Mínithe: Cad is BeReal ann?

Mínithe: Cad is BeReal ann?

Is aip mhóréilimh é BeReal a bhaineann le comhroinnt grianghraf. Ligeann an aip d’úsáideoirí grianghraf amháin sa lá a roinnt le gur féidir leo a bhfuil ar siúl acu faoi láthair a thaispeáint dá gcuid leantóirí. Ní hionann an aip agus mórán ardáin meán sóisialta eile: spreagann sí úsáideoirí chun grianghraif neamhscagtha dá saol a roinnt, agus ní cheadaíonn sé ach postáil amháin in aghaidh an lae.

 

Cén chaoi a n‑oibríonn sé?

Faigheann na húsáideoirí fógra ina bhfuil “Time to BeReal” am éigin randamach, uair in aghaidh an lae. Tá teorainn ama de dhá nóiméad ag an úsáideoir san aip, tréimhse ina dtógann an t‑úsáideoir pictiúr den mhéid atá ar bun aige ag an bpointe ama sin. Cé gur féidir pictiúir a phostáil tar éis do na húsáideoirí fógra a fháil, beifear in ann a fheiceáil cá fhad i ndiaidh an fhógra a tógadh é, nó cé chomh “deireanach” atá sé, trí fhéachaint os cionn an phictiúir i bhfotha nuachta BeReal.

 

Maíonn BeReal go bhfaigheann sé spléachadh réadúil, neamhscagtha ar shaol úsáideora. Níl aon rogha eagarthóireachta ná scagaire ann, agus cuimsítear leis an íomhá pictiúir tógtha ag an gceamara cúil agus ceamara tosaigh ag an am céanna. Ciallaíonn sé seo go bhfeiceann na leantóirí an méid atá os do chomhair nuair a thógann tú an pictiúr, chomh maith le d’éadan.

Ach an oiread le go leor aipeanna meán sóisialta eile, taispeántar san fheidhm fotha nuachta BeReal an méid a chomhroinn daoine eile, ach ní féidir leat na postálacha a fheiceáil sula bpostálfaidh tú pictiúr thú féin.

Tá roghanna san aip a ligeann cead do na húsáideoirí freagra a thabhairt ar phostálacha daoine eile ach cúig emoji chaighdeánacha a úsáid chomh maith leis an rogha chun Instant RealMoji a sheoladh freisin. Agus na húsáideoirí ag úsáid Instant RealMoji, is féidir leis na húsáideoirí pictiúr a thógáil díobh féin, agus is é an pictiúr sin an ‘emoji’ a úsáidtear chun freagra a thabhairt ar phostáil. 

Ní mhaireann na postálacha ach ar feadh 24 uair, agus ní féidir leis na húsáideoirí na postálacha a comhroinneadh roimhe sin a fheiceáil. Cosúil le postálacha Scéil ar aipeanna amhail SnapChat agus Instagram.

 

Cén fáth a dtaitníonn sé le déagóirí?

Tugann BeReal spreagadh do na húsáideoirí léargas réadúil a chomhroinnt den mhéid atá siad a dhéanamh, seachas an leagan níos eagraithe a thagann chun cinn ar ardáin meán sóisialta eile is cosúil. Ó tharla nach bhfuil aon is maith liom ann, ná comhaireamh leantóirí, ná teachtaireachtaí díreacha, ná haischlibeanna, maíonn BeReal gur bealach nua agus uathúil é lena fháil amach cé hiad do chuid cairde i ndáiríre sa saol laethúil. 

Tá an‑tóir ag na déagóirí ar BeReal mar rogha eile seachas an t‑ábhar níos snasta agus eagraithe a bhíonn le feiceáil ar ardáin meán sóisialta eile. 

 

Céard í an aoisteorainn?

Leagtar amach i gCoinníollacha Úsáide BeReal gur do dhaoine atá 13 bliana d’aois agus os a chionn í an aip. Nuair atáthar ag clárú, iarrann an aip dáta breithe an úsáideora air sula gceadófar rochtain uirthi.

