Bí páirteach i Lá na Sábháilteachta Idirlín 2019

Bí páirteach i Lá na Sábháilteachta Idirlín 2019


Lá na Sábáilteachta Idirlín
Is tionscnamh ar fud an lae é Lá na Sábháilteachta Idirlín chun idirlíon níos sábháilte a chur chun cinn don uile úsáideoir, go háirithe an t-aos óg. Tá sé á chur chun cinn in Éirinn ag SFGM – Teicneolaíocht san Oideachas agus ag Webwise. Is é téama Lá na Sábháilteachta Idirlín 2019 “Le Cheile chun idirlín níos fearr a fháil”. Ceiliúrfar Lá na Sábháilteachta Idirlín, 2019, Dé Máirt an 5 Feabhra. Bhí os cionn 70,000 duine óg ar fud na hÉireann páirteach sa cheiliúradh anuraidh. Cuidigh linn 2019 a dhéanamh níos mó agus níos fearr arís trí thacaíocht a thabhairt do SID 2019 i do cheantar féin!

CONAS IS FÉIDIR LIOM A BHEITH RANNPHÁIRTEACH?


Treoir céim ar chéim maidir le Lá na Sábháilteachta Idirlín 2019 

Chuireamar treoir céim ar chéim i dtoll a chéile i dtaca le gníomhaíochtaí iontacha a d’fhéadfaí a úsáid chun Lá na Sábháilteachta Idirlín a cheiliúradh. Ná déan dearmad do Phictiúir SID a roinnt linn ag úsáid #UP2US.




Céim 1 Nascaimis le Lá na Sábháilteachta Idirlín
Bíodh an nuacht is déanaí agat agus eolas faoi ghníomhaíochtaí atá beartaithe do Lá na Sábháilteachta Idirlín 2019. Téigh chuig www.saferinternetday.ie nó bí linn ar na meáin shóisialta: Facebook facebook.com/Webwise, Instagram WebwiseIreland, nó Twitter @Webwise_Ireland.




Céim 2 Pleanáil do chuid gníomhaíochtaí le haghaidh Lá na Sábháilteachta Idirlín
Tá neart smaointe le fáil ar webwise.ie/saferineternetday. Seo liosta gníomhaíochtaí chun tú a thosú:




Lá na Sábháilteachta Idirlín
Gníomhaíocht 1 – Feachtas teachtaireachtaí dearfacha
Cuir deireadh leis an gcibearbhulaíocht le feachtas teachtaireachtaí dearfacha. Cruthaigh póstaeir frithbhulaíochta lándaite nó clár fógraí de smaointe a ardóidh do chroí ag úsáid  an phaca uirlisí #Up2Us chun póstaeir idirghníomhacha a dhéanamh. Tá an lámhleabhar #Up2Us, lena n-áirítear an paca, ar fáil SAOR IN AISCE le hordú nó le híoslódáil ar www.webwise.ie/ga/muinteoiri/faigh-acmhainni.

Lá na Sábháilteachta Idirlín

Gníomhaíocht 2 – Scrúdaigh
Ó do cháil ar líne a láimhseáil go dtí bheith ag déileáil le cibearbhulaíocht… is iomaí saincheist sábháilteachta a bhíonn os comhair leanaí ar líne. Suigh síos le do leanbh agus téigh tríd roinnt leideanna sábháilteachta. Tús maith is ea ár seicliostaí www.watchyourspace.ie/checklists/.

Gníomhaíocht 3 – Tabhair aird ar Mhamó: cé na grianghraif atá ceart go leor le roinnt?
Iarr ar na daoine óga a gcuid fón a thógáil amach agus féachaint ar na grianghraif dheireanacha a thóg siad in éineacht le cairde. Ansin iarr ar na scoláirí an seicliosta Comhroinn nó Scrios (ar fáil sa lámhleabhar #Up2Us) a úsáid ionas go mbeidh siad in ann cinneadh a dhéanamh faoinar cheart na grianghraif seo a chomhroinnt go poiblí ar líne. “Más pictiúr é nach dtaispeánfá do do mhamó is dóigh nár cheart dó a bheith ar líne ach an oiread!”

