Suirbhé Webwise 2017 ar Thuismitheoirí

Suirbhé Webwise 2017 ar Thuismitheoirí



Comhoibriú is ea Suirbhé Webwise ar Thuismitheoirí 2017 idir Webwise, Ionad na hÉireann um Fheasacht ar Shábháilteacht Idirlín, agus an Chomhairle Náisiúnta Tuismitheoirí – Bunbhrainse. Rinneadh suirbhé ar thuismitheoirí ar liosta seoltaí na Comhairle maidir le dearcthaí ar rioscaí agus sábháilteacht ar líne. Fuarthas 1274 freagra inar cuimsíodh saincheisteanna digiteacha tuistithe maidir le leanaí idir 0-18 mbliana d’aois. Cuireadh na torthaí i gcomparáid le torthaí Shuirbhé 2012 ar Dhearcthaí Tuismitheoirí chun treochtaí ábhartha i ndearcthaí tuismitheoirí a aibhsiú.

Tugadh aghaidh sa suirbhé ar cheithre phríomhthopaic:
1) Straitéisí le haghaidh tuistiú digiteach;
2) Dearcthaí maidir leis an úsáid a bhaineann leanaí as an Idirlíon;
3) Ábhar imní faoi rioscaí ar líne;
4) An aois chuí le haghaidh líonrú sóisialta.

Straitéisí le haghaidh tuistiú digiteach



  • Tá meascán d’idirghabháil ‘shriantach’ agus ‘ghníomhach’ fós i gceist leis na cuir chuige tuismitheoireachta maidir leis an úsáid a bhaineann leanaí as an Idirlíon.

  • Áirítear ar na cuir chuige shriantacha: teorainneacha ama a shocrú (73%); úsáid rialúcháin agus scagairí tuismitheoirí (39%); chomh maith le monatóireacht (52%) agus maoirseacht (34%).

  • Baineann 68% de na tuismitheoirí a thug freagra úsáid as straitéisí ‘cumasaithe’ nó ‘gníomhacha’ chomh maith lena n-áirítear labhairt go rialta lena leanaí faoina bhfuil ar bun acu ar líne. Is ionann é sin agus méadú 62% ó Shuirbhé 2012 ar Dhearcthaí Tuismitheoirí.


Dearcthaí maidir leis an úsáid a bhaineann leanaí as an Idirlíon



  • Cé go gcreideann trí cheathrú (74%) de na tuismitheoirí gur cuid thábhachtach d’oideachas a leanaí í úsáid an Idirlín, ní chreideann ach aon cheathrú (25%) díobh gur mó an tairbhe a bhaineann leis an Idirlíon ná an baol.

  • Tá an-mhuinín ag tuismitheoirí as a gcumais féin agus ní deir ach 16% díobh go bhfuil níos mó ar eolas ag a leanbh ná atá acu féin faoin Idirlíon a úsáid. Mar sin féin, ní deir ach aon trian díobh gur féidir leo a leanaí a chosaint nuair a bhíonn siad ar líne.

  • Tá muinín ag 53% díobh as a gcumas monatóireacht a dhéanamh ar an úsáid a bhaineann a leanaí as an Idirlíon. Ach admhaíonn 40% díobh go bhfuil sé éasca dá leanaí úsáid a bhaint as an Idirlíon i ngan fhios don tuismitheoir.

  • Tá laghdú ó 67% in 2012 go 53% in 2017 tagtha ar mhuinín tuismitheoirí as monatóireacht a dhéanamh ar cad a dhéanann a leanaí ar líne.


Ábhar imní faoi rioscaí Idirlín



  • Deir 45% de na tuismitheoirí go mbaineann níos mó rioscaí ná tairbhí leis an úsáid a bhaineann leanaí as an Idirlíon. Is méadú mór é sin ar 25% in 2012.

  • Tá teacht ar phornagrafaíocht (71%) agus an chibearbhulaíocht (70%), fós ar na rioscaí is mó a luann tuismitheoirí, díreach faoi mar a bhí in 2012.