 

Príomhghnéithe

  • Ní féidir leis na húsáideoirí ach rud amháin a phostáil in aghaidh an lae, ag am randamach sa lá.
  • Ní féidir leat féachaint ar phostálacha daoine eile mura bhfuil postáil comhroinnte agat féin
  • Ní bhíonn sé de rogha ag an úsáideoir a chuntas a shocrú go Príobháideach nó Poiblí, ach nuair a chomhroinneann sé postáil bíonn sé de rogha aige í a chomhroinnt go príobháideach (Mo chuid cairde amháin) nó go poiblí (Aimsiú)
  • Tá postálacha san fhotha nuachta Aimsithe a comhroinneadh go poiblí agus is féidir le gach duine ar an aip iad a fheiceáil. Ní thaispeántar san fhotha nuachta Príobháideach “Mo chuid cairde amháin” ach postálacha ó chairde.
  • Má roghnaigh na húsáideoirí a bpostálacha a chomhroinnt go poiblí, beidh daoine eile in ann a bpróifíl cuntais a fheiceáil freisin. 
  • Ó tharla nach gceadaítear ach postáil amháin in aghaidh an lae, má fhéachann tú ar phróifíl duine eile, ní fheicfidh tú ach an méid a phostáil siad an lá sin.
  • Cuimsítear leis na pictiúir a comhroinneadh ar BeReal íomhá tógtha go comhuaineach tríd an gceamara tosaigh agus cúil ar do ghléas.
  • Tá tréimhse 2 nóiméad ag na húsáideoirí chun an pictiúr atá siad a chomhroinneadh ar BeReal a ghlacadh.
  • Níl aon rogha eagarthóireachta nó scagtha ag BeReal do phictiúir
  • Níl teachtaireachtaí Díreacha/Príobháideacha, Is Maith Liomanna ná Haischlibeanna ann

 

Príobháideachas agus Sábháilteacht

Roghnaítear na Socruithe príobháideachais in BeReal gach uair a chomhroinneann úsáideoir postáil.

Agus pictiúr á phostáil ag duine, is é an rogha réamhshocraithe ná chun é a chomhroinnt go príobháideach le ‘Mo chuid cairde amháin’, ach is féidir leis na húsáideoirí an socrú a athrú go ‘Cách (Aimsiú)’

Agus Cách, nó Aimsiú, roghnaithe comhroinntear an pictiúr go poiblí le cách ar an bhfotha Aimsithe ar BeReal. Ciallaíonn sé seo gur féidir leis na húsáideoirí ar fad ar BeReal an phostáil a fheiceáil, freagra a thabhairt uirthi, agus bíonn sé de rogha acu thú a chur mar chara leo. 

Ciallaíonn an rogha ‘Mo chuid cairde amháin’ nach féidir ach leis na daoine a bhfuil cairdeas agat leo do phostáil a fheiceáil agus freagra a thabhairt uirthi. 

Beidh do shuíomh le feiceáil ar léarscáil BeReal, mura mbíonn an rogha seo díchumasaithe sula gcomhroinnfidh tú do phostáil. 

 

Tuairisciú agus baic a chur

Má bhíonn postáil míchuí, is féidir an phostáil nó an t‑úsáideoir é féin a thuairisciú. Is féidir é sin a dhéanamh ach na trí phonc ag barr na postála a roghnú, nó próifíl an úsáideora.

 

Is féidir bac a chur ar úsáideoirí, ach faoi láthair níl sé de rogha ag úsáideoirí iOS ‘baic a chur’ – ach tá sé de rogha acu cairdeas a scaoileadh le húsáideoirí.