Lá na Sábháilteachta Idirlín
Gníomhaíocht 4 – Déan díospóireacht ar na saincheisteanna

Cuir díospóireacht siúil ar bun maidir le saincheisteanna a bhaineann le sábháilteacht idirlín agus le comhroinnt grianghraf. Léigh amach rúin agus iarr ar na scoláirí a thaispeáint cibé an aontaíonn nó nach n-aontaíonn siad leis an ráiteas trí sheasamh faoi na comharthaí iomchuí. Seo a leanas roinnt rún a d’fhéadfá a úsáid:

    • Maireann íomhánna a roinntear ar líne chomh fada céanna is a mhaireann tatú
    • Is é an té a ghlac an grianghraf úinéir an ghrianghraif a phostáiltear ar líne agus ní an té atá le feiceáil sa ghrianghraf
    • Ba cheart cead a bheith ag daoine cibé rud is mian leo a phostáil ar líne
    • Iarr ar roinnt daoine míniú a thabhairt ar an bhfáth a roghnaigh siad taobh ar leith agus tabhair deis do dhaoine athrú go dtí an taobh eile má aontaíonn siad leis na hargóintí atá ag daoine eile. Tá dhá rólghlacadh curtha isteach againn chun cabhrú leat iniúchadh a dhéanamh ar na cúrsaí seo in éineacht le do chuid scoláirí.
    1. Roleplay - Image Sharing
    1. Roleplay- Cyberbullying


Lá na Sábháilteachta IdirlínGníomhaíocht 5 – Cúig bhealach chun do phróifíl a chosaint




Tá cúig chéim thapa ag Stephen Byrne agus Bláthnaid Tracey ó RTÉ chun do phróifíl ar na meáin shóisialta a chosaint. Is féidir an físeán seo a úsáid sa seomra ranga chun tús a chur le plé ar na meáin shóisialta a úsáid go sábháilte. Amharc ar an bhfíseán anseo www.youtube.com/watch?v=XbFIbaOioEg.

Gníomhaíocht 6 – Cód ar líne a chomhaontú
Roinn an rang i ngrúpaí, agus abair le gach grúpa smaoineamh ar threoirlínte a spreagann comhroinnt fhreagrach grianghraf agus a chuireann cosc ar chibearbhulaíocht. Ansin iarr ar an rang ar fad teacht ar chomhaontú faoin méid ba cheart a chur i gcód nó i gcairt an ranga agus a n-ainm a chur leis. Tá an lámhleabhar MySelfie, (ina bhfuil an bhileog oibre maidir le Cód Ar Líne) ar fáil SAOR IN AISCE le hordú nó le híoslódáil ar www.webwise.ie/ga/muinteoiri/faigh-acmhainni.

Gníomhaíocht 7 – Faigh comhairle ó na Réalta (iarbhunscoil)

Chruthaigh láithreoirí RTÉ sraith físeán comhairle ó YouTubers Éireannacha: Sinead Burke (MinnieMelange), Suzanne Jackson (SoSueMe), James Kavanagh (JamesKava), Clare Cullen (Clisare) agus Paddy Smyth (Paddyysmyth). Roinn siad go léir leideanna agus comhairle maidir le húsáid shábháilte Idirlín. D’fhéadfaí na físeáin sin a úsáid chun tús a chur le plé ranga nó iad a thaispeáint i rith tionól scoile. Féach ar na físeáin anseo saferinternetday.ie/irish-youtubers-support-safer-internet-day/

Lá na Sábháilteachta IdirlínGníomhaíocht 8 – Nuair a dhéantar mearscaipeadh ar ghrianghraif
Seinn an cartún gearr, The Photo, le taispeáint gur féidir le comhroinnt grianghraf dul ó smacht an-tapa. Iarr ar na scoláirí áireamháin nó peann agus páipéar a úsáid ansin chun an Bhileog oibre ar Mhearscaipeadh a líonadh isteach. Taispeántar sa ghníomhaíocht seo, taobh istigh de chúpla nóiméad, gur féidir grianghraf a chomhroinnt leis na mílte duine ar líne. Is féidir amharc ar an bhfíseán Grianghraf anseo https://vimeo.com/109564466. Tá an lámhleabhar MySelfie, (ina bhfuil an bhileog oibre ar Mhearscaipeadh) ar fáil SAOR IN AISCE le hordú nó le híoslódáil ar www.webwise.ie/ga/muinteoiri/faigh-acmhainni.