  • Tá ceithre phríomhriosca atá ionann le chéile ann mar na hábhair imní is tromchúisí do thuismitheoirí: Cibearbhulaíocht; Ag caitheamh barraíocht ama ar líne; Mealltóireacht nó dúshaothrú gnéasach ar líne, agus Teacht ar ábhar pornagrafach.

  • Tá rangú na n-ábhar imní is mó do thuismitheoirí mar an gcéanna beag beann ar aois an linbh.
    Tagann méadú ar na hábhair imní do thuismitheoirí de réir mar a théann an leanbh in aois (e.g. teacht ar ábhar pornagrafach agus dochar a dhéanamh dá gcáil) agus tagann laghdú ar ábhair imní eile de réir mar a théann an leanbh in aois (e.g. mealltóireacht agus dúshaothrú gnéasach ar líne).

  • Is iad na hábhair imní is mó a bhíonn ag tuismitheoirí na cinn lena gcuirtear an leanbh i gcontúirt, e.g.
    cibearbhulaíocht agus mealltóireacht ar líne, in ainneoin nach dtarlaíonn sé rómhinic i ndáiríre.


An aois cheart do na meáin shóisialta


Dúirt 36% de na tuismitheoirí ar a ndearnadh suirbhéireacht gurb é 13 bliana d’aois agus níos sine an aois chuí do leanaí le cuntas meán sóisialta a bheith acu, ag teacht leis an srian aoise reatha a bhaineann le formhór ardáin na meán sóisialta.

Bheadh 42% de na tuismitheoirí i bhfabhar an tairseach aoise reatha do líonrú sóisialta a ardú ó 13 bliana d’aois; bheadh 36% díobh sásta é a fhágáil mar atá sé agus bheadh 15% i bhfabhar an teorainn aoise a ísliú.

Moltaí


Chun cuidiú lena leanaí an leas is fearr a bhaint as dul ar líne, teastaíonn tacaíocht agus comhairle thiomanta ó thuismitheoirí i ndáil le tuistiú digiteach agus sábháilteacht Idirlín. Faoi láthair, is cineál a oireann do chách iad a lán de na hacmhainní a bhaineann leis an topaic seo. Áirítear iad seo a leanas ar chuid de na himpleachtaí beartais a thagann as na torthaí sa tuarascáil seo:


  • Teastaíonn níos mó faisnéise agus comhairle ó thuismitheoirí atá dírithe ar aois agus ar riachtanais a leanaí chun cuidiú leo tacaíocht a thabhairt don úsáid a bhaineann a leanaí as an Idirlíon.

  • Tá gá ann le hionad ilfhreastail náisiúnta ina mbeadh tuismitheoirí agus gairmithe a oibríonn le leanaí ábalta comhairle atá oiriúnach do riachtanais a leanaí a fháil.

  • Tá comhairle do thuismitheoirí dírithe go príomha ar riosca agus ar dhochar, rud a spreagann iad chun ról
    póilíneachta agus monatóireachta a ghlacadh.

  • Tá fíorbheagán comhairle ann ina gcuirtear na tairbhí a thairgeann an tIdirlíon i láthair.

  • Teastaíonn tuilleadh tacaíochta ó thuismitheoirí má tá siad le cuidiú lena leanaí teicneolaíocht a úsáid d’fhoghlaim, le caidrimh a dhéanamh agus le spraoi a bheith acu.

  • Tá acmhainní de dhíth ar thuismitheoirí chun cuidiú leo a saineolas digiteach a úsáid chun caidreamh dearfach a bheith acu lena leanaí.

  • Tá gá leanúnach ann le bonn fianaise atá láidir agus cothrom le dáta lena dtomhaistear iompraíocht
    ar líne leanaí agus na rioscaí lena mbaineann.


Íoslódáil an tuarascáil iomlán anseo: webwise.ie/download

Íoslódáil ár ngrafaic faisnéise anseo: webwise.ie/download/