Ceisteanna a bhaineann le huirlis/aip dhigiteach a thabhairt isteach sa seomra ranga

Ceisteanna a bhaineann le huirlis/aip dhigiteach a thabhairt isteach sa seomra ranga

D’fhéadfadh go mbeadh buntáistí ag baint le huirlis nó aip dhigiteach nua a thabhairt isteach i do sheomra ranga agus d’fhéadfadh sé feabhas a chur ar na heispéiris teagaisc agus foghlama. Mar sin féin, tá sé tábhachtach cuimhneamh ar na baoil fhéideartha agus tús áite a thabhairt do shábháilteacht ar líne nuair atáthar ag tabhairt teicneolaíocht dhigiteach isteach sa seomra ranga. Anseo, tá roinnt ceisteanna tábhachtacha nach mór smaoineamh orthu sula dtabharfar aip nó teicneolaíocht nua isteach sa seomra ranga.

  • Iarr cead ó bhainistíocht na scoile: Mínigh cén chaoi a bhfuil sé mar aidhm agat an aip/uirlis a úsáid, cén chaoi a ndéanfaidh tú an uirlis agus aon riosca a bhaineann lena bainistiú.
  • Beartais na Scoile: Téigh i dtaithí ar na beartais scoile ábhartha, lena n‑áirítear an Polasaí Úsáide Inghlactha, na Cóid Iompair, Beartas na Meán Sóisialta, Beartas Príobháideachais/RGCS agus cinntigh go bhfuil eolas ag na scoláirí faoi na beartais sin agus faoi aon riail agus beartas eile mar is cuí.
  • Téigh i dtaithí air: Téigh i dtaithí ar gach gné agus déan tástáil orthu, lena n‑áirítear na socruithe príobháideachais agus slándála ón ardán atá tú ag iarraidh a úsáid. Bainistigh na ceadanna do na rannpháirtithe mar shampla; fuaim agus físcheamaraí an úsáideora a dhíchumasú, comhrá príobháideach a dhíchumasú. Bain úsáid as ríomhphost na scoile i gcónaí agus as seirbhísí cumarsáide a cheadaítear ag an scoil.
  • Measúnaigh an gá atá leis: Measúnaigh an gá le huirlis nó le haip nua dhigiteach a thabhairt isteach. Fiafraigh díot féin; Cén chúis atá leis an aip seo a úsáid? Cén chaoi a gcuirfidh sé feabhas ar an eispéireas teagaisc agus foghlama? Cén luach a chuirfidh sé ar na cuspóirí foghlama? An ndéanfaidh an aip leas d’fhoghlaim na scoláirí? Cinntigh go dtuigeann na scoláirí cuspóir agus ábharthacht na gcuspóirí foghlama a bhaineann leis an uirlis atá á tabhairt isteach agat. Cinntigh go dtacaíonn sí leis na torthaí foghlama atáthar ag iarraidh a bhaint amach agus go bhfuil sí feiliúnach d’aois agus d’inniúlachtaí do chuid scoláirí.
  • Aoisteorainneacha: Déan machnamh ar aois do chuid scoláirí agus seiceáil beartas do scoile, na téarmaí seirbhíse, na riachtanais aoise agus oiriúnacht an ardáin. Féach ar aoisteorainneacha na haipe, beidh ráta PEGI ag cluichí freisin chun cabhrú leat é seo a shainaithint.
  • Cead Tuismitheora: Labhair le tuismitheoirí nó le caomhnóirí faoin aip/uirlis a bhfuil sé i gceist agat a úsáid, agus cuir faisnéis ar fáil dóibh faoin bhfeidhm agus na buntáistí a bhaineann léi agus faoi na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann. Faigh cead tuismitheora má theastaíonn sé de réir bheartais nó rialúcháin áitiúla na scoile.
  • Lorg Coise Sonraí: Más gá do scoláirí clárú chun na seirbhísí a úsáid, bain úsáid as na ríomhphoist scoile agus seiceáil go gcomhlíonann an tseirbhís sin Riachtanais RGCS. Tá tuilleadh faisnéise ar https://www.dataprotection.ie/
  • Socruithe Príobháideachais: Téigh i dtaithí ar na socruithe príobháideachais, ar na daoine atá in ann an t-ábhar a fheiceáil agus ar na daoine atá in ann barúlacha a thabhairt. Ligeann an chuid is mó de na seirbhísí duit na socruithe príobháideachais a athrú, agus téigh i dtaithí ar bheartas aon seirbhís nua ar líne freisin. Tabhair spreagadh do na scoláirí pasfhocail láidre a chruthú trí mheascán randamach uimhreacha, litreacha agus saincharachtar a úsáid agus cuimhnigh dá fhaide iad, is amhlaidh is fearr iad!
  • Saoránacht Dhigiteach: Cothaigh cultúr saoránachta digití trí phlé a dhéanamh ar ionchais shoiléire agus na hionchais a leagan síos, ionchais a bhaineann le hiompar agus cumarsáid mheasúil ar líne.
  • Smaointeoireacht Chriticiúil: Cuir comhairle ar na scoláirí chun smaoineamh go criticiúil agus chun creidiúnacht agus iontaofacht na faisnéise a fhaigheann siad laistigh den uirlis/aip a mheas. Tabhair spreagadh dóibh an fhaisnéis a fhíorú ó roinnt foinsí sula nglacfaidh siad léi mar fhaisnéis fhíor.
  • Píolótú agus Measúnú: Déan machnamh ar an aip/uirlis a phíolótú le grúpa scoláirí níos lú sula dtabharfaidh siad isteach í i gceart. Bailigh aiseolas ó scoláirí agus comhghleacaithe chun measúnú a dhéanamh ar a héifeachtacht agus chun aon athrú riachtanach a dhéanamh uirthi.
  • Meicníochtaí Tuairiscithe: Cinntigh go bhfuil scoláirí ar an eolas faoina bhféadfaidís a dhéanamh má thagann siad ar rud éigin míchuí nó coscrach ar líne agus go bhfuil a fhios acu cén chaoi chun tacaíocht a fháil, fadhb a thuairisciú ar an aip/uirlis í féin.
  • Oiliúint agus Tacaíocht: Tá réimse leathan tacaíocht le fáil ó Teicneolaíocht san Oideachas Oide agus ó fhoireann Theicneolaíochtaí Digiteacha Oide chun cuidiú le múinteoirí agus scoileanna na teicneolaíochtaí digiteacha a leabú go héifeachtúil i dteagasc, foghlaim agus measúnú. Cuimsítear leis na tacaíochtaí seo, cúrsaí ar líne atá saor in aisce, físeáin dea‑chleachtais, tacaíocht foghlama cumaisc, acmhainní oideachais atá saor in aisce, agus tacaíocht teicneolaíochta/TFC do scoileanna.