5 rud nach mór a bheith ar eolas ag tuismitheoirí faoi Snapchat

5 rud nach mór a bheith ar eolas ag tuismitheoirí faoi Snapchat

snap-1

Tá go leor déagóirí ag úsáid  Snapchat. Más duine acu do leanbh, seo roinnt rudaí ba chóir a bheith ar eolas agat faoin aip teachtaireachta seo a bhfuil an-tóir ag daoine air.

1. Is féidir leat bac a chur ar úsáideoirí eile

Má tá do leanbh á chiapadh, bulaíocht á déanamh air nó ag fáil teagmháil nach bhfuil sé a iarraidh ar Snapchat, tá rogha ann bac a chur ar úsáideoirí. Nuair a chuirtear bac ar úsáideoirí cuirfear cosc orthu ó Snapanna a chur, féachaint ar Chomhráite nó do Scéalta a fheiceáil. Is féidir leat úsáideoirí a ghlanadh ó do liosta teagmhála freisin. Má ghlanann tú úsáideoirí bainfear iad ó do liosta teagmhála agus cuirfear cosc orthu aon teachtaireachtaí a sheoladh chugat.  Chun tuilleadh eolais a fháil ar bhac a chur ar úsáideoirí agus iad a ghlanadh ó do liosta ar Snapchat, téigh chuig: snapchat.com/a/block-friends

Conas duine éigin ar Snapchat a scriosadh amach 

delete

2. Is féidir mí-úsáid a thuairisciú

Chomh maith le bac a chur ar úsáideoirí eile agus iad a ghlanadh amach, tá sé de rogha ar Snapchat mí-úsáid a thuairisciú. Ba cheart d’úsáideoirí tuairisc a thabhairt do Snapchat faoi aon ábhar míchuí, nó aon chiapadh nó bulaíocht a fheiceann siad. Tá rannán speisialta ar a suíomh gréasáin acu chun mí-úsáid/ábhar míchuí a thuairisciú. Chun tuilleadh eolais a fháil téigh chuig: snapchat.com/co/other-abuse

 alt-1

3. Is féidir leat Snapanna a shábháil

Is rud éagsúil é Snapchat le hais aipeanna eile toisc go n-imíonn teachtaireachtaí as radharc tar éis tréimhse áirithe ama. Ach níl a fhios ag gach duine gur féidir comhráite ar Snapchat a ghabháil agus a shábháil. Cé nach bhfuil an rogha sin ag an aip Snapchat féin tá go leor aipeanna tríú páirtí ar fáil ar féidir iad a úsáid chun íomhánna a ghabháil ar Snapchat. Is féidir le húsáideoirí íomhánna a ghabháil den scáileán ar a bhfón, mar sin féin, insíonn  Snapchat de ghnáth d’úsáideoir go ndearnadh é sin (ní féidir brath go hiomlán air sin).

Snapchat4. Is féidir leat do láthair a roinnt

Tugann Snapchat cead d’úsáideoirí a láthair a roinnt lena gcairde/teagmhálacha ag úsáid Geoscagairí. Má tá seirbhísí láithreach cumasaithe ag úsáideoir ar a bhfón agus na scagairí ar siúl acu i socruithe Snapchat, is furasta ansin do láthair a roinnt. Níl le déanamh ag úsáideoirí lena láthair a roinnt ach svaidhpeáil ar dheis ar an Snap is mian leo a roinnt. Is féidir an rogha sin a dhíchumasú trína chinntiú nach bhfuil socruithe láithreach d’fhóin cumasaithe, is féidir scagairí a mhúchadh freisin i socruithe Snapchat.

 

Conas Geoscagairí a dhíchumasú ar Snapchat 

snapchat-geoscagairí

Chun tuilleadh eolais a fháil ar Geoscagairí téigh chuig: https://support.snapchat.com/a/geofilters

5. D’fhéadfá trioblóid a tharraingt ort féin má shábhálann tú Snapanna míchuí

Is féidir le déagóirí Snapchat a úsáid freisin chun íomhánna pearsanta a sheoladh. Is iomaí úsáideoir óg nach dtuigeann go bhféadfaidís trioblóid mhór a tharraingt orthu féin má shábhálann nó má roinneann siad íomhánna áirithe. Is cion é íomhánna gáirsiúla d’aon duine faoi 17 a chruthú, a bheith i do sheilbh agat, nó a scaipeadh. D’fhéadfadh iarmhairtí tromchúiseacha a bheith aige sin lena n-áirítear  ionchúiseamh coiriúil. I gcásanna ina ndéantar téacsáil ábhar gnéasach nó ‘féinphiceanna ina bhfuil an duine nocht’ a chruthaigh an duine féin, is féidir gurb é an duine sin  cruthaitheoir, dáileoir agus an té a bhfuil ábhar neamhdhleathach ina sheilbh aige. Sna cásanna sin ní mórán suime a chuireann na Gardaí  sa scéal de ghnáth. Ina theannta sin, faoi dhlí cosanta sonraí, tá sé de cheart ag daoine aonair gan a sonraí pearsanta,  lena n-áirítear a n-íomhá, a bhailiú agus a fhoilsiú gan chead. D’fhéadfaí féachaint ar dhuine ar bith a dhéanann ábhar príobháideach, a fhaightear trí téacs d’ábhar gnéasach, a fhoilsiú ar líne mar dhuine atá ag sárú dlíthe cosanta sonraí agus d’fhéadfaí  cás sibhialta a thionscnamh ina c(h)oinne.

Chun tuilleadh eolais a fháil ar shábháilteacht Snapchat téigh chuig: snapchat.com/safety/