Ábhar cainte: Cluichíocht ar Líne

Ábhar cainte: Cluichíocht ar Líne

Seo a leanas roinnt leideanna úsáideacha chun cuidiú leat tús a chur leis an gcomhrá le do leanbh faoi chluichíocht ar líne:

Ábhar cainte

1. An bhféadfá an cluiche is fearr leat a thaispeáint dom?                                                                                           

Smaoineamh maith atá ann eolas a chur ar na cluichí tú féin, cad chuige nach suífeá síos le do leanbh agus ligean dóibh an dóigh a n-imrítear an cluiche a thaispeáint duit. Labhair le do leanbh faoi cad is féidir leo a dhéanamh sa chluiche atá á imirt acu. Cad é cuspóir foriomlán an chluiche, cén rud is fearr leo faoin imirt, agus an bhfuil rud ar bith faoin gcluiche nach dtaitníonn leo.

 

2. An féidir leat an cluiche a imirt in éadan leanaí eile?

Bíonn mód roghnach il-imreoirí i gcuid de na cluichí trínar féidir le do leanbh imirt le daoine eile agus in éadan daoine eile. Déan cinnte go bhfuil tú soiléir faoi cibé an bhfuil tú sásta ligean do do leanbh imirt le daoine eile. Má tá, cuir ceist orthu cé leis a bhfuil siad ag imirt? Cruthaigh rialacha thart air sin a mbeidh an bheirt agaibh sásta leo. Tá ráta ag formhór na gcluichí is féidir a sheiceáil le go bhfeicfidh tú an bhfuil siad oiriúnach d’aois do linbh.

 

3. Cá mhéad ama ba cheart duit a chaitheamh ag imirt? 

Beidh an saol i bhfad níos éasca má tharraingíonn tú an t-ábhar anuas i dtosach; is féidir leis a bheith deacair cleachtais dea-bhunaithe a athrú. Labhair faoin bhfáth a bhfuil sé tábhachtach go mbeadh teorainneacha i bhfeidhm. Deis mhaith atá ann labhairt faoin tábhacht a bhaineann le bheith gníomhach, le bheith amuigh faoin aer, agus le ham a chaitheamh i gcuideachta leanaí eile.  Is tábhachtaí é cothromaíocht oiriúnach a aimsiú.

Coinnigh cuimhne go mbíonn sé deacair srianta a fhorfheidhmiú. D’fhéadfadh sé a bheith deacair chomh maith súil a choinneáil go beacht ar an méid ama atá á chaitheamh acu ag imirt an chluiche. Le roinnt gléasanna is féidir leat rialúcháin tuismitheoirí a úsáid chun teorainneacha laethúla nó seachtainiúla a chur i bhfeidhm go docht. I mórán cásanna, múchtar an gléas a luaithe is a théann sé thar an am a tugadh. Cé go bhfuil sin áisiúil; d’fhéadfadh sé a bheith ina chrá croí do leanbh atá ag iarraidh pointe suntasach a bhaint amach sa chluiche i ndiaidh iarracht mhór a dhéanamh. Molaimid gan a bheith ag brath ar rialúcháin tuismitheoirí amháin. Bain úsáid astu chun tacú le do ghnáthchur chuige tuismitheora.

 

4. An féidir leat comhrá a dhéanamh leis na leanaí eile a bhfuil tú ag imirt leo?

I gcuid mór cluichí is féidir le himreoirí a bheith ag comhrá lena chéile. Aontaígí rialacha faoi sin, fiafraigh de do leanbh cé leis a bhfuil sé ceart go leor labhairt ar líne, dar leo. Pléigh an cineál cainte a mbeifeá ag súil leo a úsáid agus an dóigh a mbeifeá ag súil leo caitheamh le daoine eile. Bí an-soiléir faoi na hiarmhairtí a bheidh ann má úsáideann siad droch-chaint, má bhíonn siad dímheasúil nó mura gcloíonn siad le rialacha eile a aontaíodh. Is féidir leis an mbagairt go mbainfí a bhfáil ar an gcluiche díobh a bheith ina díspreagadh maith ar dhrochiompar.

Seiceáil an bhfuil an rogha sa chluiche an comhrá a dhíchumasú agus an bhfuil modh comhrá shábháilte ann. Le roinnt cluichí ceadaítear cineálacha teoranta comhrá inar féidir le cluichirí cumarsáid a dhéanamh lena chéile trí roghnú ó roghchlár frásaí.  

 

5. Cén cineál faisnéise NÁR cheart a roinnt agus cluichí á n-imirt?

Mínigh dóibh go bhfuil sé tábhachtach gan faisnéis phearsanta ar bith a thabhairt ar líne. I gcás cluichíocht ar líne is smaoineamh maith é gan fíorainmneacha a úsáid do phróifílí cluichí agus gan pasfhocail a roinnt le cairde.

 

6. Cad a dhéanfá dá dtarlódh rud éigin míchuí agus tú ag imirt cluiche ar líne?

Tá sé tábhachtach go bhfuil do leanbh ar an eolas faoi uirlisí socraithe sábháilteachta, príobháideachais agus tuairiscithe. Tá sé chomh tábhachtach céanna go dtuigeann do leanbh gur féidir leo labhairt leat má tharlaíonn rud míchuí ar bith ar líne. Is deis mhaith é seo freisin le do leanbh a spreagadh le himirt go cneasta agus meas a léiriú ar chluichirí eile.

Chun tuilleadh eolais a fháil ar chluichíocht téigh chuig: webwise.ie/parents/play-it-safe