Céim 3 Bíodh tuismitheoirí rannpháirteach

Lá na Sábháilteachta Idirlín
Cuireann Webwise tacaíochtaí ar fáil chun cuidiú le tuismitheoirí labhairt go muiníneach lena gcuid leanaí faoi na buntáistí agus rioscaí a bhaineann leis an timpeallacht ar líne, lena n-áirítear Parent’s Guide to A Better Internet atá ar fáil SAOR IN AISCE le hordú nó le híoslódáil ar  www.webwise.ie/parents/.




Céim 4 Ordaigh do chuid acmhainní SAOR IN AISCE do mhúinteoirí agus do thuismitheoirí

Lá na Sábháilteachta IdirlínCéim 4 Ordaigh do chuid acmhainní SAOR IN AISCE do mhúinteoirí agus do thuismitheoirí
Forbraíonn Webwise lámhleabhair bunscoile agus iarbhunscoile ina bhfuil pleananna ceachta, bileoga oibre agus físeáin bheochana ina gcuirtear cumarsáid shábháilte ar líne chun cinn agus ina n-ardaítear feasacht maidir le himní faoi shábháilteacht ar an idirlíon. I measc na n-acmhainní atá dírithe ar an mbunscoil tá MySelfie, treoir maidir le cibearbhulaíocht agus Lámhleabhar Webwise do Mhúinteoirí Bunscoile, tús eolais ar shábháilteacht idirlín. I measc na n-acmhainní iarbhunscoile tá Taisceadáin ina ndéileáiltear leis an tsaincheist maidir le gnéastéacsáil, Bí in CTRL ina ndírítear ar chomhéigean agus ar sracadh gnéasach ar líne ar a dtugtar ‘sracadh gnéis’ nó ‘dúmhál ar cheamara gréasáin’ freisin agus an paca #Up2Us ina bhfuil gníomhaíochtaí chun cuidiú le scoileanna dul i ngleic le cibearbhulaíocht. Tá na hacmhainní sin go léir ar fáil SAOR IN AISCE le hordú nó le híoslódáil arwww.webwise.ie/ga/muinteoiri/faigh-acmhainni.




Céim 5 Cuir Comhrá ar bun lenár bhFíseáin ar Shábháilteacht Idirlín

Lá na Sábháilteachta Idirlín
Chruthaigh Webwise roinnt físeán a chumhdaíonn topaicí éagsúla ar shábháilteacht idirlín. Is féidir féachaint ar fhíseáin anseo www.watchyourspace.ie/video-resources/. Tús maith is ea iad sin le labhairt faoi chumarsáid agus cleachtais shábháilte ar líne.




Céim 6 Ordaigh do Bhandaí Rosta SID SAOR IN AISCE 

Lá na Sábháilteachta Idirlín
Téigh chuig www.saferinternetday.ie/schools/share-your-plans/ chun do chuid pleananna le haghaidh Lá na Sábháilteachta Idirlín a roinnt agus do bhandaí rosta Lá na Sábháilteachta Idirlín, SAOR IN AISCE a fháil agus le bheith le feiceáil ar ár léarscáil imeachtaí.Tabhair faoi deara nach mór orduithe i gcomhair Lá na Sábháilteachta Idirlín a bheith curtha isteach faoin 31 Eanáir 2019. 




Céim 7 Roinn do cheiliúradh ar Lá na Sábháilteachta Idirlín linn #UP2US 

Lá na Sábháilteachta Idirlín
Léirigh do thacaíocht do Lá na Sábháilteachta Idirlín trí phictiúr a ghlacadh ag léiriú an chaoi a ndéanfaidh tú comóradh ar Lá na Sábháilteachta Idirlín 2019. Roinn do ghrianghraif le haghaidh Lá na Sábháilteachta Idirlín ar #Up2Us ar Facebook, ar Twitter nó ar Instagram. Beidh comórtas ag Webwise freisin le haghaidh Lá na Sábháilteachta Idirlín, coinnigh súil ar ár suíomh Idirlín agus na cainéil mheán shóisialta chun tuilleadh sonraí a fháil!

Chun tuilleadh smaointe agus eolais a fháil téigh chuig webwise.ie/saferineternetday

Lá na Sábháilteachta Idirlín 2018 – Físeán Buaicphointí