudaí is mó a bhíonn ag déanamh imní dá dtuismitheoirí fós.
  • Deir trí cheathrú de na cailíní idir 11 agus 21 go mbíonn drochthionchar ag imní faoi chiapadh gnéis ar a saol ar bhealach éigin.
  • Dúradh rud éigin gránna le beirt as cúigear cailíní san aoisghrúpa sin faoin gcuma atá orthu.

Foilseofar an tuarascáil iomlán ón Suirbhé maidir le Dearcadh Cailíní i mí Mheán Fómhair.

Féach ar an alt iomlán ó Girl Guiding UK anseo: girlguiding.org.uk/girls-attitudes-survey-2015