An méid nach mór a bheith ar eolas ag tuismitheoirí

  • Roghnaítear na socruithe príobháideachais gach uair a roghnaíonn úsáideoir postáil. Is réamhshocrú í an rogha Phríobháideach ‘Mo chuid cairde amháin’, ach is féidir leis na húsáideoirí an rogha Cách (Aimsiú) chun a bpostálacha a chomhroinnt go poiblí ar an aip.
  • Tá na postálacha ar an bhfotha nuachta Aimsithe, tá siad poiblí. Má chomhroinneann na húsáideoirí le cách tríd an rogha Aimsithe, d’fhéadfadh sé a bheith éasca teagmháil a dhéanamh le daoine eile, ach iad a chur le do liosta cairde mar “chara”.
  • Bíonn an socrú suímh cumasaithe go huathoibríoch sula gcomhroinntear postáil, má tá sé seo cumasaithe beidh na húsáideoirí eile in ann do shuíomh a fheiceáil ar an léarscáil BeReal. Má roghnaíonn an t‑úsáideoir rud a phostáil ar an bhfotha nuachta Aimsithe, ciallaíonn sé seo go mbeidh eolas suímh ar fáil d’úsáideoirí nach bhfuil ar do liosta cairde.
  • Ní bhíonn rochtain ag an úsáideoir ar chuid de na gnéithe mura gcomhroinneann an t‑úsáideoir postáil dá chuid féin. Dá mba mhaith leis na húsáideoirí postálacha daoine eile a fheiceáil ar BeReal, caithfidh na húsáideoirí iad féin postáil a chomhroinnt. Cé go gcuirfidh BeReal na húsáideoirí ar an eolas nuair a ghlacann duine seat scáileáin dá bpostálacha, ní féidir leat an líon daoine a fháil amach agus cé hiad féin go dtí go ndéanfaidh tú do phostáil BeReal a chomhroinnt ar ardán meán sóisialta eile nó ar ardán teachtaireachtaí eile. D’fhéadfadh sé seo brú a chur ar dhaoine óga chun postálacha a uaslódáil agus a chomhroinnt de bharr go bhfuil siad ag iarraidh fáil amach céard atá ar bun ag a gcuid cairde, nó chun rochtain a fháil ar eolas breise. 
  • Níl rialúcháin tuismitheoirí ann a ligfeadh cead duit smacht a bheith agat ar na socruithe ar an aip agus chun srian a choinneáil ar an méid atá na húsáideoirí in ann a fheiceáil nó a chomhroinnt.
  • D’fhéadfadh an tréimhse theoranta chun pictiúr a ghlacadh, d’fhéadfadh sé brú a chur ar na húsáideoirí íomhá a chomhroinnt in áiteanna nach mbeadh sé ceart ná cóir pictiúr a ghlacadh iontu. Tá sé tábhachtach go mbíonn na daoine óga ar an airdeall faoin áit a bhfuil siad ann, ionas nach gcomhroinnfidh siad rud éigin míchuí ar líne.

 

Comhairle do thuismitheoirí:

  • D’fhéadfadh go mbraithfeadh na húsáideoirí go bhfuil brú orthu rudaí a phostáil ar BeReal chun postálacha daoine eile a fheiceáil, agus/nó lena fháil amach má ghlac duine seat scáileáin dá bpostálacha. D’fhéadfadh sé a bheith úsáideach tús a chur le comhrá faoi na rudaí sin le do pháiste trí chomhráite leanúnacha a bheith agaibh agus trí na hÁbhair Chainte seo chun féinmheas dearfach a spreagadh ar líne
  • D’fhéadfadh na meáin shóisialta a bheith ina gcabhair chun líon do chairde a mhéadú, ach tá sé tábhachtach plé a dhéanamh ar phríomhrudaí a bhfuil machnamh le déanamh orthu faoi chairdeas a dhéanamh le daoine ar líne, agus faoi na daoine a bhfuil siad ag déanamh teagmháil leo.
  • Cinntigh go dtuigeann do pháiste cén chaoi a n‑oibríonn a aip, chomh maith lena socruithe príobháideachais, cén chaoi chun ábhar míchuí a thuairisciú, agus go bhfuil a fhios aige gur féidir leat teacht chomh fada leat má chuireann rud éigin ar líne isteach air
  • Labhair le do pháiste faoi rudaí a phostáil agus a chomhroinnt ar líne, agus chun machnamh a dhéanamh ar an tábhacht a bhaineann le faisnéis phearsanta agus sonraí suímh a choinneáil sábháilte.
  • TalkListenLearn – Tá comhráite oscailte rialta ar cheann de na bealaí is éifeachtaí chun tacaíocht a thabhairt do do pháiste, agus chun cuidiú lena chinntiú go mbíonn taithí shábháilte agus dhearfach acu. Cuir tús leis ach an Gineardóir Ábhar spraíúil agus idirghníomhach a úsáid darb ainm #TalkListenLearn mar leideanna chun tús a chur le comhráite ar réimse ábhar amhail príobháideachas, sábháilteacht, agus comhroinnt ar líne.